‘Ná tabhair deoir bhainne d’aon duine inniu’ agus 30 piseog eile Lá Bealtaine

Féile mhór a bhí sa mBealtaine ag na Gaeil agus is iontach go deo an lear seanchais agus pisreog atá fúithi. Seo blaiseadh beag ón gcartlannn as Bailiúchán na Scol

‘Ná tabhair deoir bhainne d’aon duine inniu’ agus 30 piseog eile Lá Bealtaine

Ná lig splanc ná tine amach as an teach inniu.

Ná cuir amach an luaith mar bíonn anamacha na marbh sa ngríosach.

Ná tabhair deoir bhainne d’aon duine inniu.

Ná bíodh do shimléar ar an gcéad cheann a mbeidh deatach as.

Ná déan maistreadh inniu murar mian leat go mbeadh an t-im ag an slua sí.

Ná téigh ag iascach.

Ná cart aon chréafóg.

Ná leag aon chrann nó beidh feiceáil agat go deo ar an slua sí.

Nigh d’éadan sa drúcht le héirí gréine agus ní dhófaidh grian an tsamhraidh thú.

Buail amach le breacadh an lae agus nigh do lámha sa drúcht agus beidh tú in ann gach rud atá in aimhréidh a réiteach.

Ná codail amuigh oíche Bhealtaine.

Ná pós mí na Bealtaine.

Fág plaic le n-ithe le hais do leapa san oíche mar má chloiseann tú an chuach ar do chéalacan, an mí-ádh a leanfaidh thú.

Má bhíonn an chuach agus na fáinleoga sa tír seo Lá Bealtaine beidh barraí maithe ann an bhliain sin. (Tá an chuach thart anseo le coicís).

Ná hathraigh aon bheithíoch go dtí buaile eile inniu.

Ná caith amach aon uisce ar an tsráid.

Ná caith amach uisce na gcos le titim na hoíche.

Ná tabhair bláth na sceiche gile isteach sa teach más leat an t-ádh a bheith ort.

Ba cheart cró na mba a bheith faoi ghlas agat aréir ar eagla go mblífí na beithígh i rith na hoíche.

Ná bain aon luachair inniu.

Má chasann tor aitinn ort sa mbearna las é agus seol na beithígh tríd an tine (seachain dóiteáin).

Má theastaíonn leigheas uait ar easpa, rua, tinneas cinn nó tinneas fiacla inniu an lá le dul go dtí an bhean leighis.

Oíche Bhealtaine an tráth is fearr le luibheanna a bhailiú.

Cuir gad féithleoige ar lámh cheaintín na leamhnachta inniu.

Síol ar bith nach bhfuil sa gcré agat faoi seo, ‘síol cuaiche’ é agus ní aibeoidh sé.

Inniu do sheans le plandaí cabáiste agus cál a chur in ainm na Maighdine.

Ná tabhair ainm ainmhí ar aon duine inniu.

Ar ndóigh tá an drochbhraon ann freisin:

Más fút im do chomharsan a ghoid, éirigh roimh lá agus gabh amach agus tú ag rá ‘im an bhaile seo i mo channa’

Bí ag faire ar an gcéad deatach as simléar le him agus ádh an tí sin a sciobadh

Croch leat buarach as cró na gcomharsan an mhaidin seo agus beidh a gcuid bainne agat féin

Gabh amach leis an maidneachan agus tabhair leat smeachóid i mblaosc uibhe agus cuir é i ngarraí na comharsan agus is agatsa a bheidh a bharr sa bhfómhar.

Pisreoga ó Chonamara

Bhí go leor pisreoga ann faoi Lá Bealtaine. Ní chuirtí amach aon bhainne chor ar bith an lá sin, dá gcuirtí ní bheadh an t-ádh ar na beithígh ar feadh na bliana aríst.

Oíche Bhealtaine chuirtí ruainne caorthainn os cionn an dorais ar fhaitíos go dtabharfadh na sióga na daoine nó na beithígh leo. Chuirtí gad (féithleoige) ar láimh an cheaintín a mbíodh an leamhnacht ann Lá Bealtaine ar fhaitíos go dtabharfadh na sióga an bainne leo.
Bhíodh seanbhean ag gabháil thart fadó ag cruinniú ime Lá Bealtaine agus mura bhfaigheadh sí é, deireadh sí go dtabharfadh sí léi an t-im ar fad.

– Siobhán Ní Churraoin,
An Chloich Mhóir,
Conamara.
Óna hathair Maitiú (70bl) a fuair sí an t-eolas

Dá n-éireofá ar maidin roinnt moch Lá Bealtaine agus dhá dtéifeá amach ar an tsráid agus breathnú i do thimpeall ní fheicfeá deatach as aon teach. Chuimhneofá ort féin go mbíonn pisreoga ag daoine inniu gan tine a chur síos go bhfeicfidh siad deatach as teach éigin eile mar dá mba thusa an chéad duine a chuirfeadh síos tine agus deatach a bheith as do shimléar ar an gcéad shimléar ar maidin, déarfadh na seandaoine nach mbeadh an t-ádh ort an bhliain sin. Ní chuireann daoine amach aon luaith an lá sin ach an oiread.

– Áine Ní Fhágharta,
Baile na hAbhann,
Conamara.
Ó Learaí Ó Biath a fuair sí an t-eolas

Fág freagra ar '‘Ná tabhair deoir bhainne d’aon duine inniu’ agus 30 piseog eile Lá Bealtaine'