NACH DEAS É? Cosmhuintir na hÉireann

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Cosmhuintir na hÉireann

Fiafraíodh díom le gairid an diúltach nó dearfach atá an focal cosmhuintir? Is cosúil go raibh an dá bhrí leis ach gur moladh seachas masla a bhíonn ann anois.

Deirtear i bhfoclóir Uí Dhónaill gur ‘hangers on: followers, dependants’ iad ach deirtear freisin gur ‘poor people, proletariat’ iad. Cá bhfuil an Cumannach nach nglacfadh le cosmhuintir ar proletariat?

Diúltach ar fad atá an míniú ar an bhfocal ag an Duiníneach – ‘children, servants, inferiors, camp-followers, beggars, tramps’. Spéisiúil go leor, bhí an tuiscint chéanna orthu a bheag nó a mhór i gcaint Ros Muc. Dream nach mbeadh an oiread sin iarraidh orthu a bhí iontu a deirtí ansin. Dream a thiocfadh ag bainis nó eile gan cuireadh.

Dúirt Tomás Laighléis as Mionlach gurb í an chosmhuintir do chuid gaolta ón gcol is gaire dhuit go dtí an ghlúin ghaoil is faide amach agus go dtagann gaol cleamhnais isteach leis chomh maith. Seo rud a déarfaí ar seisean, ‘má thugann siad cuireadh na bainise dhá gcosmhuintir ar fad, le bhfuil acu dhíobh is mór a bheas ann’.

Tugann sin muid go dtí míniú an lae inniu. Dúirt an tUachtarán Cearbhall Ó Dálaigh go mbeadh sé “mar dhuine comónta, mar dhuine de chosmhuintir na hÉireann” feasta nuair a fiafraíodh de céard a bheadh ar bun aige tar éis dó éirí as oifig de bharr gur mhaslaigh an tAire Cosanta Paddy Donegan é.

Scríobh Liam Ó Murchú leabhar dar teideal Cosmhuintir. Bródúil a bhí sé gur cosmhuintir a bhí sa dream as ar fáisceadh é.

Deirtear sa mbunachar náisiúnta téarmaíochta gur ‘grassroots’ iad an chosmhuintir. Is dócha gurb é sin a bhí dream as Fianna Fáil a chur i gcéill nuair a bhunaigh siad grúpa dar teideal “Cosmhuintir Fianna Fáil” (sic) le gairid.

Is gearr ó dúirt an Teachta Dála Catherine Connolly an chaint seo a leanas sa Dáil agus í ag moladh Leo Varadkar as a spéis sa nGaeilge: ‘Má leanann sé ar aghaidh leis an nGaeilge, gheobhaidh sé amach go bhfuil ardmheas ag cosmhuintir na tíre seo ar an meitheal, nuair a thagann daoine le chéile ag obair as lámh a chéile ar son leas na tíre, seachas ar son lucht an rachmais.’

Fágfaidh muid an focal deireanach ag an gCairdinéal Tomás Ó Fiaich. Bhí an abairt seo aige in alt a scríobh sé: “Here with all their soul-stirring memories were the cosmhuintir (ordinary people) of Irish tradition on the march, and true to their name they marched de shiúl na gcos (on foot)”.

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Cosmhuintir na hÉireann'

  • Eoin O Murchu

    Ní cuimhin liom an fhoinse, ach thuigeas gur ó aimsir an drochshaoil a thainig an téarma is gurbh iad na daoine a raibh orthu cónaí cois bhóthair (nuair a díbríodh as a gcuid tithe iad is gur scriosadh na tithe céanna). Ní raibh maoin dá laghad acu, proletariat i gceart.
    Dála an scéil nach hfuil focal ag na filí ar phroletariat, i. clann lópais (plebs na Laidine, agus p caillte mar a tharla sna teangacha ceilteacha).

  • Seosamh Ó Cuaig

    Labhair an file Tomás Rua Ó Súilleabháin faoi “Dríodar na mbroscán clann Thomáis an Lópais”.

  • Séamas de Barra

    Séamas de Barra
    Bhí seanchomhairle ag Pádraig Ua Maoileoin, trócaire air: ‘Ná labhair leis na cosa má bhíonn an ceann sa láthair.’ Tá an leagan sin i bhFoclóir Gaeilge–Béarla Néill Uí Dhónaill –– feic leat cos 3. Déarfainn gur ó Phádraig a fuair Niall an leagan sin.
    Chomh fada le ‘clann Lóbais/Lópais’ de, rinne mise amach blianta ó shin gurbh é Tomás Dubh Buitléir, an 10ú hIarla ar Urumhain, an fear a raibh údar Phairlement Chloinne Tomás ag sá chuige leis an ainm Tomás Mór Mac Lóbais a chur ag obair.
    Creidimse anois nárbh ea, ach gurbh é Thomas Cairdinéal Wolsey, a bhí i gceist ag an údar sin. Ba é Wolsey tánaiste Anraí VIII i gcúrsaí cumhachta i Sasana ar feadh i bhfad, ach thit an bheirt acu amach le chéile, agus cailleadh Wolsey sa bhliain 1530, sularbh fhéidir d’Anraí VIII fáil réidh leis é féin. William Tyndale, Protastúnach radacach a d’aistrigh an Bíobla go Béarla. Bhí Tyndale ag aontú an–mhór i gcúrsaí diagachta le Protastúnaigh Shoiscéalacha Zurich, agus b’éigean dó dul ar a theitheadh chun na Bruiséile, mar gur eiriceach ba ea é dar le comhairleoirí Anraí VIII. Sa bhliain 1536 thángthas sa Bhruiséil air, agus chuir údaráis na Bruiséile chun báis é. Foilsíodh leabhar le Tyndale sa bhliain 1530 dar teideal The Practyse of Prelates, mar a dtugann sé ó thalamh do Wolsey é. Comhfhocal atá sa sloinne Wolsey de ‘wolf = mac tíre’ agus ‘sige’, focal seanda Béarla a chiallaíonn ‘bua’. ‘Wolfsee’ a thugann Tyndale ar Wolsey sa saothar sin, agus ‘this wily wolf’. Bhí an ghráin dhearg ag Caitlicigh ar Wolsey ar feadh na gcéadta bliain mar gur tuigeadh dóibh gurbh é Wolsey a mhol d’Anraí VIII ó thús a iarraidh ar an bPápa pósadh Anraí VIII le Catalina na hArgóine a fhógairt a bheith ar neamhní. Ní lú ná sin an ghráin a bhí ag Protastúnaigh Radacacha ar Wolsey.
    Is é an t–aon áit amháin in Éirinn ar cuid de logainm an t–ainm ‘Lóbas’, i bParóiste Dlí Fhán Lóbais i mBarúntacht Chairbrigh Thoir (an Roinn Thiar) sa taobh thiar theas de Cho. Chorcaí. Tá ainm Fomhóraigh ann arb é ‘Lóbus’ é. Ba iad na Fomhóraigh scríobadh an bhairille dar leis na Sean–Ghaeil. Bhí port oireachais de chuid na mBarrach gairid go leor d’Fhán Lóbais, Tigh Molaige i mBarúntacht Uí Bhána agus Bharraigh Rua, soir ó dheas ó Fhán Lóbais. Déanaimse amach gur iasacht dhéanach ón Laidin is ea ‘Lóbus’, agus gurb é lupus an focal bunaidh Laidine, focal a chiallaíonn ‘mac tíre’. Rinne mé amach 30 bliain ó shin gurbh é Dáibhidh Ó Bruadair údar an Dá Leabhar de Phairlement Chloinne Tomáis. Is gnách go ndéantar amach gur ó Charraig Thuathail, i mBarúntacht Bharraigh Mhóra ar an taobh thoir de Chathair Chorcaí ba ea Dáibhidh Ó Bruadair. Faoi mar a tharlaíonn, is sloinne é ‘Ó Bruadair’ de chuid Chorca Laoighdhe, is é sin, an ceantar céanna ina bhfuil Fán Lóbais. Bhí Ó Bruadair mór le Barraigh Thigh Molaige, agus bhí siad seo ina bpátrúin air. Gach uile sheans gur i gcomharsanacht Charraig Thuathail a cuireadh oideachas ar Ó Bruadair, agus é sin le cabhair na mBarrach, ach gur ó Chorca Laoighdhe go bunúsach ba ea Ó Bruadair. Tá sé seo pléite agamsa leis an Dr Dara Binéid, údar ar Dháibhidh Ó Bruadair, agus ní chuirfeadh Dara as an áireamh a bhfuil á áitiú agamsa.
    Tá focail i nGaeilge Iarthar Mumhan nach é -b a bhíonn ina lár ná ina ndeireadhach -p: píp, píopaire, píopán.