Na ‘síochánaithe’ mar chuid den fhadhb a mhaíonn siad a bheith ag iarraidh a réiteach

An réiteach atá ag ‘síochánaithe’ ar chruachás na hÚcráine ná neamhaird a dhéanamh de ghuthanna mhuintir na hÚcráine

Na ‘síochánaithe’ mar chuid den fhadhb a mhaíonn siad a bheith ag iarraidh a réiteach

Mariupal, Bucha, Izium, sibhialtaigh céasta agus curtha chun báis, páistí éignithe agus fuadaithe óna muintir, dílleachtaí agus glúin iomlán d’aos óg dhá thír ag marú a chéile i gclábar oirthear na hÚcráine – is iadsan fíorthragóid ionradh na Rúise ar an Úcráin. Ach ceann d’iliomad fothragóidí an ionraidh mar atá sciar suntasach síochánaithe tar éis páirt a ghlacadh i ndioscúrsa an chinedhíothaithe i gcoinne mhuintir na hÚcráine. Tá a fhios againn gur síochánaithe iad mar deir siad linn é go hard agus go rialta. Tá siad siúd ‘i gcoinne an chogaidh’ nó ‘ar son na síochána’ agus éinne nach n-aontaíonn leo, nó fiú éinne a chuireann faisnéis nach mian leo a chloisteáil ar fáil, tá siad ‘ar son an chogaidh’ nó ‘i gcoinne na síochána’.

Nílim ag caint ar dhaoine a chreideann go hionraic gur gá don Úcráin cuid dá dtailte a ghéilleadh chun tubaiste níos mó, dar leo a sheachaint, ach atá ionraic faoi cad tá ag tarlú sa tír sin agus atá ionraic faoi cad a d’fhéadfadh a bheith i ndán don phobal Úcránach agus Tatar sna críocha gafa i bhfianaise Bucha agus coireanna cogaidh eile na Rúise. Nílim ag caint ach oiead faoi gach duine a shíleann go ndearna an tIarthar botúin i dtaca leis an Rúis agus an Úcráin sna blianta roimh an mór-ionradh.

Táim ag trácht ar na ‘síochánaithe’ a dhéanann athchúrsáil ar na tróip fhrithÚcránacha atá in úsáid mar údar ag an Rúis dá gcogadh cinedhíothúil i gcoinne na hÚcráine – ‘coup’, ‘Naitsithe’, ‘géarleanúint ar chainteoirí Rúisise’, agus príomhúdar an ionraidh, ‘ní fíornáisiún í an Úcráin’.

Scaipeann na ‘síochánaithe’ bréaga ar nós, nach bhfuil aon difríocht idir an Rúisis agus an Úcráinis, nó gur Rúisigh eitneacha an tromlach in oirthear na hÚcráine, nó nach raibh aon stát Úcránach ann roimh 1991 in ainneoin gur bunaíodh an chéad stát neamhspleách Úcránach ceithre bliana roimh bhunú stát na hÉireann.

Is é an príomhbhunús a bhí ag an Rúis leis an gcogadh ‘Ní fíornáisiún í an Úcráin’. Thug Putin é sin le fios ina aiste Maidir le haontacht stairiúil na Rúise agus na nÚcránach, a foilsíodh díreach roimh thús an ionraidh.

Ag tús an ionraidh shíl na Rúisigh nach mbeadh i gceist ach éilít na hÚcráine a mharú nó a dhíbirt agus ansin go dtuigfeadh an chosmhuintir gur Rúisigh iad. Diaidh ar ndiaidh, áfach, b’éigean dóibh glacadh leis gur beag Úcránach ar theastaigh uathu a bheith ina Rúisigh, rud a chuir tús le díospóireacht faoi conas déileáil leis an bhfadhb sin.

Réiteach amháin, níos mó agus níos mó daoine a mharú. Mar a dúirt an gallóglach Rúiseach Igor Mangushev agus cloigeann saighdiúir marbh de chuid na hÚcráine ina ghlac aige: ‘Táimid i mbun cogaidh in aghaidh smaoinimh, agus caithfear gach duine a bhfuil an smaoineamh seo acu a mharú.’ Réiteach eile iad a dhíbirt. Dúirt an láithreoir raidió agus teilifíse mór le rá Sergey Mardan, go mbeadh sé ‘i bhfad níos éasca’ don Rúis ‘gach duine nach bhfuil ábalta dílseacht a léiriú a dhíbirt go críocha eile’.

Ach dar leis an eolaí polaitiúil Rostislav Ishchenko agus é ag scríobh do na meáin stáit, cé go mbeadh an cur chuige seo éifeachtach, bheadh sé ‘an-chostasach daoine a chur chun báis nó iad a dhíbirt ar scála mór’.

Is fíor dó. B’in an fáth gur chruthaigh na Naitsithe na seomraí gáis. Mhol Ishenko bealach níos saoire, dar leis.

Roghnófaí daoine go speisialta chun téacsleabhair scoile a scríobh ionas ‘go gcuirfí eolas ar fáil don pháiste Úcránaithe le go dtuigfeadh sé gur Rúiseach atá ann i ndáiríre, ach gur ghabh eiriceacht an Úcránachais seilbh ar an ghlúin dheireanach dá shinsir’.

Bheadh ar lucht bolscaireachta an stáit ‘smaoineamh simplí a chur ina intinn – is Rúiseach an tÚcránach’. Dar leis nach fada go n-iompódh gach aon Úcránach ina Rúiseach, seachas an tÚcránach nach bhfuil an “leibhéal forbartha intleachta” aige é sin a dhéanamh. Agus chomh simplí leis sin bheadh an Réiteach Deireanach ar an bhfadhb Úcránach agat. Is ionann seo agus an argóint liobrálach i ndioscúrsa poiblí na Rúise.

Is soiléir, arís agus arís eile, ó chaint na Rúise na himpleachtaí ó thaobh an chinedhíothaithe de a bhaineann leis an nóisean seo nach fíornáisiún í an Úcráin. Caithfear an bréagnáisiún a scrios ar ais nó ar éigean.

Mar sin nuair a úsáideann na ‘síochánaithe’ na tróip fhrithÚcránacha, cothaíonn sé roinnt deacrachtaí follasacha dóibh ó thaobh na príomhaidhme a mhaíonn siad a bheith acu: síocháin. Ní fhéadfadh an Rúis a chur ina luí ar ghlúin iomlán fear óg páirt a ghlacadh i gcogadh cinedhíothach i dtír eile gan an dioscúrsa cinedhíothach atá mar bhunús leis, dioscúrsa a bhfuil na ‘síochánaithe’ ag tacú leis. Fágann sin go bhfuil na ‘síochánaithe’ ina gcuid den fhadhb a mhaíonn siad atá siad ag iarraidh a réiteach.

An dara fadhb nuair a chleachtann tú an dioscúrsa sin nach aon iontas é go bhfeictear do na hÚcránaigh go bhfuil tú ag taobhú leis an Rúis agus gur namhaid tú. Cailleann tú dá bharr aon seans a bhí agat rud éigin a dhéanamh a ar son na síochána, seachas díreach a bheith ag mothú go maith fút féin toisc go bhfuil tú ag labhairt amach ‘ar son na síochána’.

An tríú fadhb ná nuair a cheanglaítear an argóint ar son comhréiteach leis an Rúis le bolscaireacht na Rúise, cinntítear nach dtabharfar cluas le héisteacht duit lasmuigh de bholgán idé-eolaíochta na ‘síochánaithe’.

Agus an ceathrú fadhb atá ann ná seo – ní chleachtfadh a leithéid de dhioscúrsa ach duine atá gan aithne ar Úcránaigh, duine nach labhraíonn le hÚcránaigh, duine nach bhfuil fiú fiosrach faoi mhianta, tuairimí agus eispéireas na nÚcránach nó duine nach bhfuil spéis ar bith acu a bheith ag éisteacht le guthanna mhuintir na hÚcráine.

A luaithe is a chaitheann tú am ar bith ag éisteacht le muintir na hÚcráine – agus níl sé deacair teacht orthu in Éirinn – cuirfidh tú eolas ar thír agus ar chultúr atá gach pioc chomh bailí lenár gceann féin agus cuirfidh tú aithne ar dhaoine a bhfuil na mianta, na suáilcí agus na duáilcí céanna, a bheag nó a mhór, acu is atá againn féin.

Ar nós daoine gach áit tá claonadh míchaoithiúil ag muintir na hÚcráine gan luí isteach go néata leis na réamhchlaonta idé-eolaíochta atá ag daoine eile fúthu. An réiteach éilíteach atá ag na ‘síochánaithe’ air seo ná neamhaird a dhéanamh de ghuthanna mhuintir na hÚcráine.

Ach ní féidir síocháin a bhaint amach san Úcráin gan na hÚcránaigh.

Fág freagra ar 'Na ‘síochánaithe’ mar chuid den fhadhb a mhaíonn siad a bheith ag iarraidh a réiteach'

  • Gabriel Rosenstock

    https://pacifism.org.ua/en/about
    Ní dóigh liomsa gurb ann don eagraíocht ar a dtugtar an Ukrainian Pacifist Movement (thuas) chun go mothóidh na baill “níos fearr fúthú féin”, mar a mhaíonn Fachtna. Measaim go bhfuil síochánaithe na hÚcráine agus síochánaithe an domhain trí chéile maslaithe ag Fachtna leis an gcaint sin; go deimhin, tá féinmhaslú déanta aige le caint den sórt sin.
    Mar a dúirt an Dr Yurii Sheliazhenko, ba chóir náire a bheith orthu siúd a shéanann an tsíocháin mar níl cogadh ag teastáil ó éinne ach ó bhrabúsaithe:
    https://worldbeyondwar.org/lets-stand-with-peace-and-shame-on-peace-deniers/

  • Garry Bannister

    Is iad na daoine céanna a bhíonn taobh thiar de gach cogadh – an coimpléasc tionsclaíoch míleata nó iad siúd a dhéanann brábús mór as airm. Caitfimid tarraingt siar beagáinín beag chun an pictiúr mór a fheiceáil. Cé a rinne airgead as Vitneam, as buamáil na Cambóide, as an scrios sa Laos, as an ionradh a rinneadh ar an Iaráic agus ar an Afganastáin, ar an tSiria, ar an Libia? Cé tá ag déanamh airgid as an chogadh millteanach atá ar siul anois san Úcráin agus as an chinedhíothú sa Phalaistín? Cogadh ina dhiaidh cogaidh agus saoránaigh bhochta a íocann astu uile lena mbeatha? Tacaíonn mise i gcónaí le síochánaí ar bith atá in aghaidh cogaidh. Ná bímis ró-thapa ach oiread chun an locht iomlán a chur ar thaobh amháin i gcogadh. Ní mór beirt bheith ann le tangó a dhamhsa. Anois táthar ag iarraidh cogadh a thosú leis an tSín agus nach bhfuiltear ag bagairt cogaidh ar an Iaráin le blianta?! Nuair a bheidh an domhan ar fad scriosta againn i gcogaí fuilteacha gan chiall, beidh cúpla pleidhce le fáil fós gan aon amhras ag maíomh gur bhuaigh siadsan an cogadh. Níl aon bhuaiteoir i gcogadh ar bith ach amháin na puipéadóirí – lucht an úis.

  • sderóiste

    An peaca marfach anois e a bheith ar son na síochána is ag iarraidh stop a chur le marú Ucráinigh agus Rúisigh? Leathmhilliún Úcráinigh óga maraithe, deirtear, i gcogadh nach féidir leo buachaint. Cé mhéad Ucráinigh is R.uisigh eile atá le bás d’fháil sula mbeidh Fachtna sásta glacadh le síochain in ionad chogaidh?

  • Dónall Ó Mearáin

    Tá an ceart ag Fachtna maidir leis an náisiúntacht. Bíonn sé deacair a rá cad is náisiún ann, agus pé scéal é tá na cearta céanna tuillte ag daoine más Úcránaigh iad nó Rúisigh. Ach tá dhá bhotún san alt. Ní haon tróp frithÚcránach é a rá gur tharla coup d’etat i 2014, agus go bhfuil Naitsithe sa tír. Is fíricí iad seo, mar is eol d’achan duine a fhiosraíonn an scéal.

  • Vitaly

    “Ag tús an ionraidh shíl na Rúisigh nach mbeadh i gceist ach…”

    Led thoil, a Fhachtna, sa chéad alt eile – níl “na Rúisigh” sa chomhthéacs seo, ach “Uachtarán na Rúise”, nó “Rialtas na Rúise”. GRMA as do thuiscint.

  • Fachtna Ó Drisceoil

    GRMA Vitaly.