Na himreoirí is fearr agus na heachtraí is aite ó Chomórtas Peile na Gaeltachta 2016

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar dheireadh seachtaine mór peile i mBaile Bhuirne agus roghnaítear ‘foireann an chomórtais’

Sean O Conchuir
Seán M Ó Conchúir

Imreoir an Chomórtais Shinsir: Seán M. Ó Conchúir (An Ghaeltacht)

Cé nár éirigh leis an nGaeltacht sa chluiche ceannais, ní fhéadfá an milleán a chur ar a lántosach, Seán M. Ó Conchuir, a scóráil 1-6 sa chluiche ceannais agus a raibh sárdheireadh seachtaine aige.

Gortaíodh Tomás Ó Sé go luath ina gcéad chluiche in aghaidh Bhéal Átha an Ghaorthaidh agus thit cúram na scórála ar Ó Conchúir ina dhiaidh sin. 3-20 a fuair sé sa trí chluiche a d’imir sé, 2-6 in aghaidh Bhéal Átha an Ghaorthaidh, 0-8 in aghaidh na Rinne sa chluiche leathcheannais agus 1-6 in aghaidh Naomh Conaill inné.

I measc na n-imreoirí eile a rinne gaisce le linn chomórtas na sinsear bhí Ethan Ó Domhnaill agus Daragh Gallagher a bhí ar fheabhas do Naomh Conaill.

Cúl ag Na Dúnaibh in aghaidh Rinn MHaoile
Lorcan O’Connor,  Na Dúnaibh

Imreoir an Chomórtais Shóisir: Lorcan O’Connor (Na Dúnaibh)

D’fhéadfá aon duine de thriúr lántosaithe Na Dúnaibh a lua anseo agus is beag duine a d’easaontódh leat. Thug Colin Ó Gallchóir agus Garry Bán Mac Laifeartaigh taispeántais den scoth uathu i rith an chomórtais ach ba é mianach iarimreoir mhionúir Dhún na nGall Lorcan O’Connor is mó a sheas amach dúinne.

D’aimsigh an fear óg cúl cinniúnach do na Dúnaibh sa chluiche ceannais in aghaidh Rinn Mhaoile. 1-4 a fuair sé san iomlán agus scóranna tábhachtacha a bhí iontu uile.

Cé gur chaill siad sa chluiche ceannais, tá moladh tuillte ag deartháireacha Rinn Mhaoile, Cathal agus Eoin O’Neill chomh maith. Ba iad ba mhó a thug spreagadh dá bhfoireann le linn an deireadh seachtaine.

Aine McDonagh sa ghlas
Áine McDonagh i ngeansaí glas Mhaigh Cuillin

Imreoir Chomórtas na mBan: Áine McDonagh (Maigh Cuilinn)

Tá éacht déanta ag mná Mhaigh Cuilinn agus Comórtas Peile na Gaeltachta buaite acu don tríú bliain as a chéile. Bhuaigh siad go bog ar Naomh Abán sa chluiche ceannais agus taispeántas iontach foirne tugtha uathu acu. Ba í an t-imreoir lár páirce, Áine McDonagh is fearr ar fad acu, áfach.

Bhí McDonagh ina captaen ar fhoireann mhionúir na Gaillimhe a bhuaigh Craobh Chonnacht i mbliana agus bhí baint mhór aici le bua a club in aghaidh Chill Chomáin sa chluiche leathcheannais agus bhí sí ar fheabhas arís sa chluiche ceannais inné. Ní hamháin go raibh dualgais imeartha ar McDonagh ach bhí sí ina Cailín Gaelach ag Maigh Cuilinn chomh maith.

maor-line

An fear is dea-ghléasta: Maor líne an tSathairn

Chaithfeá an gradam speisialta seo a bhronnadh ar an maor líne a bhí ar dualgas don chluiche idir An Rinn agus Béal an Mhuirthead Dé Sathairn agus péire bróg snasta donn á gcaitheamh aige.

Seans nár bhac sé leis na bróga peile ionas go mbeadh sé réidh ullamh don scléip san ollphuball i ndiaidh an chluiche.

Ar tharla sé sin?

Ní hé Páirc an Chrócaigh an t-aon áit a raibh fadhb le clár na scór ann an deireadh seachtaine seo. Cé go raibh Naomh Abán ag ullmhú don Chomórtas Peile seo ar feadh na mblianta, léirigh foireann peile na mban an chumainn nach raibh siad go hiomlán réidh do gach rud a d’fhéadfadh tarlú. Cé go raibh clár nua scór ar an taobh thall den pháirc, is beag nár bhris Naomh Abán é ina gcluiche leathcheannais in aghaidh Na Gaeil Óga.

Nuair a scóráil Naomh Abán a ndeichiú gcúl sa chluiche sin, ní raibh spás ar an gclár chun an 10-22 a bhí faighte acu a thaispeáint. Fágadh Naomh Abán ar 0-22 ar feadh tamaill go dtí gur shocraigh an fear a bhí i bhfeighil an chláir trí phointe breise a thabhairt dóibh in áit an dá chúl. 9-25 seachas 10-22 mar sin a bhí acu.

Foireann an Chomórtais

  1. Tomás Mac an tSaoir (An Ghaeltacht)
  2. Cian Ó Murchú (An Ghaeltacht)
  3. Séamus Ó Mathúna (Naomh Abán)
  4. Caoimhín Mac Eiteagáin (Naomh Conaill)
  5. Séamus Ó Corcráin (Naomh Conaill)
  6. Máirtín Ó Baoill (Naomh Conaill)
  7. Aaron Thompson (Naomh Conaill)
  8. Éanna Ó Conchúir (An Ghaeltacht)
  9. Ethan Ó Domhnaill (Naomh Conaill)
  10. Dermot Molloy (Naomh Conaill)
  11. Mícheál Ó Cróinín (Naomh Abán)
  12. Daragh Gallagher (Naomh Conaill)
  13. Cathal O’Neill (Rinn Mhaoile)
  14. Seán M. Ó Conchúir (An Ghaeltacht)
  15. Lorcan O’Connor (Na Dúnaibh)

Naomh Conaill ina máistrí arís

CPGSinsear16-0474

Is iad Naomh Conaill curaidh Chomórtas Peile na Gaeltachta don dara bliain as a chéile tar éis dóbih an ceann is fearr a fháil ar An Ghaeltacht sa chluiche ceannais.

Trí phointe a bhí le spáráil ag foireann na nGleannta, 1-16 in aghaidh 2-10, agus is beag cúis ghearáin a bheadh ag fir Chiarraí faoin toradh.

D’imir Naomh Conaill peil d’ardchaighdeán an deireadh seachtaine uile agus ní haon iontas é gurb iad curaidh shinsir Dhún na nGall.

Bhí imreoirí maithe acu ar fud na páirce agus cé gurb é Dermot ‘Brick’ Molloy an t-imreoir is tábhachtaí atá acu i measc na dtosaithe, tá na fir eile timpeall air breá ábalta scóranna a aimsiú.

Bhí sé sin le feiceáil arís sa chluiche ceannais agus seachtar ar fad ag scóráil. Nuair nach raibh Molloy lárnach san imirt, bhí leithéidí Daragh Gallagher, Adhamhnáin Uí Dhochartaigh, Sheáin Uí Mháille agus Leon Thompson uile in ann an beart a dhéanamh.

Chuir Naomh Conaill tús maith leis an gcluiche agus bhí siad ceithre phointe chun cinn ag leath ama, 0-8 in aghaidh 0-4. Chuir siad leis an mbearna sin go luath sa dara leath ach chuir Seán Mícheál Ó Conchúir tús le teacht aniar An Ghaeltacht le cúl breá.

Shlánaigh an fear céanna cúpla cic saor chun dhá phointe a fhágáil idir na foirne, 0-11 in aghaidh 1-6 agus gan ach 20 nóiméad fágtha. Má bhí ceisteanna á gcur anois ar fhir an tuaiscirt bhí na freagraí i gcónaí acu.

Chuir siad stop tobann le teacht aniar An Ghaeltacht nuair a d’aimsigh Leon Thompson cúl dóibh cúig phointe a bhí idir na foirne nóiméad ina dhaidih sin nuair a scóráil Dermot Molloy cic saor.

Lena gceart a thabhairt d’fhir na Gaeltachta, níor lig siad na maidí le sruth agus bhí siad ar ais i bhfoisceacht pointe dá gcéilí comhraic agus an cluiche ag druidim chun deiridh. Ba iad pointí Éanna Uí Chonchúir agus cúl Eoin Mhic Ghearailt ba chúis leis an athbheochan ach ní raibh siad in ann Naomh Conaill a shárú.

Agus an t-am beagnach caite, lean imreoirí Naomh Conaill leis an gcur chuige stuama a bhí ó thús acu agus d’éirigh leo seilbh na liathróide a choinneáil agus cúpla pointe breise a chur ar chlár na scór.

Na Dúnaibh ag ceiliúradh an babhta seo

CPGSoisear16-0361

Sa chomórtas sóisir, ba iad Na Dúnaibh, a chaill sa chluiche ceannais anuraidh, a thug an lá leo. Cúl a bhí idir na foirne ag an deireadh, 2-9 in aghaidh 0-12.

Ba iad na cúil chéanna a chniog Rinn Mhaoile agus ag amanna cinniúnacha sa chluiche.

Bhí na foirne cothrom go maith agus an cluiche ag druidim ar leath ama, iad ar comhscór 0-5 an taobh, ach bhí Na Dúnaibh chun tosaigh tar éis na leathuaire a bhuíochas le cúl Lorcan O’Connor, a stiúraigh iarracht Shéamus Mhic Ghiolla Bhríde isteach san eangach.

Laghdaigh Rinn Mhaoile an bhearna go luath sa dara leath ach arís d’éirigh leis Na Dúnaibh cúl a fháil. Chuaigh Colin Ó Gallchóir ar ruathar ar thaobh na láimhe deise den pháirc agus cé go ndearnadh blocáil ar a iarracht, bhí Garry Bán Mac Laifeartaigh san áit cheart chun an liathróid a sheoladh isteach sa chúl.

Thug sé sin farasbarr ceithre phointe do Na Dúnaibh agus bhí siad sé cinn chun tosaigh go luath ina dhiaidh sin, 2-8 in aghaidh 0-8. Cé go ndearna Rinn Mhaoile an-iarracht sa cheathrú huaire dheireanach, bhí an iomarca le déanamh acu agus ba iad fir Dhún na nGall a bhí ag ceiliúradh ag an deireadh.

Fág freagra ar 'Na himreoirí is fearr agus na heachtraí is aite ó Chomórtas Peile na Gaeltachta 2016'