Na seaimpíní i mbaol agus obair le déanamh ag an nGearmáin agus na babhtaí díbeartha linn

Ní dhéanfaí iontas ar bith de dá n-éireodh leis an Eilvéis an ceann is fearr a fháil ar an Iodáil sa chéad chluiche inniu agus beidh na Gearmánaigh ag súil le taispeántas maith i gcoinne na Danmhairge

Na seaimpíní i mbaol agus obair le déanamh ag an nGearmáin agus na babhtaí díbeartha linn

Pic: INPHO/Laszlo Geczo


Comharsana a bheidh ag tabhairt aghaidh ar a chéile sa chéad dá chluiche i mBabhta an 16 ag EURO 2024 agus na dreamanna atá scartha ag na hAlpa, an Iodáil agus an Eilvéis, le haghaidh a thabhairt ar a chéile tráthnóna i mBeirlín. 

Theastaigh cúl Mattia Zaccagni ón Iodáil san ochtú nóiméad d’am cúitimh chun comhscór a bhaint amach i gcoinne na Cróite lena n-áit a fháil sa chéad bhabhta eile agus cé gurb iad curaidh reatha na Euros, tá obair mhór le déanamh acu más leo fanacht seal eile sa Ghearmáin. 

Bhí na hIodálaigh lag go maith sa chluiche sin Dé Luain seo caite agus bhíodar uafásach ar fad i gcoinne na Spáinne sa chluiche roimhe sin. Bhí an cúl báire, Gianluigi Donnarumma, ar dhuine de na himreoirí ab fhearr a bhí ar fhoireann Luciana Spaletti go dtí seo, rud a insíonn a scéal féin. 

Bhí an cosantóir Riccardo Calafiori ar dhuine de na himreoirí eile a thuill suntas. Ní hamháin go raibh sé stuama go maith sa chosaint ach bhí sé éifeachtach agus an liathróid ina sheilbh aige agus ba é a chruthaigh an deis chinniúnach do Zaccagni i gcoinne na Cróite. Ar an drochuair tá Calafiori ar fionraí anocht, buille mór do na hIodálaigh. 

Léirigh na hEilvéisigh a gcumas sa chluiche deireanach i gcoinne na Gearmáine agus mí-ádh ceart orthu nár éirigh leo an cluiche a bhaint. Chinntigh an cúl deireanach ag Niclas Füllkrug na Gearmáine gur chríochnaigh na foirne ar comhscór ach beidh an-mhuinín faighte ag na hEilvéisigh óna dtaispeántas. 

Cé go n-éiríonn leo na babhtaí díbeartha a bhaint amach go minic ag mórchomórtais, is annamh go n-éiríonn leis na hEilvéisigh toradh suntasach a bhaint amach ach bhí ceann de na torthaí gan choinne ba shuntasaí acu ag na Euros deireanacha nuair a dhíbir siad an Fhrainc ón gcomórtas ar chiceanna éirice. 

Tá cosaint láidir acu faoi láthair le leithéidí Manuel Akanji agus Fabian Schär, is é Granit Xhaka an ceannaire i lár na páirce agus tá an choisíocht acu sna tosaithe chun deacrachtaí go leor a chruthú don Iodáil.

Toni Kroos. Pic: INPHO/Ryan Byrne

Tar éis dóibh tús dochreidte a chur leis an gcomórtas leis an ngreadadh 5-1 a thug siad d’Albain, tá an Ghearmáin tite siar beagáinín agus a dhóthain brú ar Julian Nagelsmann anois taispeántas maith a chinntiú i gcoinne na Danmhairge anocht. 

Bhí an t-ádh ar an nGearmáin an comhscór a bhaint amach i gcoinne na hEilvéise sa chluiche deireanach i nGrúpa A agus ní fhacthas aon chuid den chomhimirt shnasta, shlachtmhar siúd a rinne scrios ar Albain agus a thug tús maith do na Gearmánaigh sa chluiche i gcoinne na hUngáire. 

Chuir an Eilvéis na Gearmánaigh faoi bhrú nuair a bhí seilbh acu ar an liathróid ach d’fhéadfadh go mbeadh beagáinín níos mó ama acu ar an liathróid anocht agus an Danmhairg sásta suí siar agus cosaint a dhéanamh gar dá gcúl féin. 

Beidh ar İlkay Gündoğan, Jamal Musiala, Kai Havertz agus Florian Wirtz obair go crua chun deiseanna a chruthú ach déarfá go n-aimseofar bearnaí ag pointe éigin. 

Bhí na Danmhargaigh socair go maith go dtí seo sa chomórtas agus ar comhscór a chríochnaigh na trí chluiche a bhí acu. Ba iadsan ab fhearr i gcoinne Shasana sa dara cluiche ach ní rabhadar in ann aon deiseanna maithe a chruthú tar éis do Morten Hjulmand an cúl iontach sin a scóráil, ceann den dá chúl atá aimsithe ag an Danmhairg sna trí chluiche. 

Beidh na Gearmánaigh d’uireasa duine dá gcosantóirí céad rogha mar tá Jonathan Tah ar fionraí agus beidh le feiceáil cén chuma a bheidh ar Antonio Rüdiger, a bhí ag streachailt le gortú i rith na seachtaine, mar sin féin ba cheart go mbeadh siad sách maith chun na babhtaí ceathrú ceannais a bhaint amach. 

Fág freagra ar 'Na seaimpíní i mbaol agus obair le déanamh ag an nGearmáin agus na babhtaí díbeartha linn'