Na hAlbanaigh réidh chun catha ach beidh níos mó ná díocas ag teastáil le Sasana a chloí

Roimh an gcluiche idir Sasana agus Albain anocht, imreoidh an tSualainn in aghaidh na Slóvaice agus casfaidh an Chróit agus Poblacht na Seice ar a chéile

Na hAlbanaigh réidh chun catha ach beidh níos mó ná díocas ag teastáil le Sasana a chloí

INPHO/Cathal Noonan

An tSualainn v an tSlóvaic – 2pm

Thug an tSualainn taispeántas den scoth ó thaobh na cosanta agus iad ag imirt in aghaidh an Spáinne ag tús na seachtaine. Bhí fíorbheagán de sheilbh na liathróide acu ach chríochnaigh na foirne ar comhscór mar gheall ar a dhiongbháilte is a bhí na Lochlannaigh agus a gcúl á chosaint acu.

Údar imní amháin a bheadh ann ná go mbeadh na himreoirí traochta mar gheall ar an dua a chaith siad sa chluiche sin ag coinneáil na Spáinne ó dhoras. Bhí go leor de na Sualannaigh tugtha i ndiaidh an chluiche agus ní raibh acu ach cúpla lá ach chun teacht chucu féin.

Ba é an t-ógánach Alexander Isak is mó a raibh gearradh ann agus, ar a laghad, ba cheart go mbeadh níos mó fuinnimh aigesean ó tharla gur baineadh den pháirc é agus 20 nóiméad fágtha an lá cheana.

Beidh an tSlóvaic ar mhuin na muice tar éis dóibh an Pholainn a shárú sa chéad bhabhta. Bhí daoine ag súil le taispeántas maith ó Robert Lewandowski ach is iad na Slóvacaigh a rug barr bua ar a gcéilí comhraic. An cosantóir Milan Škriniar, a choinnigh súil ghéar ar Lewandowski, a d’aimsigh an cúl cinniúnach sa dara leath agus cé go raibh fear sa bhreis acu ar feadh cuid mhaith den dara leath céanna, bhí an bua tuillte ag an tSlóvaic. Beidh bua eile uathu chun áit sa chéad bhabhta eile a bhaint amach sula dtabharfaidh siad aghaidh ar an Spáinn.

An Chróit v Poblacht na Seice – 5pm

Ábhar díomá ollmhór a bhí i dtaispeántas na Cróite sa chéad bhabhta in aghaidh Shasana ag an deireadh seachtaine. Ba léir go bhfuil an aois ag breith ar an bhfoireann a shroich cluiche ceannais Chorn an Domhain in 2018 agus is beag deiseanna a chruthaigh siad sa chluiche in Wembley.

D’airigh siad uathu go mór Mario Mandžukić, fear a bhí iontach le seilbh a choinneáil ar an liathróid agus cé go gceapfá go mbeidh sé beagáinín níos éasca deiseanna a chruthú in aghaidh Phoblacht na Seice tráthnóna, beidh géarghá le feabhas.

Bua 2-0 a bhí ag na Seicigh ar Albain sa chéad bhabhta ach bhí an t-ádh leo ar bhealach. Chruthaigh na hAlbanaigh go leor deiseanna sa chluiche sin agus dá mbeadh tosach chomh maith le Patrik Schick acu bheadh an cluiche buaite acu.

Scóráil Schick dhá chúl den scoth a bhris croí na nAlbanach agus is ar an bhfrithionsaí a bheidh na Seicigh ag imirt den chuid is mó arís anocht. Beidh siad ag brath go mór arís ar fhear Bayer Leverkusen.

Sasana v Albain – 8pm

Baineadh an ghaoth as seolta na nAlbanach Dé Luain nuair a chliseadar in aghaidh Phoblacht na Seice i nGlaschú agus tá dúshlán mór rompu in aghaidh Shasana in Wembley inniu más leo rudaí a chur ina gceart.

Níor imir Albain go dona sa chéad chluiche sin ach léiríodh go bhfuil sártosach de dhíth orthu agus go mbeidh sé an-deacair na foirne is fearr a shárú gan a leithéid. Dúirt captaen na hAlban, Andy Robertson, inné go síleann na hAlbanaigh nach bhfuil meas ag na Sasanaigh orthu agus, fiú murar fíor é, ábhar spreagtha breise a bheidh ann agus iad ag tabhairt faoina gcomharsana.

Beidh a fhios ag na Sasanaigh go mbeidh na hAlbanaigh ag iarraidh brú millteach a chur orthu ó thús agus fúthusan a bheidh sé guaim a choinneáil orthu féin agus cloí lena bplean.

Bainisteoir Shasana, Gareth Southgate. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

D’fhéadfadh go ndéanfaidh Gareth Southgate cúpla athrú ón gcluiche in aghaidh na Cróite Dé Domhnaigh seo caite. D’imir Kieran Trippier ar an taobh clé den chosaint sa chluiche sin ach seans go mbeadh Sasana níos fearr dá n-imreodh Luke Shaw nó Ben Chilwell san ionad sin. D’fhéadfaí athrú eile a dhéanamh i measc na dtosaithe freisin agus deis a thabhairt do Jack Grealish, Jadon Sancho nó Marcus Rashford ach seans go gcoinneoidh Southgate leis an triúr a thosaigh sa chéad chluiche.

Beidh na hAlbanaigh réidh chun catha in Wembley anocht ach beidh níos mó ná díocas ag teastáil chun foireann seo Shasana a chloí.

Fág freagra ar 'Na hAlbanaigh réidh chun catha ach beidh níos mó ná díocas ag teastáil le Sasana a chloí'