Na meáin ar a n-oilithreacht bhliantúil go dtí Cill Airne ach radharc ar bith ar aire Gaeltachta

Na meáin ar a n-oilithreacht bhliantúil go dtí Cill Airne ach radharc ar bith ar aire Gaeltachta

Na meáin ar a n-oilithreacht bhliantúil go dtí Cill Airne ach radharc ar bith ar aire Gaeltachta

An tseachtain seo caite a thosnaigh na Gaeil ar an oilithreacht bhliantúil go dtí Oireachtas na Samhna i gCill Airne, na meáin Ghaeilge san áireamh. Gach n-aon in earnáil na Gaeilge ag rith le brothall. Bhí míreanna ar Nuacht TG4 ar an gCéadaoin agus Déardaoin mar aon le clár beo ó Chiarraí ar an Aoine. Bhíothas ag sluaisteáil chugainn ar líne chomh maith céanna agus gan dabht dhein Raidió na Gaeltachta clúdach cuimsitheach ar imeachtaí na féile agus cláracha breátha ar nós An Saol Ó Dheas againn.

Ar an gCéadaoin bhí na Gradaim Chumarsáide á sruthlú beo ag TG4 agus ar an Déardaoin cuireadh na hagallaimh bheirte, na hamhráin saothair, sceitseanna agus comórtas sean-nós na bhfear os ár gcomhair ar an scáileán agus ar an raidió.

Bhí meitheal 7Lá luite amach orthu féin chomh maith agus clár beo uair an chloig ag teacht ón INEC ar an Déardaoin.

Clár toirtiúil, téagartha a bhí anseo. Ní cúrsaí pléaráca ná Oireachtais a bhí idir chamáin ach ceisteanna sollúnta a bhain le cúrsaí Gaeltachta agus teanga. Tá teas faoi cheist na tithíochta don aos óg ó foilsíodh alt leis an mbean óg Ghaeltachta Adhna Ní Bhraonáin ar an suíomh seo le déanaí. Bhí pacáiste beag deas ag Shane Ó Curraighín faoin ábhar mar ar chuir sé caint ar Adhna agus ar Mháire Eibhlín Ní Chlochartaigh ó Mhaínis. Bhí na Teachtaí Dála Aengus Ó Snodaigh, Éamon Ó Cuív agus Catherine Connolly bailithe isteach chun allagair.

Ní haon rún iad cúiseanna na géarchéime: easpa soláthair, luach tithe, agus daoine ag dul in abar sa chóras pleanála. Buille ord ar inneoin ag an Teachta Ó Cuív nuair a meabhraíodh don lucht féachana nach raibh an tAire Catherine Martin nó an tAire Stáit Patrick O’Donovan ar fáil don chlár agus nár thug siad cuairt ar an Oireachtas.

“Níl mise a’ dul ag seasamh le rud nach féidir seasamh leis,” a dúirt Ó Cuív go tiarnúil agus é féin ag meabhrú dúinn nach é atá freagrach as ceapadh airí. Bheadh sé ana-shuimiúil fáil amach cad déarfaidh na h-airí leis an chéad bhabhta eile a bhuailfidh sé leo. Téama amháin a thosaigh ag teacht chun cinn ná go bhfuil géarghá an córas pleanála teanga a shníomh leis an gcóras pleanála féin.

Dáithí Mac Cárthaigh ag caint go heolgaiseach faoin gceist agus Breanndán Ó Beaglaoich ag caint go paiseanta, mar is dual dó, agus trácht á dhéanamh aige ar “athphlandáil” na Gaeltachta.

Tar éis an bhrisidh pléadh na dúshláin a bhaineann le clann a thógáil trí Ghaeilge. Bhí tuairisc eile ó Shane Ó Curraighín againn agus athrú sna cathaoireacha ceoil –

Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin, Ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta, Sorcha Ní Chéilleachair agus Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn bailithe isteach os comhair Mháirín Ní Ghadhra, láithreoir a dhein a cúram go slachtmhar ó thús deireadh. Pleanáil, teanga, tacaíocht agus seirbhís a bhí idir chamáin. Ní dóigh gur thángthas ar réiteach agus ba dheas é an plé toirtiúil agus lucht féachana i láthair.

Is mór an trua ná beadh seo againn níos minice.

Fág freagra ar 'Na meáin ar a n-oilithreacht bhliantúil go dtí Cill Airne ach radharc ar bith ar aire Gaeltachta'

  • Siobhán

    Mar eolas don cholúnaí, níl lá nach mbíonn an t-ábhar seo faoi chaibidil againne muintir na Gaeltachta! Is léir nach bhfuil cluas le talamh!

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Dúinne nach bhfuil ábalta taisteal chuig a leithéid, bheadh sé deas na díospóireachtaí, cainteanna, agallaimh agus cuir i láthair sin a chluinstean ar an raidió nó a choimheád ar an teilifís. An bhfuil siad ar fáil?