Na hainmhithe i gceannas ar an zú anseo agus muid idir dhá Nollaig 

An Drámadóir Beag an chéad duine a chuaigh anonn ag iarraidh an cat  a fháil amach as an gcrann nollag

Na hainmhithe i gceannas ar an zú anseo agus muid idir dhá Nollaig 

Tá na hainmhithe i gceannas ar an zú anseo agus muid idir dhá Nollaig. Níl a fhios agam an imithe ar ais go dtí an Mol Thuaidh atá an Eilf ar an tSeilf nó an é go bhfuil sé ite ag an ngadhar mar níl aon amharc air le cúpla lá is ní dhearna mise tada leis. Dháiríre.

Chonaic mé píosa beaga feilt dhearg stróicthe in íochtar leaba an ghadhair a bhí an-chosúil le éadach an Eilf. Ní chuirfeadh sé aon iontas orm ó tá an leath-íochtarach de mhaisiúcháin an chrainn Nollag leath-ite aici.

Is tá mo phluid dheas Nollag a cheannaigh mé anuraidh ite aici. Coirnéilín amháin a chogain sí an chéad bhliain. Nollaig eile agus tá an bua ag Lilí orm agus mo phluidín deas sciobtha aici uaim agus poll curtha trína lár ar fad aici.

Ar a laghad níl seilbh tógtha aici ar an gcrann Nollag mar a rinne cat strainséartha i dteach mo dheirféar roinnt blianta siar. Lá amháin, gan aon choinne (an féidir le duine coinne a bheith acu leis na rudaí seo?) shiúil cat isteach sa gcistineach tríd an doras cúil.

Anonn caol díreach go dtí an crann Nollag léi amhail is go mba léi an áit. Deirtear gur ligfear isteach in áit ar bith ach do dhóthain misnigh a bheith agat agus tú ag  dul isteach. Bhí an ráiteas sin cloiste ag an gcat, is léir.

Isteach léi faoin gcrann agus thosaigh á dhreapadh istigh ina lár agus lán tí ina seasamh is a mbéal ar leathadh ag stánadh ar an treaspásóir mímhúinte. Ní raibh a fhios ag éinne céard ba chóir dóibh a dhéanamh fúithi.

Nuair a bhí an cat dhá thrian den bhealach suas i lár an chrainn Nollag d’aimsigh sí fara di féin agus í ag stánadh amach orthu go dána ag tabhairt a dúshláin.

An Drámadóir Beag an chéad duine a chuaigh anonn ag iarraidh í a fháil amach as an gcrann.

‘Uiss, uiss, uiss,’ a deir sí leis an gcat, cairdiúil go leor.

‘Siossssss!’ a deir an cat agus nochtadh sí na crúcaí mar thaca leis.

‘Tá mé a cheapadh gur léi an crann anois!’ a deir an Drámadóir beag ag casadh ar a sáil sula gcrúcálfaí í.

Bhí an ceart aici. D’imigh lá agus d’imigh lá eile agus chuile uair a ndeachaigh siad róghar don chrann Nollag ‘Siossssss!’ a deireadh Ms. Whiskers, mar a bhí baistithe faoin am sin ar an gcat. Thuig chuile dhuine gur fearr a hainm foirmeálta a úsáid in aon teagmháil léi.

D’imigh an Nollaig agus d’fhan an cat. Dheonaigh sí a theacht anuas as an gcrann nuair a thosaigh na spíonlacha ag titim dhe. Is dóigh gur shocraigh sí nach raibh sé ina láthair sách galánta di nuair a bhí an glitz agus smais imithe dhe.

Rinne sí nead di féin ag bun leaba an Drámadóra Bhig agus is dóigh go raibh an cat buíoch as an tearmann mar thosaigh sí ag tabhairt ofrálacha isteach chuici mar chomhartha buíochais.

Is iomaí bronntanas a thug sí isteach is a leag sí ag bun na leaba ina dhiaidh sin. Luchíní, dallóg fhraoigh bhocht a raibh deireadh lena trioblóidí, snag breac, is níor bhfiú a bheith a rá léi nach raibh aon chall aici leis.

Fág freagra ar 'Na hainmhithe i gceannas ar an zú anseo agus muid idir dhá Nollaig '