NACH DEAS É? Dá shine an gabhar is ea is crua a adharc

Mír rialta faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Dá shine an gabhar is ea is crua a adharc

Is ionann adharca a chur ar dhuine agus a dhéanamh amach gur drochdhuine é, gur diabhal é.

Fear na n-adharc a thugtar ar an diabhal. Bíonn fear na n-adharc siúlach a deirtear – bíonn sé gnóthach i gcónaí.

Bíonn daoine in adharca a chéile scaití—ag sárú ar a chéile, ag gleo, ag achrann, in árach a chéile.

Is iomaí cineál adhairce ann:

Adharc fiaigh, adharc cheoigh, adharc seilide, adharc dhúigh, adharc phúdair, adharc diallaite, adharc ancaire, adharc inneonach, adharc ghluaisteáin (bonnán), adharc seilge, scian cois adhairce.

Bíonn fianna ag adharcáil a chéile — ag troid leis na hadharca.

Bhíodh miosúr ann ar a dtugtaí adharc —thógfadh sé trí adharc le dhá ghloine shiopa a dhéanamh.

Seo leaganacha eile cainte a bhfuil an focal adharc iontu:

Tharraing sé isteach a chuid adharc — lig sé faoi.

Gaoth a shíobfadh na hadharca den eallach.

Adharca a bhíos ar chaoirigh agus ar bheithígh. Nuair a bhíos na hadharca iompaithe chun a chéile ar dhéanamh leathfháinne, adharca cúbacha iad. Adharca croma nó adharca scartha cineálacha eile.

Bíonn gunnaí adhairce ar gach aon taobh den tsrón. Goiríní adhairce a thugtar in áiteacha orthu.

In adharc gabhair – i gcruachás, idir dhá thine Bhealtaine, i ngalar na gcás.

Ba mhór i gceist bó na leath-adhairce san amhrán.

Rachadh sé isteach in adharc gabhair – le faitíos.

Dá shine an gabhar is ea is crua a adharc – dá shine an duine is amhlaidh is láidre a thréithe.

Chomh crua le hadharc pocaide.

Bainne cíche circe, á bhleán in adharc muice, agus cleite cait á shuaitheadh – raiméis de leigheas a thug dochtúir don té a bhí ag ligean air a bheith tinn.

Téann an bainne in adharca na mbó sa ngeimhreadh – ní bhíonn siad ag tál an oiread bainne.

Ar adharca a bheirtear ar na ba is ar theanga ar na mná.

Bíonn adharca fada ar na ba thar lear.

‘Tá beirt agaibh ann,’ mar a deir an gabhar lena adharca.

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Dá shine an gabhar is ea is crua a adharc'

  • Pádraig O'hEipicín

    Is minic a mbionn fear céile agus máthair a chéile, in adharc a chéile