Na ‘Underdogs’ ag dul chun páirce athuair agus TG4 ag súil go mbeidh na ‘madraí lathaí’ ina máistrí arís

Tá athbheochan á déanamh ag TG4 ar an tsraith Underdogs a thugann deis d’imreoirí nár imir peil idirchontae cheana imirt in aghaidh foireann mór le rá

Na ‘Underdogs’ ag dul chun páirce athuair agus TG4 ag súil go mbeidh na ‘madraí lathaí’ ina máistrí arís

Tá TG4 ag lorg peileadóirí do shraith nua den chlár teilifíse clúiteach Underdogs, an tsraith inar tugadh deis do Kieran Donaghy sular bhain sé áit amach ar fhoireann Chiarraí.

Cuireadh tús leis an tsraith Underdogs ag tús na mílaoise le deis a thabhairt d’imreoirí nár imir peil idirchontae cheana teacht le chéile faoi stiúir traenálaithe mór le rá agus cluiche a imirt i gcoinne ceann de na foirne is fearr sa tír.

D’imir roinnt de na peileadóirí a ghlac páirt sa tsraith dá gcontaetha féin, Kieran Donaghy Chiarraí agus Pearse O’Neill Chorcaí, beirt a bhuaigh boinn Uile-Éireann ina measc.

Tá sé deich mbliana ó tháinig deireadh leis an tsraith dheiridh de Underdogs ach tá TG4 agus Adare Productions anois ag cuardach na ‘madraí lathaí’, mar a thugadh Mícheál Ó Muircheartaigh orthu, in athuair. Murab ionann agus na sraitheanna roimhe seo, is painéal saineolaithe a bheidh ina roghnóirí an turas seo. I measc na roghnóirí sna sraitheanna roimhe seo, bhí Ó Muircheartaigh, Brian Mullins agus Mickey Ned O’Sullivan.

Deirtear go mbeidh painéal nua roghnóirí aitheanta ann don tsraith nua i mbliana agus go dtabharfaidh an fhoireann aghaidh ar cheann de na foirne peile is fearr sa tír.

Fir nár imir cluiche i gCraobh Shinsir Peile na hÉireann riamh atá á lorg ag lucht léirithe an chláir agus beidh trialacha ann ar fud na tíre an mhí seo.

Is féidir cur isteach ar an gclár anseo.

Fág freagra ar 'Na ‘Underdogs’ ag dul chun páirce athuair agus TG4 ag súil go mbeidh na ‘madraí lathaí’ ina máistrí arís'

  • Carraig

    ‘Íochtaráin’ …focal deas air seo arna bhunú ar ‘íochtar’ (an bainbhìn nach bhfuil sine ann dó de ghnáth) agus contrárthacht an fhocail ‘uachtarán’ …i gcead do MD.

  • Jamie Ó Tuama

    Ag súil go mór leis!