Na hiomaitheoirí do Ghradam Iománaí na Bliana

Tá scata imreoirí san iomaíocht don ghradam arbh é Brian Lohan an chéad duine a bhuaigh é nach mór 25 bliain ó shin

Na hiomaitheoirí do Ghradam Iománaí na Bliana

Tá Lá San Svaítín linn agus gan ach cluiche amháin fágtha i bhféilire idirchontae na hiomána do 2023. Is trua go mbeidh deireadh leis i gceann seachtaine. Agus fós ina seasamh tá Luimneach agus iad ar thairseach a n-ainm a cur sa Táin. Bhíodar ar ais i mbarr a maitheasa sa dara leath seachtain ó shin agus iad ag imirt faoi dheireadh amhail  foireann a bhí ag imirt cluiche taispeántais.

Ní fhéadfainn a rá go raibh taispeántas Chill Chainnigh chomh maith le Luimneach ach thaispeáin siad arís go bhfuil mianach agus doimhneacht iontu agus go bhfuil sé thar a bheith deacair fáil réidh leo.

Mar sin féin, tuigeann tromlach mór na ndaoine a chonaic an dá cluiche seachtain ó shin go mbeidh Luimneach ina rogha láidir ag dul isteach go dtí cluiche ceannais 2023. Ní féidir, gan dabht, a rá faoi aon fhoireann ó Chill Chainnigh nach bhfuil aon seans acu i gcluiche ceannais na hÉireann.

Ag an tráth seo, maidir leis na himreoirí féin, tá seachtain ullmhúcháin déanta acu, an diantraenáil thart, oíche an phreasa thart agus an fócas ina iomlán ar an gcluiche. Maidir leis na boird chontae tá an t-uafás rudaí breise le cur in eagar don deireadh seachtaine is mó i séasúr na hiomána. Dar ndóigh ní haon ócáid nua é d’fhormhór na n-imreoirí ar an dá thaobh. Tuigeann siad go mbeidh orthu cloí leis na nósanna a bhíonn acu do na cluichí craoibhe go léir .

Agus ar an imeall tá caint faoi mhórán nach mbaineann leis an gcluiche ceannais go díreach, ábhair amhail gradam iománaí na bliana.

Bhí sé thar a bheith suimiúil go raibh an chéad duine a bhuaigh an gradam sin, Brian Lohan, an duine is mó a bhuaigh é Henry Shefflin agus an buaiteoir is óige Tony Kelly páirteach (ar an taobhlíne agus ar an bpáirc) san aicsean sna cluichí leathcheannais seachtain ó shin. Bhí sé suimiúil freisin go raibh TJ Reid, Kelly agus an triúr ó Luimneach, Cian Lynch, Gearóid Hegarty agus Diarmuid Byrnes,

iarbhuaiteoirí an ghradaim, ansin agus iad fós ina ngaiscígh ar pháirc na himeartha.

Ach mar a dúirt, tá an díospóireacht tosnaithe le cúpla seachtain agus roinnt ainmneacha ar a ngearrliostaí ag daoine. I measc na ndaoine sin bhí Conor Whelan agus Cathal Mannion na Gaillimhe agus Tony Kelly agus Shane O’Donnell an Chláir. Cinnte tá a rás rite ag triúr díobhsan. Ceapaim go bhfuil seans fós ag O’Donnell, más beag féin é.

Mar a tharlaíonn go rímhinic tiocfaidh an buaiteoir ó na foirne a bheidh ag imirt seachtain ó amárach. Agus ar bharr an liosta tá Aaron Gillane, an tosaí is fearr agus is dainséaraí sa tír i mbliana.  Caithfidh go bhfuil seans ag Eoin Cody i ndiaidh a thaispeántais sa chluiche leathcheannais seachtain ó shin. Seo é Eoin Cody go bhfuil an gradam Imreoir Óg na Bliana buaite faoi dhó aige agus gan é fós ach 23 bliain d’aois. Is dócha go bhfuil Diarmuid Byrnes, buaiteoir 2022, san iomaíocht arís i mbliana agus caithfidh go bhfuil seans ag Huw Lawlor ó Chill Chainnigh agus Darragh O’Donovan agus Kyle Hayes, beirt a bhí an-mhaith i gcoinne na Gaillimhe. Tá caint freisin faoi chúl báire na gCat Eoin Murphy agus an seanfhondúir TJ Reid chomh maith le Tom Morrissey agus Barry Nash ó Luimneach.

Dar ndóigh sa dá campa féin, ní bheidh aon chaint faoin stair nó faoi ghradaim. Beidh gach rud dírithe ar an gcluiche mór agus gach a dtarlóidh taobh istigh de na línte bána i bPáirc an Chrócaigh idir a leathuair tar éis a trí agus a cúig a chlog an Domhnach seo chugainn.

Fág freagra ar 'Na hiomaitheoirí do Ghradam Iománaí na Bliana'