Na Sasanaigh agus na Danmhargaigh lán dóchais go bhfuil áit dóibhsean sa chluiche ceannais

Tá cinneadh mór le déanamh ag Gareth Southgate maidir le cén córas imeartha a úsáidfidh sé sa chluiche leathcheannais in aghaidh na Danmhairge anocht

Na Sasanaigh agus na Danmhargaigh lán dóchais go bhfuil áit dóibhsean sa chluiche ceannais

Sasana v An Danmhairg – 8pm

D’fhéadfadh an bua 4-0 in aghaidh na hÚcráine ag an deireadh seachtaine an-mhaitheas a dhéanamh d’fhoireann seo Shasana agus iad ag iarraidh mórchomórtas sacair a bhuachan den chéad uair le 65 bliain.

Ba mhaith an spreagadh d’fhoireann Gareth Southgate na Gearmánaigh a bhualadh ach tá borradh faoin bhfoireann anois agus na hÚcránaigh curtha de dhroim seoil acu go héasca. Fillfidh siad ar Wembley anocht agus iad lán de mhisneach.

Tá cinneadh le déanamh ag Southgate cé acu an úsáidfidh sé an córas 4-3-3 a d’oibrigh chomh maith sin in aghaidh na hÚcráine arís nó an mbainfidh sé úsáid as córas 5-2-3 chun súil a choinneáil ar chúlaithe cliatháin na Danmhairge, mar a rinne Sasana in aghaidh na Gearmáine.

Cinnte, caithfidh na Sasanaigh srian a choinneáil ar Joakim Mæhle. Bhí an cúlaí clé ar fheabhas go dtí seo in EURO 2020 agus léirigh an pas a thug sé do Kasper Dolberg sa chluiche a bhuaigh an Danmhairg in aghaidh Phoblacht na Seice an cumas atá ann.

Má choinníonn Southgate leis an gcóras 4-3-3, seans go roghnóidh sé Bukayo Saka ar an gcliathán deas chun an chosaint a neartú, ach má fhilleann Sasana ar an 5-2-3, d’fhéadfadh go mbeadh Saka, Mason Mount nó Jadon Sancho san iomaíocht don spota sin.

D’imir na foirne seo in aghaidh a chéile faoi dhó anuraidh i Sraith na Náisiún agus is maith is eol do Southgate gur theip ar Shasana scóráil sa dá chluiche sin, comhscór 0-0 a bhí i gCóbanhávan agus bua 1-0 ag an Danmhairg i Londain. Cuireadh Harry Maguire den pháirc tar éis leathuair an chloig sa chluiche sin in Wembley agus ghéill Sasana cic éirice nuair a rinne Jordan Pickford botún a dhéanamh. Seans mar sin féin gur beag cosúlacht a bheidh idir an cluiche sin agus ceann na hoíche anocht.

Córas 4-3-3 a bhí in úsáid ag an Danmhairg anuraidh agus iad ag brath go mór ar Christian Eriksen, a bhí ar fheabhas. Ní bheidh Eriksen ar fáil anocht, ar ndóigh, agus tá córas 3-4-3 in úsáid anois ag bainisteoir na foirne, Kasper Hjulmand.

Scóráil Sasana trí chúl le buillí cinn in aghaidh an hÚcráine ach is deacra i bhfad a bheidh sé sin a dhéanamh anocht agus Andreas Christensen, Simon Kjær, agus Jan Vestergaard tar éis cruthú go hiontach i lár na cosanta don Danmhairg.

Tugann Thomas Delaney agus Pierre-Emile Højbjerg tuilleadh cosanta dóibh agus fágtar an imirt chruthaitheach faoi leithéidí Mæhle agus Mikkel Damsgaard. Trí chúl atá scóráilte ag Kasper Dolberg le cúpla cluiche anuas freisin.

Beidh an dá fhoireann seo lán dóchais go bhfuil deis iontach acu cluiche ceannais an chomórtais a bhaint amach. Is iontach a chruthaigh an Danmhairg ón tús uafásach a chuir siad leis an gcomórtas agus tá Sasana ag dul ó neart go neart ag an am ceart.

Beidh suas le 60,000 duine i láthair in Wembley anocht agus ag tacú le Sasana a bheidh formhór mór acusan. Níl cead ach ag 1,000 duine taisteal ón Danmhairg go dtí an cluiche in Wembley ach cuireadh 5,000 ticéad eile ar fáil do dhaoine ón Danmhairg a bhfuil cónaí orthu i Sasana. Mar sin féin, beidh beagnach 90% díobh siúd a bheidh i láthair ar a mbionda ag spreagadh imreoirí Shasana chun an cluiche seo a bhuachan.

Fág freagra ar 'Na Sasanaigh agus na Danmhargaigh lán dóchais go bhfuil áit dóibhsean sa chluiche ceannais'