Na himreoirí a bheidh ag iarraidh dul i bhfeidhm ar Mhartin O’Neill anocht

Cé go gceapfá go bhfuil cuid mhaith áiteanna ina scuad líonta cheanna féin ag Martin O ‘Neill, tá roinnt imreoirí fós ann a bhfuil deis acu du li bhfeidhm ar bhainisteoir na hÉireann sna seachtainí atá romhainn

Tá cúpla cinneadh tábhachtach le déanamh ag Martin O’Neill roimh an gcluiche anocht. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer
Tá cúpla cinneadh tábhachtach le déanamh ag Martin O’Neill roimh an gcluiche anocht. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Dúirt Martin ONeill i rith na seachtaine go bhfuil sé chun a scuad deireanach do Euro 2016 a fhógairt i ndiaidh an chluiche dúshláin in aghaidh na hÍsiltíre ar an 27 Bealtaine. Mar sin, níl ach trí chluiche fágtha ag na himreoirí atá ag iarraidh dul i gcion ar an mbainisteoir an beart a dhéanamh, ag tosú leis an gcluiche anocht in aghaidh na hEilvéise. Ach cé hiad na himreoirí sin?

Rob Elliot

INPHO/Morgan Treacy
INPHO/Morgan Treacy

Is beag seans gur cheap Elliot sé mhí ó shin go mbeadh deis aige áit a bhaint amach i scuad na hÉireann do chraobh na hEorpa. 15 chluiche a bhí imeartha aige faoin dtráth sin i bPríomhroinn Shasana agus ceithre caite aige le Newcastle, ach tá a dheis faighte aige i mbliana.

Agus gortú ag cur as do Tim Krul, is é Elliot atá ag imirt gach seachtain anois don chlub agus an chuma ar an scéal go bhfuil sé bailithe chun cinn ar David Forde agus gan fiú áit aige ar fhoireann Millwall faoi láthair ag an Gaillimheach. Agus an dá áit eile i seilbh Shay Given agus Darren Randolph, má éiríonn go maith le Rob Elliot sna cluichí seo, tá sé ionann is cinnte go mbeidh sé ag dul chun na Fraince i rith an tsamhraidh.

Shane Duffy

INPHO/Donall Farmer
INPHO/Donall Farmer

Nuair a thug Giovanni Trapattoni isteach i scuad na hÉireann Duffy ar dtús sé bliana ó shin bhí daoine ag súil go ndéanfadh an cosantóir gaisce. Faraor, gortaíodh go dona é sa champa traenála sin agus ceithre bliana ina dhiaidh sin a a d’imir sé a chéad chluiche don fhoireann idirnáisiúnta.

Ba é an cluiche sin in aghaidh na Portaingéile in 2014 an t-aon uair a chaith Duffy geansaí na hÉireann. Ach tá sé ag imirt ar fheabhas do Blackburn faoi láthair agus súil ghéar á choimeád ag Martin ONeill air.

Tá sé ráite ag ONeill go n-imreofar Duffy i gceann den dá chluiche seo, an cluiche in aghaidh na na hEilvéise anocht agus an cluiche in aghaidh na Slóvaice Dé Máirt.

Stephen Gleeson

INPHO/Donall Farmer
INPHO/Donall Farmer

Tá níos mó ama caite san fhásach ag Gleeson ná mar atá fiú ag Duffy

Nuair a chuaigh foireann na hÉireann ar chamchuairt go dtí na Stáit Aontaithe agus iad faoi cheannas Steve Staunton in 2007, bhí an chuma ar chúrsaí gur foireann thrialach a thug sé leis. Dimir scata imreoirí d’Éirinn den chéad uair ar an turas sin, an t-imreoir lár páirce, Stephen Gleeson ina measc.

Ní raibh Gleeson ach 18 ag an am agus cé go bhfuil taispeántais maithe tugtha uaidh aige do na MK Dons agus go háirithe do Birmingham City le blianta beaga anuas, ní bhfuair sé an deis fós cur leis an dá chluiche a dimir sé d’Éirinn in 2007. Caolseans atá aige áit a bhaint amach don turas chun na Fraince faoi láthair ach bfhéidir go dtiocfadh athrú ar an scéal sin má éiríonn go maith leis anocht nó san oíche Dé Máirt,

Stephen Quinn

INPHO/Ryan Byrne
INPHO/Ryan Byrne

Ag tús an fheachtais cáilithe i 2014, dimir Quinn sna cluichí in aghaidh na Seoirsia, na Gearmáine agus na hAlban ach as sin go dtí deireadh an réamhchomórtais  níor imir sé ach 20 nóiméad (in aghaidh Ghiobráltar i mí Mheán Fómhair seo caite).

Chaill Quinn trí mhí den séasúr seo agus gortú glúine ag cur as dó agus cé go bhfuil sé ar ais ag imirt gach seachtain do Reading, tá a áit caillte aige ar fhoireann na hÉireann agus é anois ag snámh in aghaidh easa agus é ag iarraidh a áit sa scuad a choinneáil.

Tá iomaíocht ghéar ann san ionad sin agus Aiden McGeady agus Anthony Pilkington ag iarraidh dul i gcion ar ONeill chomh maith.

Aiden McGeady

INPHO/Cathal Noonan
INPHO/Cathal Noonan

Ó sag trácht ar McGeady sin, tá seisean é fhéin i mbaol, rud a bheadh deacair a shamhlú 18 mí ó shin nuair ba é a chinntigh an bua d’Éirinn in aghaidh na Seoirsia sa chéad chluiche sa bhfeachtas cáilithe. Bhí tréimhse uafásach ag McGeady le Everton, áfach, gan ach 45 nóiméad imeartha aige don chlub idir mí Lúnasa 2015 agus deireadh mhí Eanáir 2016.

Dúirt ONeill leis go mbeadh club nua ag teastáil uaidh dá mbeadh McGeady chun a ait sa scuad a choinneáil agus tá sé sin déanta ag an gcliathánaí agus é anois ag imirt gach seachtain do Sheffield Wednesday. Tá aithne mhaith ag ONeill air ón am a chaith siad le chéile ag Celtic agus cheapfá go mbeadh sé sin ina bhuntáiste ag McGeady má tá rogha chrua le déanamh ag ONeill.

Fág freagra ar 'Na himreoirí a bheidh ag iarraidh dul i bhfeidhm ar Mhartin O’Neill anocht'