Dúirt an Duinníneach ina fhoclóir gur faitíos an focal atá ag na Connachtaigh agus eagla ag na Muimhnigh.
D’fhéadfadh faitíos do bhuailte a bheith ort nó faitíos nach dtiocfadh duine a gheall go dtiocfadh. Tharlódh sé go mbeadh faitíos do bháis ort.
Tá faitíos orm duit a déarfá le duine a gceapfá go raibh sé i gcontúirt, a mbeadh imní ort nach n-éireodh leis rud eicínt a dhéanamh nó a mbeadh dul amú air.
B’fhéidir aríst gur duine tú nach mbíonn fuacht ná faitíos air.
Déanfaidh mé é ar eagla na heagla a déarfá nuair a bheifeá ag iarraidh a bheith cinnte faoi rud.
Seo leaganacha eile a bhfuil na focla eagla nó faitíos iontu:
Bhí sí sioctha leis an eagla—ní raibh sí in ann corraí le faitíos.
Bhí eagla uirthi gur drochscéala a bheadh ann nuair a chonaic sí é—bhí a croí ina béal nuair a chonaic sí é.
Bíonn eagla orthu dul amach san oíche.
Faitíos is cúis leis an madra a bheith trodach.
Eagla an domhain a chur ar dhuine, eagla a chroí a chur ar dhuine.
Níl iasc sa bhfarraige is mó a bhfuil faitíos ag na soithí roimhe ná an bairneach—de bhrí gur ar na carraigeacha a chothaíonn sé.
Is minic a chuir gunna folamh faitíos ar bheirt – bíonn faitíos roimh ghunna i gcónaí.
Bíodh faitíos ort agus ní baol duit—ní ghabhfaidh cladhaire i gcontúirt.
Is furasta faitíos a chur ar chladhaire.
Bíonn faitíos ar an leanbh dóite roimh an tine.
An té a bhuailtear sa gceann bíonn faitíos air.
Is maith an grá é an faitíos.
Ar eagla na heaspa is maith a bheith coimeádach.
Is mairg a mholfadh le heagla go gcáinfeadh—ná mol duine ar bith ar fhaitíos go mbeadh ort é a cháineadh.
Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Is mairg a mholfadh le heagla go gcáinfeadh…'