NACH DEAS É? Gach aon rud á chur ar an bhfear bodhar…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Gach aon rud á chur ar an bhfear bodhar…

Gach aon rud á chur ar an bhfear bodhar – ar an bhfear nach féidir leis é féin a chosaint de bharr gan é a bheith i láthair nó a bheith marbh.

Bíonn daoine bodhar ar ndóigh, chomh bodhar le slis, le cloch, le tuairgín, le taobh an bhalla, le bodhrán. Chloisfeá toirneach bhodhar scaití—tormáil toirní, toirneach i bhfad ó bhaile. Deirtear gur síon gan dochar an cineál sin toirní.

Thabharfadh sé ba bodhra as coillte a déarfaí faoi dhuine a bheadh ag caoineadh go hard.

Bíonn móin bodhar nuair a bhíonn sí deacair a lasadh. Bíonn adhmad bodhar nuair a bhíonn sé críonta, lofa. Bodharuisce a thugtar ar uisce marbh, uisce nach mbíonn ag rith. D’fhéadfadh do chos a bheith bodhar – gan aon mhothú a bheith inti. Tharlódh sé go mbeadh bodhaire Uí Laoghaire ort—go mbeifeá ag ligean ort féin nach raibh tú in ann rudaí nár fheil dhuit a chloisteáil. B’fhéidir gurbh fhearr leat an chluas bhodhar ar fad a thabhairt do dhuine sa gcás sin. Níor mhaith dhuit an cóiste bodhar a fheiceáil san oíche—cóiste as an gcéad saol eile agus fear gan ceann á threorú. Duine bodhránta a thugtaí i Maínis ar shórt pleib de dhuine.

Seo leaganacha eile cainte a bhfuil an focal bodhar iontu:

Bhí siad ag éirí bodhar ina gcuid oibre –ar nós chuma liom.

Ní dochar duine a bheith bodhar mura n-aithnítear air é.

Má tá tú bodhar níl tú balbh—leis an duine a chuireann a ladar isteach gan iarraidh.

Níl Máire bodhar ná Nóra balbh—go bhfuil daoine ag éisteacht a scaipfidh an scéal: leide do chainteoir a bheith ina thost. Tá poll ar an teach leagan eile air.

Níl ag an bhfear bodhar ach lán a chluas a thabhairt leis—féachaint leis an méid a deirtear a thuiscint.

Gach aon rud á chur ar an bhfear bodhar. Nach deas é?

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Gach aon rud á chur ar an bhfear bodhar…'