Ná hiarr ar pholaiteoirí cur suas le hionsaithe, imeaglú agus caitheamh caca

Ní thógfaí ort é, go háirithe más bean tú, dá gcuirfeá saol sa pholaitíocht as do cheann mar gheall ar iompar bagrach

Ná hiarr ar pholaiteoirí cur suas le hionsaithe, imeaglú agus caitheamh caca

Anne Rabbitte. Pictiúr: Sasko Lazarov / RollingNews.ie

Níor gortaíodh Anne Rabbitte ná Ciarán Cannon nuair a caitheadh cac leo le linn cruinnithe sa nGort oíche Dé Céadaoin. Mar sin féin léirigh an eachtra dainséar atá ag bagairt ar ionadaithe tofa agus ar an gcóras daonlathach i gcoitinne.

Is ábhar suntais é nár cuireadh an ruaig ar an bhfear a chaith aoileach leis an mbeirt agus gur ceadaíodh dó suí in aice leis an aire stáit Rabbitte go dtí gur chríochnaigh an cruinniú. Tá an scéal á fhiosrú ag na Gardaí ach thug a neamhdhíbirt le fios dá raibh i láthair nár bhreathnaigh an lucht eagair ar an eachtra mar mhí-iompar a thuill pionós.

Is fiú an scéal seo a mheá ar an gcéad dul síos trí shúile daoine ar mhaith leo tabhairt faoi ghairm pholaitiúil amach anseo.

Abair a léitheoir dhil go n-iarrfaí ort seasamh sa toghchán áitiúil in 2024. Nó, cuir i gcás, go mb’fhéidir go mbeadh fonn ort a bheith i do Theachta Dála uair éigin amach anseo.

Sara síneofá páipéar ainmniúcháin ar bith b’fhéidir go gcuimhneofá ar ar tharla d’Anne Rabbitte (a raibh uirthi a teach cónaithe a thréigean, agus a páistí ina teannta, ar feadh seachtaine cúpla bliain ó shin mar gheall ar bhagairtí báis) agus ar ar tharla do Chiarán Cannon.

B’fhéidir go gcuimhneofá freisin gur chun tacaíocht a thabhairt don lucht eagair a d’fhreastail an bheirt ar an gcruinniú a reáchtáladh chun athbhreithniú breithiúnach ar chead a thug an Bord Pleanála do thógáil ionad bithgháis sa cheantar a phlé.

B’fhéidir go gcuimhneofá ar an méid a tharla don Teachta Dála Martin Kenny ó Shinn Féin ar cuireadh a charr trí thine in 2018 taobh amuigh dá theach cónaithe. Nó ar chiontú fir i seoladh físeán gnéasach chuig Jennifer Carroll MacNeill ó Fhine Gael go gairid sular toghadh í mar Theachta Dála san olltoghchán in 2020.

Mura gcuimhneofá ar na heachtraí thuas, smaoineofá gan dabht ar na rudaí gránna bagracha a déarfaí fút ar na meáin shóisialta. Dúirt 65 faoin gcéad de na Teachtaí Dála a d’fhreagair ceistneoir a chuir RTÉ chucu in 2019 go ndearnadh bagairt uair éigin orthu go n-ionsófaí iad.  I gcás 52% de na Teachtaí Dála a d’fhreagair an suirbhé, bhagair daoine go díreach nó ar líne go maróidís iad.

Ní thógfaí ort é, go háirithe más bean tú, dá gcuirfeá rannpháirtíocht sa chóras polaitiúil as do cheann mar gheall ar an iompar bagrach a dhíreofaí ort, ar líne nó suas le d’aghaidh, dá dtoghfaí tú. Ní bheadh ort cur suas le bagairt agus le himeaglú dá leithéid, dá rachfá le gairm eile.

Ó tháinig scéal an chaca ón Ghort, dúradh go forleathan ar líne (a) gur thuill gach ionadaí rialtais ionsaí dá leithéid nó níos measa, (b) nach raibh aon chontúirt ann don bheirt agus (c) nach raibh ann dáiríre ach léiriú feirge a bhí réasúnta.

Ní raibh baint ná páirt ag Anne Rabbitte ná ag Ciarán Cannon leis an gcinneadh neamhspleách a rinne an Bord Pleanála agus ní bheidh smacht acu ach oiread ar thoradh an athbhreithnithe san Ard-Chúirt – má cheadaítear é. Ní raibh ciall ar bith mar sin le caitheamh aoiligh, fiú mar ghníomh feirge.

Ní foláir smaoineamh, áfach, ar an tionchar a bheidh ar an gcóras polaitiúil, de réir a chéile, ag bagairt ar pholaiteoirí.

Tugann na meáin shóisialta deis leanúnach láithreach do dhaoine atá meáite ar bhagairt agus ar mhasla dochar as cuimse a dhéanamh. Ní chuirfear srian ar a dtionchar polaitiúil cheal cur chuige níos éifeachtaí ón gcóras dlí agus ón bpobal.

Is dlúthchuid de chóras daonlathach na hÉireann go mbíonn caidreamh éasca leanúnach ar bun idir ionadaithe tofa agus an pobal. Cuirfear bac ar dhlúthchaidreamh dá leithéid má chothaíonn ionsaithe agus bagairtí scanradh i measc na bpolaiteoirí.

Ní chloistear Teachtaí Dála ag cur síos go minic ar bhagairt a rinneadh orthu féin, ar chúis shimplí a mhínigh Teachta amháin anuraidh d’údar an cholúin seo.

“Cuirim gach drochbhagairt faoi bhráid na nGardaí ach seachnaím caint go poiblí faoi na bagairtí go léir. Ní mian liom spreagadh ná aird a thabhairt ar dhuine ar bith atá freagrach as a leithéid,” a dúirt sí.

Ní réiteofar fadhb pholaitiúil ar bith le bagairt ná le caitheamh caca.

Is féidir fearg agus géar-bhreithiúnas a chur in iúl go soiléir in olltoghcháin.

Idir eatarthu, is fearr caint ná cacamas.

Fág freagra ar 'Ná hiarr ar pholaiteoirí cur suas le hionsaithe, imeaglú agus caitheamh caca'

  • Pádraig

    Tá muineál ar bpolaiteoirí mar magairlí marcaigh.
    Ní mór muineál teann a bheith ar bpolaiteoirí.

  • Mise Áine

    @thug a neamhdhíbirt le fios dá raibh i láthair nár bhreathnaigh an lucht eagair ar an eachtra mar mhí-iompar a thuill pionós.

    Millteanach gur tharla an neamhaird sin.

    @is fearr caint ná cacamas

    Aontaím.

  • Pádraig

    An bhfuil Tuairisc ar son lucht an ghinmhillte. ???.

  • Mícheál Ó Ruairc

    Aontaím go hiomlán nach féidir fadhb de chineál ar bith a réiteach le bagairt, foréigean ná le caitheamh caca.

    Agus cinnte is fearr caint ná cacamas ach amháin nuair is cacamas an chaint. Ar an drochuair, cothaíonn cacamas cainte na bpolaiteoirí soiniciúlacht agus easpa ómóis i measc an phobail. Ach maidir leis an eachtra a tharla i nGaillimh, níor roghnaigh an té a chaith na málaí beaga seálaithe ina raibh cac bó cruaite istigh iontu an bealach ceart chun agóid a dhéanamh.

    Agus ag tagairt do pholaiteoirí a bheith ag cur suas le hionsaithe, imeaglú agus caitheamh caca, trua nár deineadh an eangach a theilg ní ba leithne chun daoine agus seirbhísí atá i bhfad níos tábhachtaí agus níos riachtanaisí do shaoránaigh na tíre seo ná polaiteoirí agus a gcuid seirbhísí a chlúdach. Daoine ar nós na haltraí, fáilteoirí agus dochtúirí sna hionaid éigeandála, na gardaí a bhíonn ar dualgas de ló is d’oích, na hoibrithe sna hollmhargaí, sna siopaí agus sna bialanna, na tiománaithe bus, tacsaí agus traenach, na gardaí slándála a bhíonn ag iarraidh gnóthaí a chosaint ó ghadaithe agus ó choirpigh, na hoifigigh phríosúin ….. d’fhéadfainn dul ar aghaidh agus ar aghaidh. Cuireann na daoine seo go léir seirbhísí riachtanacha ar fáil don phobal ó cheann ceann na seachtaine, 365 lá sa bhliain. Cad fúthu siúd? Is beag lá a ghabhann thart nach n-ionsaítear, nach mbagraítear, nach sceimhlítear daoine ar an liosta thuas agus ar liostaí eile nach iad.

    Is beag poiblíocht a fhaigheann na híobartaigh seo ar na meáin Bhéarla ach go háirithe. Ach a luaithe is a tharlaíonn eachtra míthaithneamhach do pholaiteoir, cheapfá go raibh Lá Philib a’ Chleite tagtha. Neamhchosúil leis na polaiteoirí, ní fhéadfaí déanamh gan na daoine seo. An aon ionadh é mar mar sin go bhfuil sé níos deacra le gach lá a ghabhann thart daoine a earcú chun na poist luaite thuas a líonadh? Ba cheart do na meáin cothromaíocht a thabhairt dóibh agus aird níos níos mó a dhíriú orthu agus ar a gcuid trioblóidí.