Chruinnigh na mílte cois cladaigh i mBré ar maidin, mar a raibh corp Shinéad O’Connor á aistriú go dtí láthair a hadhlactha ag seirbhís phríobháideach.
Stop an tsochraid lasmuigh den teach a mbíodh Sinéad O’Connor ina cónaí ar feadh 15 bliain, agus chaith daoine bláthanna os cionn an eileatraim, a raibh bratacha Bród agus LGBTQ+ crochta trasna air.
Go moch ar maidin a thosaigh an slua ag bailiú taobh amuigh den teach agus fágadh go leor bláthanna agus cártaí ann.
Bhí ceol Bob Marley agus a amhrán ‘Natural Mystic’ le cloisteáil ó veain a bhí ar cheann na sochraide.
Dúirt muintir O’Connor go dtabharfaí deis do dhaoine ómós a thabhairt di nuair a rachadh a sochraid tríd an mbaile i gCill Mhantáin.
Príomh-Iomám Ionad Ioslamach na hÉireann, Dr Umar Al-Qadri, a bhí i mbun na bpaidreacha ag an tseirbhís agus dúirt sé gur fhulaing Sinéad O’Connor an-chuid cruatain le linn a saoil ach gur thug a cuid ceoil sólás mór do dhaoine ar fud an domhain.
“Bhí glór ó nádúr aici ar éirigh leis dul i bhfeidhm ar ghlúin daoine óga agus bhainfeadh sí na deora as an éisteoir lena cumas diamhair.”
Dúirt sé go raibh an dóchas “go bhféadfá do shlí a dhéanamh abhaile i gcónaí” le brath chomh maith i nglór Shinéad.
Tógáil croí a bhí ina cuid ceoil do dhaoine ar fud an domhain, a dúirt Umar Al-Qadri.
D’fhreastail an Taoiseach Leo Varadkar ar an tsochraid, agus dúirt Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn go mbeadh sé féin agus a bhean Saidhbhín ag freastal ar an tseirbhís sochraide.
Dúirt an tUachtarán gur léirigh an racht bróin i ndiaidh bhás an amhránaí agus an t-ómós mór a bhí léirithe ag daoine dá saothar an lorg mór a d’fhág sí ar mhuintir na hÉireann.
“Saothar ar leith Shinéad, léirigh sé an taithí a bhí aici ar bheith an-leochaileach ach chomh maith leis sin bhí cruthaitheacht dhiamhair ag baint léi a shocraigh sí a chur trasna lena glór, a ceol agus a hamhráin.”
Thángthas ar chorp Shinéad O’Connor ina hárasán i Londain ar an 26 Iúil. Bhí sí 56 bliain d’aois.
Ó shin i leith, tá ómós á léiriú ag daoine ar fud an domhain don amhránaí atá aitheanta mar dhuine de na ceoltóirí is fearr, is suaithinsí agus is neamheaglaí lena linn.
Fág freagra ar 'Na mílte cruinnithe cois cladaigh i mBré le slán a fhágáil le Sinéad O’Connor'