Cuirtear i mo leith scaití go mbím ag tarraingt aird rómhór sna dréachtaí beaga seo ar ainmneacha gránna a thugtar ar mhná. Ní bheidh sin le rá liom inniu. Seo liosta d’ainmneacha deasa orthu: Bláth bán na finne, maighdean na gile, ainnir mhín, an ghéag gheal, bé, báb, bruinneall, céirseach, cúileann, faoileann, ríon, spéirbhean, geanasóg, lachóigín, lúibín, maighre, meabhróg, méaróg, muirneog, néamhann, plandóg, plúirín, plúróg, buinneán, ceapaire, féileacán fómhair, macaomh mná, maiseog, planda de chailín óg, scafaire mná, cailín sciobalta, cailín siosctha, slat de chailín, steafóg girsí.
Bláth bán na finne. Nach deas é?
Fág freagra ar 'Nach deas é? Bláth bán na finne…'