D’fhill mé ar an nGaeltacht lán dóchais, ach níl mé in ann teach a cheannach, a thógáil ná a fháil ar cíos

Bean óg Ghaeltachta í údar an ailt seo atá fillte ar an bhfód dúchais tar éis cúig bliana san Astráil agus sa Nua-Shéalainn agus fonn uirthi cur fúithi i gCois Fharraige…

D’fhill mé ar an nGaeltacht lán dóchais, ach níl mé in ann teach a cheannach, a thógáil ná a fháil ar cíos

Tá mé chun iarracht a dhéanamh cur síos ar fhilleadh ar mo thír agus ar mo cheantair dúchais tar éis cúpla bliain thar lear.

Is bean óg mé a d’fhág Éire in 2018, díreach tar éis dhom mo chéim a bhaint amach, agus mé sa tóir ar bhealach saoil nua agus eachtra nua. Thraenáil mé mar fhisiteiripeoir i Luimneach ar feadh ceithre bliana agus b’fhada liom go bhféadfainn greadadh liom agus an domhan mór a fheiceáil. Cheannaigh mé ticéad aonbhealaigh dhom féin go dtí an Nua-Shéalainn, agus i mí na Samhna 2018, thug mé an bád bán orm fhéin chomh fada ó Éirinn agus a d’fhéadfainn a shamhlú.

Chaith mé beagnach trí bliana thall ansin ag taisteal thart agus ag obair mar fhisiteiripeoir, agus fiú amháin nuair a bhuail Covid féin, ní raibh dúil agam filleadh ar an mbaile. In 2021 bunaíodh nasc taistil idir an Nua-Shéalainn agus an Astráil agus ghlac mé an deis tír eile a fheiceáil in áit teacht abhaile, mar go raibh Éire fós sách cuibrithe ag an ngalar, de réir mar a bhí mé a chloisteáil. Tar éis dhá bhliain den chéad scoth i dTasmáin na hAstráile, bhí sé in am filleadh ar an mbaile.

Bhí airgead maith sábháilte agam ó mo thréimhse ag obair san Astráil, agus leis an méid sin, bheinn in acmhainn teach a cheannacht thall – mar nach dteastaíonn uait ansin ach éarlais 5% (do do chéad teach) agus post lánaimseartha réasúnta maith.

Bhí na seacht gcroí agam ag filleadh ar Éirinn mar go raibh beagnach cúig bliana caite ó d’fhág mé, agus bhí mé tar éis fás suas ar go leor bealaí. Nuair a tháinig mé abhaile bhronn mo dheaide a sheanveain orm, le go bhféadfainn í a iompú ina veain champála. Bhí mé ríméadach faoi seo agus b’fhada liom go bhféadfainn í a thabhairt liom fud fad na tíre.

Is ansin a thosaigh mo chuid fadhbanna.

Dhiúltaigh na comhlachtaí árachais ar fad mé a chlúdach, cé go raibh an veain clúdaithe ag mo dheaide ar feadh trí bliana déag leis an gcomhlacht céanna. Thug siad chuile leithscéal faoin spéir dhom le nach gclúdóidís mé. Agus chomh maith leis sin, ní ghlacfaidís le mo thaithí tiomána thar lear i gcomhair an lascaine ‘no-claims’ cé go raibh carr faoi árachas agam sa dá thír. Le scéal fada a dhéanamh gearr, tar éis trí seachtaine ag achrann gach lá, fuair mé árachas ar an veain a bhí costasach go maith. (Agus mar phointe sciobtha, sa Nua-Shéalainn agus san Astráil, níor íoc mé riamh os cionn $650, níos lú ná €400, ar árachas lánchuimsitheach bliana [fully comprehensive].)

Tar éis an méid sin, fuair mé post mar fhisiteiripeoir i mo cheantar féin, rud a gheal mo chroí. Faoi dheireadh bhí mé in ann mo cheird agus mo chuid scileanna a chur ar fáil thrí Ghaeilge i mo cheantar dúchais.

Ach ní raibh mé in ann lóistín ar bith a fháil ar cíos sa gceantar, ná fiú níos faide ó bhaile. D’fhág sin go mbeadh orm fanacht sa mbaile le mo chuid tuismitheoirí. Anois ná bíodh dul amú ort – tá mé thar a bheith buíoch go raibh mo mhuintir sásta fáilte a chur romham, ach ag seacht mbliana fichead d’aois, tá sé deacair bogadh ar ais isteach le do mhuintir, go háirithe nuair nach raibh mé i mo chónaí sa teach go buan ó bhí mé ocht mbliana déag d’aois. Agus anuas air sin, tháinig mé abhaile sa samhradh nuair a bhí lán tí Gaeilgeoirí againn, agus gan fiú leaba agam sa teach, gan caint ar sheomra. Chiallódh sin go mbeinn ag codladh sa veain taobh amuigh den teach go dtí deireadh mhí Lúnasa. Ag obair go proifisiúnta in ionad leighis sa lá agus ag codladh i veain ar an tsráid taobh amuigh de theach mo thuismitheoirí san oíche… Níor chuir sé isteach an iomarca orm, ach ní raibh sé éasca. Bíonn srianta sa teach i rith an tsamhraidh, mar shampla, cén t-am gur féidir linn cith a thógáil agus gan ach méid áirithe uisce te sa teach, agus suas le naonúr déag sa teach cuid den am.

Mar sin, faoin am seo, bhí mé ag tosú ag smaoineamh ar áit chónaithe níos fadtéarmaí agus go dtaitneodh sé liom teach a cheannacht sa mbaile leis an airgead a bhí sábháilte agam thar lear. Thosaigh mé ag cuartú go háitiúil agus bhí cúpla teach ar an margadh – thart ar €300-350,000. Mar sin, cheap mé le €15-20,000, agus post buan agam, go mbeinn in ann tosú ag smaoineamh ar chur isteach ar mhorgáiste. Ach faraor géar, bhí an tóin tite as m’aisling sara fada, mar go bhfuair mé amach go raibh rudaí an-difriúil sa tír seo. Theastaigh thart ar 20% d’éarlais uait, agus ní bhfaighidh tú morgáiste atá mórán os cionn trí huaire do thuarastal bliantúil.

Ciallaíonn sé sin go bhfuil sé beagnach do-dhéanta do dhuine óg teach a cheannacht aisti féin. Teastaíonn dhá thuarastal réasúnta gnaíúil a chur le chéile chun morgáiste a fháil ar fiú caint air. Mar sin córas atá ann nach bhfuil feiliúnach ach do lánúin. Más duine singil thú – ‘gabh ag feadaíl’, mar a deirtear i gConamara.

Fiú má bhronntar talamh ort, mar atá de nós ag daoine thart anseo nuair is acmhainn dóibh, tá sé thar a bheith deacair cead pleanála a fháil, agus diúltaítear daoine arís is arís eile go minic. Tá aithne agam ar go leor daoine óga thart anseo ar éirigh leo talamh a fháil, agus fiú morgáiste, ach ansin go mbíonn an-deacracht acu cead pleanála a fháil. Seo daoine óga a tógadh le Gaeilge san áit agus a bheadh ag súil clann a thógáil le Gaeilge anseo amach anseo. Ach nuair nach féidir leo tógáil ar thalamh a muintire a bronnadh orthu – céard is féidir leo a dhéanamh faoi?

Anois tá mo dhóthain casaoide déanta agam. Tá neart fadhbanna eile sa tír a bhféadfainn labhairt orthu ach bheadh muid anseo go ceann ráithe eile. Is é bun agus barr an scéil, leis na constaicí ar fad atá ann faoi láthair, go bhfuil sé an-deacair ag daoine óga, go háirithe, saol a thosú, a fhorbairt agus a choinneáil ag imeacht as a stuaim féin. Is bocht an scéal nach bhfuil muintir na Gaeltachta in ann lonnú ina gceantar féin, lena gclann féin a thógáil, an chéad ghlúin eile cainteoirí Gaeilge. Is bocht an scéal freisin go bhfuil daoine óga as an nGaeltacht brúite isteach i gcathracha agus bailte in aghaidh a dtola, áiteanna nach bhfuil smid Ghaeilge iontu.

An sprioc atá agamsa ná daoine a chruinniú le chéile atá sásta troid agus achrann a tharraingt le nach féidir neamhaird a dhéanamh orainn níos mó. Tá Éireannaigh ag iarraidh theacht abhaile, fanacht sa mbaile agus a gclann a thógáil sa Ghaeltacht, áit atá saibhir ó thaobh teanga, cultúir agus ceoil. Teastaíonn athruithe le go mbeidh an deis sin acu. Tá an teanga faoi bhrú ollmhór cheana féin, agus teastaíonn uainn an Ghaeltacht a chosaint agus fáilte abhaile a chur roimh mhuintir na Gaeltachta. Ciallaíonn sé sin: postanna agus áiseanna sláinte agus aclaíochta a bheith ar fáil sa Ghaeltacht, áiseanna ar nós giomanna, bealaí rothair, srl. Chomh maith leis sin, teastaíonn lóistín ar chostas réasúnta a chur ar fáil dóibh – go háirithe don dream óg. Dá mbeadh scéim éigin ar fáil le lascaine a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta le teach a fháil ar cíos nó a cheannach sa gceantar – go háirithe an dream óg a bheas ag cur leis an bpobal amach anseo – bheadh sin ina chuidiú mór.

Tá muid ag brath orthu seo chun na scoileanna a choinneáil ag imeacht, ach an oiread le forbairt agus fás na teanga agus go leor eile.

Sin é mo scéalsa agus creidim go smior go dtiocfaidh athruithe i bhfeidhm má sheasann muid an fód go láidir. Déanaigí teagmháil liom ag adhna.physio@gmail.com má aontaíonn sibh le mo chuid smaointe agus má tá uaibh seasamh liom agus gluaiseacht a thosú. Ní neart go cur le chéile!

Fág freagra ar 'D’fhill mé ar an nGaeltacht lán dóchais, ach níl mé in ann teach a cheannach, a thógáil ná a fháil ar cíos'

  • Siobhán

    Maith thú Adhna, iontach go bhfuil an feasacht agus an tiomantas ionat de’d cheantar dúchais agus na dúshláin atá ann d’óige an cheantair, sa Ghaeltacht is láidre sa tír. Coinnigh ag troid ar do shon féin agus súil agam go mbeidh toradh ar do chuid iarrachtaí mar a bhí ag na glúnta a chuaigh romhat i gConamara lena gcuid feachtais.

  • Mícheál Ó Flaithearta

    An-alt a Adhna. Léiriú iontach eile atá anseo ar an gcur i gcéill maidir leis an nGaeltacht agus an nGaeilge atá ar siúl sa Státchóras. Is gearr a bheas an Ghaeilge ná an Ghaeltacht ann, más ag brath ar na leibidí sa Rialtas atá muid. Tá íoróin faoi leith le sonrú sa gcás go raibh teach a muintire lán go doras le scoláirí samhraidh (Gaeilgeoirí) agus gan fáil ag bean óg Ghaeltachta, ag cainteoir dúchais Gaeilge, ceadúnas pleanála a fháil. Ní hiontas ar bith é go bhfuil líon na gcainteoirí Gaeilge sa nGaeltacht ag titim!

  • Katie

    Maith thú Adhna, tá drogall orm fhéin filleadh ar an mbaile mar gheall ar na pointí uilig atá deanta agat. Caithfidh muid mar dhaoine óga as an ngaeltacht labhairt suas ar ár son fhéin agus a chéile.

  • jpmorley0@gmail.com

    Thug Breandán Ó Beaglaoich eiseamláir daoibh go léir agus ghnóthaigh pleanáil t’réis suim mhór fhada de bhlianta. Chuir sé a chos agus a thóin i bhfeac agus dheonaigh roinnt piardaí polaitíochta dul ar cuairt chuige ina chábán rothaí thiar i mBaile na Bpoc! Téigí i dteagmháil leis go pras…ní neart go cur le chéile…múscail a Bhanba!!

  • Pól Ó Braoin

    Mionlach beag a léifidh an scéal seo nó a chuirfidh suim ann, faraor. Scéal millteanach mór é scéal Adhna a bhaineann le cothú féiniúlachta agus le cothú chultúr na tíre seo. Bíonn muid ag caint ar rudaí mar phleanáil theanga agus a leithéid. Is ceart don scéal céanna a bheith ar RTÉ an bhéarla ina mhír nuachta chomh maith mar tá an-tábhacht ag baint leis, cheapfainn.

  • Indrek

    Tá an ceart ar fad agat, a Adhna. Caithfidh sibh cruinniú le chéile in bhur gcéadta agus mílte agus athruithe móra a éileamh ar an Rialtas. Nach maith a d’éirigh le Gluaiseacht na gCearta Sibhialta sna 70idí? Eagrán 2.0 a theastaíonn go géar anois agus níl ann ach sibhse, daoine óga na Gaeltachta, lena chur i gcrích! Coinnigí oraibh, maith sibh!

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Moladh mór tuillte ag Adhna faoin bplé seo a thosú: gur labhair sí amach faoin mbacanna roimh glún óg na Gaeltachta áit chónaí a aimsiú ina áit dúchais.

    Réiteach amháin ar scéal na tithíochta, ná an chumhacht agus an t-airgead caipitil a thabhairt do Údarás na Gaeltachta dul ag plé le tithíocht i gcomhar le eagraíochtaí pobail sna ceantracha Gaeltachta éagsúla chun go bhféadfaí suíomhanna a fhorbairt, cead pleanála imlíneach a fháil, seirbhísí riachtanacha a chur ar fáil cosúil le séarachas etc, le go bhféadfadh daoine mar Adhna teach a fháil ina gceantar féin ar phraghas réasúnach.

    Tá cumhachtaí tithíochta ag Roinn na Gaeltachta faoi Achtanna na dTithíochta Gaeltachta nach bhfuil á usáid a thuilleadh. Faoina cumhachtaí sin d’fhéadfaí deontais agus iasachtaí a thabhairt do chainteoirí Gaeilge, a bheadh ag iarraidh lonnú sa nGaeltacht.

    Tá comhrá tosaithe ag Adhna. Ní mhór do eagraíochtaí teanga is pobail le tionchar acu ar an rialtas, sraith éileamh réasúnta a chur le chéile le dul i ngleic leis an bhfadhb. Ba bhreá liom cloisteáil ó dhaoine a mbeadh spéis acu a bheith páirteach i mbrúghrúpa faoin gceist: mo ríomhphost DOHEALLAITHE@GMAIL.COM

  • Colm Mac Séalaigh

    An-alt Aghna agus cur síos an-bheacht ar an tsáinn ina bhfuil daoine óga ar fud na tíre. Is cás ar leith í an Ghaeltacht ar ndóigh agus anois an t-am Cearta Sibhialta na Gaeltachta (Cearta Óige na Gaeltachta?) a athbhunú agus na polaiteoirí a chrá – tá toghchán ag teacht!

  • An Teanga Bheo

    Fair play dhuit agus tá an fhírinne iomlán agat sa bpiosa sin thuas
    Banú na Gaeltachta atá i gceist agus is ceist Cónspoideach iad teach is tithe inniú.

  • Bairbre Ní Ógáin

    Maith thú – an ceart ar fad agat. Go n-éiri leat!

  • Oisín

    Tá dhá ghrúpa ann ar mhaith liom cur fé bhur mbráid mara bhfuil siad ar eolas agaibh cheana –

    Todhchaí na Tuaithe – bhunaigh Breandán Ó Bheaglaoich an grúpa so le haghaidh gníomhú in aghaidh bánú na Gaeltachta

    https://m.facebook.com/people/Todhcha%C3%AD-na-Tuaithe/100067448172679/

    Fondúireacht na Gaeilge – níl a fhios agam cé chomh cabhrach is a bheidh sé seo ach tá nasc de shaghas éigint ag an bhFondúireacht leis an grúpa Teacht Aniar, a phléann cúrsaí Gaeltachta go minic agus b’fhéidir dá mbeadh scata daoine agaibh bheadh sibh in ann maoiniú a fháil uathu le haghaidh scéim tithíochta

    https://www.fnag.ie/gaeilge/housing/

  • Aoife Ní Shéaghdha

    Ana alt a Adhna. Tuigimid do chás agus treise leat as é a chur in iúil. Is fiú an scéal seo a aistriú go Béarla agus a chraobhscaoileadh fuaid fad na tíre.

  • Noelle Gallagher

    Cuireann do alt spiorad Chaitlín Maude i gcuimhne dom. Coinnigh ort agus ná stop go dtí go mbíonn toradh ar do chuid oibre.

  • Gráinne Ní Fhoighil

    Maith thú a Adhana! Tá cúrsaí tithíochta imithe as smacht go hiomlán sa nGaeltacht (agus i neart áiteachaí eile freisin ~ fiú i Atlantic Canada, an áit ina bhfuilim féin lonnaithe na laeantaí seo). Tá mo theach sa mbaile ar chíos ag láiniún óg áitiúil agus is maith liom gur acu atá sé (agus cíos atá ag árdú an sciopaí, á n-íoc agamsa thall anseo). Tá siad ag brath ar teach a thogáil ach cosúil leatsa, tá ceist mór faoi bhac pleannáil. Is maith liom an réiteach atá molta ag Donncha sa freagra thuas. Moladh mór ag dul dhuit leis an t-iarracht seo a Adhana. Coinnigh ort agus go dtiocfaidh neart eile leat! Ádh mór!