Tá tábhacht níos mó ná riamh le hidirdhealú idir ‘Naitsíochas’ agus ‘Nua-Naitsíochas’

Tá sé tábhachtach go mbeadh aon phlé ar an Nua-Naitsíochas san Úcráin cruinn agus tomhaiste

Tá tábhacht níos mó ná riamh le hidirdhealú idir ‘Naitsíochas’ agus ‘Nua-Naitsíochas’

Tugaim faoi deara go bhfuil claonadh i roinnt daoine an téarma ‘Naitsíoch’ a úsáid nuair atá siad, mar shampla, ag trácht ar reisimint Azov. Tugaim seo faoi deara go háirithe i measc daoine atá báúil le leagan na Rúise de scéal na coimhlinte.

Tagraíonn an téarma ‘Naitsíoch’ do Pháirtí Sóisialach Náisiúnta na nOibrithe Gearmánacha a bhí gníomhach idir 1920 agus 1945, páirtí a raibh Hitler ina cheannaire air agus a chruthaigh idé-eolaíocht an Naitsíochais. Úsáidtear na téarmaí ‘Nua-Naitsithe’ agus ‘Nua-Naitsíochas’ i dtaca le gluaiseachtaí tar éis 1945 a bhfuil bá acu le hidé-eolaíocht an Naitsíochais. Bhí baint ag Nua-Naitsithe le bunú chathlán Azov (mar a tugadh air ar dtús) agus is ábhar conspóide cén rian den Nua-Naitsíochas atá fós ann ó tógadh é faoi scáth an Gharda Náisiúnta agus ó d’fhág na ceannairí a bhí luaite leis an Nua-Naitsíochas.

Ach i mbolscaireacht na Rúise is ionann ‘Naitsíochas’ sa lá atá inniu ann agus Náisiúnachas Úcránach. Sa chiall sin den ‘Naitsíochas’ is cinnte gur reisimint ‘Naitsíoch’ é Azov mar bheadh duine ar bith a throideann go deonach ar son na hÚcráine ina ‘Naitsíoch’ agus ‘Naitsithe’ a bheadh san Uachtarán Zelensky agus a rialtas iomlán. Go deimhin, de réir bholscaireacht na Rúise ‘Naitsíoch’ duine ar bith atá den tuairim gur náisiún aisti féin ar leithligh ón Rúis í an Úcráin. Dúirt Dmitry Medvedev, cathaoirleach Chomhairle Slándála na Rúise agus iarUachtarán agus iarPhríomh-Aire na Rúise, gur Naitsithe ab ea gach uile phearsa stairiúil de chuid na hÚcráine san fhichiú haois. Tá fianaise ann go bhfuil an úsáid seo den fhocal ‘Naitsíoch’ mar chuid den reitric chinedhíothach i gcoinne mhuintir na hÚcráine. Mar shampla dúirt an tEacnamaí Rúiseach Mikhail Khazin go bhfuil ‘scata milliún duine san Úcráin nach bhfuil dílis don Rúis’ agus gur ‘gá roinnt de na daoine seo a dhíothú agus an chuid eile acu a dhíbirt’. Dúirt sé gur chóir an ‘Rúis Nua’ a aontú leis an Rúis le ‘dínaitsiú iomlán, dí-úcráiniú iomlán’.

Nil aon easpa fianaise ach an oiread go bhfuil an reitric chinedhíothach sin á cur i bhfeidhm ag fórsaí na Rúise san Úcráin. De réir tuairiscí ó eagraíochtaí cearta daonna, dúirt saighdiúirí Rúiseacha a bhí i mbun coireanna cogaidh i gcoinne sibhialtach (céasadh, cur chun báis, éigniú) in Bucha agus in áiteanna eile go raibh siad ar thóir ‘Naitsithe’. Tuairiscíodh gur cuireadh chun báis ar an bpointe duine ar bith a raibh tatú d’armas náisiúnta na hÚcráine orthu. Bhí sé suntasach gur de bharr go ndúirt sé an mana ‘Slava Ukraini’ nó ‘Glóir don Úcráin’ a cuireadh an saighdiúir Úcránach Oleksandr Igorevich Matsievskyi chun báis ar an bpointe. Tháinig físeán den eachtra sin chun solais le déanaí.

Tá slad ag tarlú ar an mbonn gur gá ‘Dí-Naitsiú’ a dhéanamh ar an Úcráin, agus dá bharr sin tá sé an-tábhachtach, go mbeadh aon phlé ar an Nua-Naitsíochas san Úcráin cruinn, tomhaiste agus bunaithe ar fhianaise ó fhoinsí údarásacha neamhspleácha.

Tá sé tábhachtach focail a roghnú go cúramach nuair a bhíonn impleachtaí tromchúiseacha ag baint leo. I bhfianaise reitric chinedhíothach na Rúise i dtaca leis an Úcráin agus chur i bhfeidhm fuilteach na reitrice sin, tá tábhacht níos mó ná riamh le hidirdhealú a dhéanamh idir ‘Naitsíochas’ agus ‘Nua-Naitsíochas’.

Ba leithscéal é an t-aineolas sular tháinig an fhianaise faoi cad ba bhrí le ‘Dí-Naitsiú’ chun solais in Bucha agus in áiteanna eile san Úcráin. Ní haon leithscéal é an t-aineolas níos mó.

Fág freagra ar 'Tá tábhacht níos mó ná riamh le hidirdhealú idir ‘Naitsíochas’ agus ‘Nua-Naitsíochas’'

  • Gabriel Rosenstock

    https://www.moonofalabama.org/2022/04/azovreplist.html
    Níl a fhios agam cad is na ‘foinsí údarásacha neamhspleácha’ seo a dtagraíonn Fachtna dóibh.
    Liosta, le do thoil! An mbeadh an blag Moon of Alabama ina measc?