Na scórtha Úcránach maraithe in ionsaí ‘mímhorálta’ na Rúise

Moch maidin inniu a rinne fórsaí na Rúise mór-ionsaí míleata ar an Úcráin agus tuairiscíodh gur scaoileadh diúracáin agus pléascáin in aice le cathracha móra

Na scórtha Úcránach maraithe in ionsaí ‘mímhorálta’ na Rúise

Tá na scórtha saighdiúir de chuid na hÚcráine marbh agus rialtas na tíre sin ag gealladh go ndéanfar “cosaint thréan” ar an tír.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin “gur sárú náireach ar mhoráltacht agus ar bhunphrionsabail an dlí idirnáisiúnta” a bhí in ionsaí na Rúise.

Dúirt sé go raibh gníomhartha Uachtarán Putin na Rúise i leith an hÚcráine “mímhorálta agus ag gabháil ó thuiscint air” agus go ngearrfaí “smachtbhannaí a bheadh dian agus leitheadach” ar an Rúis.

Gheall an Taoiseach go seasfadh an tír seo gualainn ar ghualainn le muintir na hÚcráine.

“Táimid ag smaoineamh ar phobal neamhchiontach na hÚcráine agus ar an gcruachás ina bhfuil siad,” a dúirt sé.

Tharla pléascáin i gCív, Kharkiv agus áiteanna eile sa tír aréir agus bhí na sluaite de mhuintir na príomhchathrach ag teitheadh as Cív.

Gheall uachtarán na Stát Aontaithe, Joe Biden go gcuirfí smachtbhannaí “diana” i bhfeidhm ar an Rúis ach go bhfaigheadh “an t-uafás daoine bás” de bharr an ionsaithe.

Cháin Jens Stoltenberg, Ard-Rúnaí Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh [NATO], “ionsaí contúirteach gan údar” na Rúise, ionsaí a deir sé a bhí “danartha agus réamhpleanáilte le fada an lá”.

Agus í ag caint sa Bhruiséil, dúirt Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula Von Der Leyen go gcalcfadh an tAontas Eorpach sócmhainní na Rúise agus go gcuirfí cosc le rochtain bhancanna na Rúise ar mhargadh airgeadais na hEorpa.

Chuirfí bearta i bhfeidhm freisin a lagódh cúrsaí teicneolaíochta sa Rúis idir chomhpháirteanna ardteicneolaíochta agus bhogearraí úrnua.

Bhí iarrachtaí taidhleoireachta ar bheagán tairbhe ar siúl ag ceannairí san Eoraip le cúpla seachtain d’fhonn cogadh a sheachaint ach ba léir dóibh go raibh uaillmhianta eile ag an Uachtarán Putin.

Moch maidin inniu a rinne fórsaí na Rúise mór-ionsaí míleata ar an Úcráin agus tuairiscíodh gur scaoileadh diúracáin agus pléascáin in aice le cathracha móra.

Agus go leor den tuairim gurb é seo an t-ionsaí is measa a rinne stát amháin ar stát eile san Eoraip ó tharla an Dara Cogadh Mór, rinne na Rúisigh ionsaí san aer, ar talamh agus ar muir.

Tá fórsaí míleata na hÚcráine ag maíomh gur thug siadsan ar a laghad sé aerárthach de chuid na Rúise chun talún ach gur maraíodh ar a laghad daichead dá gcuid trúpaí féin. Tá tuairiscí ann chomh maith gur maraíodh sibhialtaigh.

“Maidhm foréigin” in aghaidh na hÚcráine a thug Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson ar ionsaí na Rúise.

Tá sé ráite ag an Ríocht Aontaithe, an tAE agus comhghuaillithe eile an Iarthair go gcuirfear smachtbhannaí níos déine fós ar an Rúis ach nach seolfar aon trúpaí chun na hÚcráine.

Tharraing Joe Biden cruinniú de Chomhairle Náisiúnta Slándála na Stát Aontaithe chun géarchéim na hÚcráine a phlé.

Tá rabhadh tugtha ag an Uachtarán Vladimir Putin go n-íocfadh aon duine a thabharfadh faoin Rúis go daor as “ar an bpointe boise”.

Tá roinnt tíortha san Eoraip atá ar theorainn na hÚcráine ag réiteach do phlód teifeach – an Pholainn, an tSlóvaic agus an Ungáir.

Fág freagra ar 'Na scórtha Úcránach maraithe in ionsaí ‘mímhorálta’ na Rúise'

  • Mary Dooley

    Cen fath nach cloisimid tada o na Naisiunta Aontatha, nach bhfeidir leo agallamh a thosnu idir an Ruis agus na na tirthe pairteach den NATO?

  • Mary Dooley

    Duirt Fintan O Toole san IT an deireadh seachtaine chaite gur bhris NATO a briathar, rudai a gheall siad i 1989 tar eis titim an mBalla in mBerlin.