Na poist mhóra san AE líonta agus uachtarán nua parlaiminte tofa

Fágann toghadh David Sassoli go bhfuil na poist mhóra go léir a bhí le líonadh san AE líonta

Na poist mhóra san AE líonta agus uachtarán nua parlaiminte tofa

David Sassoli, Ursula von der Leyen agus Christine Lagarde

Tá David Sassoli, sóisialaí agus iar-iriseoir as an Iodáil, tofa ina uachtarán ar Pharlaimint na hEorpa.

345 den 667 feisire parlaiminte a thacaigh le Sassoli a fuair an ceann is fearr ar thriúr eile.

Fágann toghadh an Iodálaigh, atá 63 bliain d’aois, go bhfuil na poist mhóra go léir a bhí le líonadh san AE líonta anois.

Tagann Sassoli i gcomharbacht ar Antonio Tajani, Iodálach eile a bhí ina uachtarán ar an bparlaimint ó 2017.

Chinn rialtais bhallstáit an AE inné aire cosanta na Gearmáine, an coimeádaí Ursula Von der Leyen a ainmniú ina huachtarán ar an gCoimisiún Eorpach.

Beidh an t-iar-aire airgeadais de chuid na Fraince agus ceannasaí an IMF, Christine Lagarde i gceannas ar Bhanc Ceannais na hEorpa.

Ina chéad óráid mar uachtarán na parlaiminte dúirt David Sassoli gur gá cur i gcoinne “víreas” an náisiúnachais aintoiscigh san Eoraip. Dúirt sé gur gá leasú a dhéanamh ar an AE agus go háirithe ar chóras an AE maidir le lucht iarrtha tearmainn.

Tar éis cainteanna fada, socraíodh gurbh í Ursula von der Leyen a d’ainmneofaí le teacht i gcomharbacht ar Jean-Claude Juncker, an chéad uair gur ainmníodh bean mar uachtarán ar an gCoimisiún Eorpach.

Cuirfear ainmniúchán von der Leyen faoi bhráid na bhfeisirí parlaiminte ag cruinniú in Strasbourg ar an 15 Iúil agus níor mhór do mhóramh tacú leis.

Beidh Christine Lagarde ar an gcéad bhean le dul i bhfeighil ar Bhanc Ceannais na hEorpa má ghlactar lena hainmniúchán.

Roghnaíodh Príomh-Aire liobrálach na Beilge Charles Michel le teacht i gcomarbacht ar Donald Tusk mar Uachtarán ar an gComhairle Eorpach. Josep Borrell, aire gnóthaí eachtracha na Spáinne agus iaruachtarán Pharlaimint na hEorpa, atá ainmnithe le bheith i gceannas ar pholasaí gnóthaí eachtracha agus slándála an AE.

As an gCatalóin do Borrell atá i gcoinne an fheachtais ar son neamhspléachas na Catalóine.

Fág freagra ar 'Na poist mhóra san AE líonta agus uachtarán nua parlaiminte tofa'