Céard is cuimhin leat faoi do chéad Oireachtas?
Thosaigh m’oilithreacht bhliantúil go hOireachtas na Samhna in 2012. Is dócha gur tháinig an tOireachtas chugam, mar sin féin, nuair a bhí sé i gCúige Uladh an uair dheiridh. Bhí mé fós ar Ollscoil ag an am i gCúil Raithin, agus shocraigh mé bualadh le baicle ábhar múinteoirí a bhí ag dul ann ó Choláiste Ollscoile Naomh Muire. Bhí sé fiánta…
An rud is fearr faoin Oireachtas…
An éagsúlacht. Is féidir bheith istigh ag éisteacht le comórtas amhránaíochta bomaite amháin, ag na lúibíní bomaite eile, ag cruinniú pleanála teanga nó seimineár Chonradh na Gaeilge bomaite eile, agus an chéad rud eile, bíonn tú i do sheasamh i gClub na Féile agus an chóisir faoi lán seoil. Bíonn rud éigin d’achan duine ann.
An rud is measa faoin Oireachtas…
Agus an tOireachtas i gCill Airne, an taisteal, go háirithe an turas abhaile. Nó na ‘gormacha iar-Oireachtais’ a thagann ort ar an Luan.
Cill Airne arís?
Caithfidh mé a rá, cé gur fuath liom an turas, bíonn sé iontach agus tú ann. Tá cuimhní iontacha agam den áit le 10 mbliana anuas. Ach, mar Ultach dílis, tá mé ag súil go mór leis an Oireachtas a mhealladh ó thuaidh, agus go Béal Feirste, sna blianta atá romhainn.
Comhairle don té atá ag freastal ar a chéad Oireachtas…
Bíonn blas ar an bheagán. Déan iarracht bualadh isteach chuig oiread rudaí agus is féidir leat. Caith seal sna comórtais, sna seoltaí, sna seimineáir agus bainfidh tú sult mór as an chraic san oíche. Ná himigh a luí róluath, nó fiú nuair a bhíonn Club na Féile thart, agus bí cinnte de go mbeidh dornán maith ‘preabsheisiún’ ann mall san oíche.
Club na Féile nó Corn Uí Riada?
Bíonn sé dúshlánach, ach ná creid gach seanfhocal i gcónaí, nó is gá don ghobadán, anois agus arís, an dá thrá a fhreastal.
Dá mbeifeá i bhfeighil ar an Oireachtas, céard iad na hathruithe a dhéanfá?
Bheadh an tOireachtas le bogadh ó Chúige go Cúige agus uasmhéid dhá bhliain in aon áit amháin. Bheadh seal rialta sa Ghaeltacht riachtanach.
Céard is comhartha Oireachtas maith ann?
Le tamall de bhlianta anuas tá renaissance amhránaíochta Oirialla agus Ghaelphobal Ard Mhacha Theas ag bailiú nirt. Achan bhliain tá an líon iomaitheoirí ón cheantar i gComórtas an Oireachtais ag méadú agus is tógáil chroí cairde agus comrádaithe a fheiceáil i mbun ceoil (agus lúibíní) ar ardán náisiúnta.
Céard iad na seifteanna atá agat le teacht slán as an Oireachtas?
Bí maith ag roghnú an t-am cuí le himeacht, go háirithe má bhíonn obair, dualgais nó comórtas agat ar maidin, agus bí ar nós Harry Houdini nuair a thiocfas an t-am, nó is féidir leis bheith deacair uaireanta an chraic a fhágáil i do dhiaidh.
Cén tOireachtas ab fhearr leat agus cén fáth?
Am ar bith a dtug iomaitheoir Ard Mhacha corn nó duais leo, nó duine de mhuintir Theilinn duais scéalaíochta leo, (agus creid uaim é nach luíonn mo chuid tallann féin leis an cheol nó leis an rince), mhothaigh mé bród ar leith. Is dócha gur ócáid ar leith a bhí san Oireachtas i mBaile Átha Cliath in 2019 agus gradam d’Fheachtas Meán Sóisialta na Bliana bronnta ar An Dream Dearg tráth a raibh an ghluaiseacht d’Acht Gaeilge ó thuaidh ag dul ó neart go neart.
Fág freagra ar '‘Ná himigh a luí róluath ach bí ar nós Harry Houdini nuair a thiocfas an t-am le himeacht’'