Nach deas é? D’fheannfadh sé dreancaid ar a craiceann

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

nach deas e

D’fheannfadh sé dreancaid ar a craiceann a déarfaí faoi dhuine a bheadh crua faoi airgead—sprionlóir, cníopaire, ainniseoir, baorthach, cráiteachán, scrúile, cágaire, scanróir, scrabhdóir, scríbín, scríobálaí, truailleachán.

Chuiridís ar bhealach eile  i Mionlach na Gaillimhe é:  is túisce a d’fhuipeálfadh sé dreancaid go Bleá Cliath ná thabharfadh sé lascaine dhuit.

Droch-eallach iad na dreancaidí céanna. Bhí mé ite ag na dreancaidí, a déarfadh spailpín fadó nuair a chuirtí i leaba é a mbíodh siad fairsing inti.

Go deimhin bhí leagan cainte ann a mhíníodh nach raibh rud ar bith ní ba mheasa ná teach deataigh ar bheagán fataí agus leaba dhreancaideach.

Ba mheasa ná sin do chás dá mbeadh feannadh gaoithe isteach an doras. Bheifeá chomh mór as do mheabhair sa deireadh go bhféadfadh sé go mbeifeá chomh luaineach ar an leaba leis an dreancaid féin.

Tá cineál eile dreancaidí ann a dtugtar dreancaidí beaga dubha orthu.  Sa talamh a bhíonn siad. Bhíodh foghail mhór á déanamh acu ar shíolta beag óga a bhíodh aníos.

Is iomaí leas is féidir a bhaint as an bhfocal sin feannadh.

An scian is géire feannadh sí atá sa seanfhocal. Is minic a chuimhneofá gur maith an cur síos ar chóras an rachmais é.

Tá aimsir ghéar in ann feannadh a dhéanamh: d’fheannfadh an aimsir seo gabhar.

Dá mbeadh drochthalamh in áit is éard a déarfaí go bhfeannfadh an áit sin naoscach.

I gás gur áit rite agus an-fhuar a bheadh ann  ní thabharfaí de thuairisc air ach go bhfeannfadh sé na fiacha dhubha ann nó gur áit é a d’fheannfadh na cait.

Is minic beirt ag feannadh a chéile le caint bhinbeach.

Dá n-éireodh go dona leat agus tú ag imirt chártaí déarfá gur feannadh thú ag na cártaí.

Dá mbeifí ag iarraidh ort a bheith san airdeall agus súil ghéar a choinneáil ar chuile rud b’fhéidir go n-ordófaí dhuit do shúil a choinneáil feannta.

Dá mbeadh caora feannta agat bheadh an craiceann bainte di agat ach dá labhrófaí ar bhean a bheith feannta, is amhlaidh go mbeadh an iomarca dá craiceann le feiceáil, go mbeadh sí leathnocht.

D’fheannfadh sé dreancaid ar a craiceann… Nach deas é?

Fág freagra ar 'Nach deas é? D’fheannfadh sé dreancaid ar a craiceann'