‘Coiglím an tine seo mar a choiglíonn Críost cách Muire ina himeall agus Bríd ina lár.’
Sin tús ar phaidir.
Dhéantaí an tine a choigilt sa gcaoi agus go mbeadh sméaróid fanta inti do thine na maidine.
D’fhéadfá airgead nó bia a choigilt. Níl coigilt ar bith inti a déarfaí faoi bhean nach mbeadh tíosach, barainneach, bainistíoch, cnuaisciúnach.
D’fhéadfá do neart a choigilt. Níor choigil sé a dhícheall a déarfaí faoi dhuine a dhéanfadh a dhícheall.
Bíonn peacaí coigilte ann – peacaí nach n-admhaítear.
Nach coigilte an duine é—nach rúnmhar an duine é.
Sliocht Loingsigh na féile nár choigil an fiach, a dúirt Raiftearaí ina amhrán faoi Chill Aodáin.
‘Coigilt tine le loch
Nó caitheamh cloch le cuan
Comhairle a thabhairt do bhean bhorb
Nó buille de ribe ar iarann fuar.’
Sin ceithre rud nach mbíonn mórán toraidh orthu.
Fág freagra ar 'NACH DEAS É? ‘Coiglím an tine seo, mar a choiglíonn Críost cách’'