D’fhuaraigh sé é. Má chloiseann tú an leagan cainte sin ná bí a cheapadh gur duine eicínt a chuir bia nó deoch sa gcuisneoir. Is éard a chiallaíonn sé gur leag sé duine le buille agus gur fhág sé gan aithne gan urlabhra é.
Níor fágadh mothú ná arraing ann.
D’fhéadfaí leaganacha mar é a úsáid cé go mb’fhéidir go mbeadh beagán mothú fágtha fós sa té a leagadh. Seo cuid de na leaganacha sin:
Shín sé é.
Rinne sé scraith de. Tá mé a cheapadh gur fuisce a rinne scraith de, a dúradh faoi dhuine a thit ar meisce.
Leag sé amach é le dorn.
Thug sé leithead a dhroma den talamh dhó.
Rinne sé crúbadán de.
Rinne sé créip de.
Rinne sé smíste de.
Rinne sé mart de.
Maidir leis an bhfuarú, d’fhéadfá a rá gur tháinig fuarú beag i gcás gur éirigh an ghaoth níos crua beagán. Fuair muid fuarú a thug isteach go caladh í, a déarfadh bádóir faoi bhád.
Scéal fuar a thugtaí ar scéal a bhíodh deacair a chreidiúint.
Balla fuar a thugtaí ar bhalla gan aon mhoirtéal idir na clocha.
Fallaí fuara a dhéanann bean tí guagach.
Nuair is fuar é an teachtaire is fuar é an freagra… mura mbíonn aon tábhacht leis an teachtaire ní bhfaighidh sé freagra sásúil.
Ní bhfuair mé fuaradh ná fliuchadh mo bhéil – ní bhfuair mé deoir le n-ól.
An té a bhíonn amuigh fuaraíonn a chuid.
Níl sé le fáil fuar ná bruite – níl sé le fáil ar chor ar bith.
D’ith sé fuar beathach na bairnigh – d’ith sé bairnigh gan róstadh.
Tá sé ag fuarú as an tinneas go maith anois— is gearr go mbeidh sé ar a sheanléim aríst.
Fuarmhallacht Dé ort – eascaine.
An grá nach bhfuil sa láthair fuaraíonn sé.
Sinéad
leagan eile a Sheosaimh – ‘Fuaraíodh sé sa gcraiceann ar théigh sé ann’
Seosamh Ó Cuaig
An-deas a Shinéad. Go raibh maith agat. Is é an trua nach gcuirfeadh tuilleadh daoine leaganacha cainte isteach.