Nach deas é? Go ndéana sé maith agus sláinte dhuit…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Go ndéana sé maith agus sláinte dhuit…

Go ndéana sé maith agus sláinte dhuit.

Sin é a dúirt mo bhean chéile liom an oíche faoi dheireadh nuair a d’inis mé di gur ól mé gloine bainne. Is iomaí guí eile atá ann ar son na sláinte freisin.

Seo cuid acu:

Sláinte agus saol agat, bean ar do mhian agat, talamh gan chíos agat ó Bhealtaine amach.

Go bhfága Dia do shaol agus do shláinte agat.

Sláinte gan slaghdán chugat. Nuair a dhéanadh duine sraoth a deirtí é sin.

Sláinte na bhfear is go maire na mná i bhfad, agus sláinte gach duine nach molfadh go deo ach an ceart.

Seo é do shláinte ó sháil go hioscaid, agus nár fhága muid seo go raibh muid ar meisce.

Sláinte an bhradáin agat, croí folláin agus gob fliuch.

Tá leaganacha cainte eile fós ann a bhaineann leis an tsláinte:

Ní mórán le cois na sláinte a bhí agam a déarfadh duine nach raibh a dhóthain airgid aige i dteach an óil.

Caithfear deachú na sláinte a íoc, a deirtí corruair. Míniú amháin a bhí air sin go n-íocfaidh chuile dhuine airgead dochtúra am eicínt in imeacht a shaoil.

Ar ndóigh bhí neart seanfhocal ann i gcónaí ag moladh na sláinte:

Is fíor gur fearr an tsláinte mhór, ná na táinte bó amuigh ar féar.

Is furasta d’fhear na sláinte caintiú réidh leis an bhfear breoite.

Is milis an féirín í an tsláinte, agus is searbh a bheith gan í.

Is fada caol a thigeas an tsláinte, ina tuile mhór an easláinte.

Tús sláinte codladh.

Deireadh sláinte osna.

Fág freagra ar 'Nach deas é? Go ndéana sé maith agus sláinte dhuit…'