Na jabanna móra uile críochnaithe agus muintir na nDúnaibh ag súil le dea-aimsir agus cluichí breátha ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2018

Cuirfear tús amárach le Comórtas Peile na Gaeltachta sna Dúnaibh i nGaeltacht Dhún na nGall amárach agus obair mhór ullmhúcháin déanta ag an gcoiste eagraithe agus an pobal ansin

Na jabanna móra uile críochnaithe agus muintir na nDúnaibh ag súil le dea-aimsir agus cluichí breátha ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2018

Pictiúr: CLG Na Dúnaibh/Facebook.com

Cuirfear tús le Comórtas Peile na Gaeltachta 2018 sna Dúnaibh tráthnóna amárach agus muintir an cheantair ag cur barr maise ar an áit faoi láthair.

Tá na jabanna móra uile críochnaithe, seastán agus seomraí feistis nua tógtha acu, ach ó tharla go bhfuil Comórtas Peile na Gaeltachta éirithe chomh mór sin le roinnt blianta anuas, ní bhíonn aon stad ar an obair.

Is mór an t-athrú atá tagtha ar chúrsaí ó reáchtáladh an comórtas sna Dúnaibh an uair dheireanach, i 1986.

Imríodh cluichí cáilithe Dhún na nGall don chomórtas náisiúnta sna Dúnaibh an mhí seo caite agus dar le hAodh Mac Laifeartaigh, atá ar choiste na nDúnaibh, bhí an obair chéanna i gceist le comórtas áitiúil na bliana seo a reáchtáil agus a bhí i gceist leis an gcomórtas náisiúnta 32 bliain ó shin.

“Bhí an comórtas áitiúil cosúil le 1986. Ní raibh i gceist ach an pheil i ndáiríre,” a deir Mac Lairfeartaigh.

“Tá athrú ollmhór tagtha air anois. Níl comparáid ar bith ann! Ní raibh i gceist ag an am [in 1986] ach lóistín a eagrú agus na cluichí a eagrú.

“Anois, tá ollphuball le fáil, beár le cur isteach ann, bia le heagrú. Cuireann sé sin brú mór orainn. Tá sé éirithe i bhfad níos mó na laethanta seo!”

Ar an dea-uair, cé go bhfuil an obair uile sin i gceist tá cuidiú ón phobal ar fáil ag Mac Laifeartaigh agus ag an gcuid eile den choiste eagraithe.

“Tá comhoibriú iontach faighte againn ón phobal. Táthar ag caint faoin gcomórtas anseo ón Nollaig. Tá pobal an pharóiste ag súil go mór leis. Leis an aimsir mar atá sí faoi láthair, tá an-suim ar fad ann.”

Ba é an seastán nua agus na seomraí feistis breise na hoibreacha tógála ba mhó ar thug an cumann fúthu ach tá neart eile déanta acu chomh maith. Tá dhá pháirc le taobh a chéile acu do chluichí an deireadh seachtaine seo agus dromchlaí nua curtha orthu, chomh maith le sconsaí a bheith tógtha thart ar na páirceanna.

Bíonn costais ag baint leis na hoibreacha sin uile ar ndóigh ach d’éirigh thar barr le feachtas tiomsaithe airgid an chumainn.

“Bhí crannchur ollmhór againn,” mar a mhínigh Mac Laifeartaigh. “Tá bliain anois ann ó chuir muid tús leis agus bhí an tarraingt againn aimsir na Cásca. €50 a bhí ar thicéad agus rinne muid brabús €165,000 ansin, rud a chuir áthas an domhain orainn. Thug sé sin cabhair iontach dúinn.”

Deir Mac Laifeartaigh gurbh iontach an chabhair dóibh an comórtas áitiúil a reáchtáil mar gur thug sé deis dóibh dul i dtaithí ar a bheith ag freastal ar shluaite daoine.

Ar ndóigh beifear ag súil le slua i bhfad níos mó deireadh seachtaine seo na Cincíse, go háirithe má bhíonn an aimsir go deas.

“Tá muid ag súil le slua mór agus, le cúnamh Dé, beidh iomaíocht mhaith sa chomórtas féin agus bainfidh na sluaite sult as na cluichí,” a deir Mac Laifeartaigh. “Ag deireadh an lae, is faoi na cluichí atá sé!”

Fág freagra ar 'Na jabanna móra uile críochnaithe agus muintir na nDúnaibh ag súil le dea-aimsir agus cluichí breátha ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2018'