D’fhógair Oireachtas na Gaeilge inniu na gearrliostaí do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2020.
12 gradam a bhronnfar le linn an tsearmanais bhronnta a bheidh á reáchtáil ar líne ar an 28 Deireadh Fómhair mar chuid de chlár imeachtaí fíorúla Oireachtas na Samhna.
Tá na gearrliostaí ar fad thíos.
Fógraíodh i mí an Mheithimh seo caite go mbeidh Oireachtas na Samhna á chur ar ceal den chéad uair le breis is 80 bliain ó shin de dheasca na paindéime Covid-19.
Beidh gradam nua amháin á bhronnadh i mbliana ar ‘Craoltóir Solabhartha na Bliana’.
Chothaigh an gradam don chraoltóir is solabhartha roinnt mhaith conspóide nuair a fógraíodh é an mhí seo caite agus léirigh saineolaithe teanga tuairimí éagsúla faoin cheist.
Seisear craoltóirí Gaeltachta atá ainmnithe don ghradam nua don chraoltóir is solabhartha, ina measc triúr craoltóirí de chuid Raidió na Gaeltachta; Helen Ní Shé, láithreoir An Saol Ó Dheas, Damien Ó Dónaill, a bhíonn ag craoladh ó stiúideo na nDoirí Beaga i nDún na nGall agus Máirín Ní Ghadhra, láithreoir An tSeachtain (Raidió na Gaeltachta) agus 7Lá (TG4).
An t-iriseoir aitheanta Seán Mac an tSíthigh (RTÉ/TG4), Maolra Mac Donnchadha, a chuireann Nuacht TG4 i láthair agus tráchtaire spóirt de chuid TG4 Brian Tyers an triúr eile atá san iomaíocht don ghradam.
Bronnadh dhá ghradam ar leith ar ‘Scannán na Bliana’ agus ar ‘Clár na Bliana’ anuraidh den chéad uair ach tá rannóg amháin déanta den rannóg sin arís i mbliana.
Sé léiriú atá ainmnithe ar an ghearrliosta do ‘Clár/Scannán na Bliana’ – Arracht (Macalla Teoranta), Ar ais go Berlin ‘89 (RTÉ), Croí Briste (Clean Slate TV), Nazi sa Ghaeltacht (Macha Media), Uchtú: Evanne Ní Chuilinn (Tyrone Productions), agus Saol Trí Ghaeilge (Aniar TV).
Ceithre chlár a craoladh ar TG4 atá ainmnithe don ghradam ‘Sraith Teilifíse na Bliana’ i mbliana, ina measc léiriú de chuid Clean Slate TV Scéal Phobal Bhóthar Seoighe. Is iad na cláir eile atá ainmnithe sa rannóg sin, Is Mise (Meangadh Fíbín), An Bhoirinn (Phoenix Films), 7Lá (RTÉ do TG4) agus Seoda Bhailiúchán na Scol (Aniar TV).
Tá trí shraith a craoladh ar Raidió na Gaeltachta, Mná na Meán, Adhmhaidin agus Bladhaire i measc na sé clár atá ainmnithe don ghradam ‘Sraith Raidió na Bliana’ i mbliana. Meon na mBan (Raidió na Life), Seal le Seán, (Raidió Rí-Rá) agus Ceoltóirí faoi Chaibidil (Raidió BBC Uladh) na trí shraith eile atá luaite sa rannóg sin.
Ceathrar atá ainmnithe sa rannóg Iriseoir na Bliana, Méabh Ní Thuathaláin, iriseoir le Tuairisc.ie, Seán Mac an tSíthigh agus Sorcha Ní Riada ó TG4/RTÉ agus Cóilín Ó Neachtain ó Raidió na Gaeltachta.
Beidh triúr craoltóirí de chuid Raidió na Gaeltachta, Áine Ní Bhreisleáin, Máirtín Tom Sheáinín agus Muireann Nic Amhlaoibh, san iomaíocht sa rannóg ‘Pearsa Raidió na Bliana’ chomh maith le Emma Ní Chearúil ó Raidió na Life agus Caoimhe Ní Chathail ó BBC Raidió Uladh.
Ar ghearrliosta ‘Pearsa Teilifíse na Bliana’ tá an bheirt mhúinteoirí Caitríona Ní Chualáin agus Fiachra Ó Dubhghaill, láithreoirí na sraithe scolaíocht bhaile Cúla4 ar Scoil a craoladh ar TG4 le linn na dianghlasála, Dáithí Ó Sé, a chuireann an tsraith Seal le Dáithí i láthair ar TG4, Eibhlín Ní Chonghaile, láithreoir Gaeltacht 2020 (TG4) agus Eoghan McDermott, láithreoir Junior Eurovision (TG4).
Painéal moltóirí a roghnóidh na buaiteoirí i ngach ceann de na rannóga seachas ‘Réalta Óg na Bliana’, mar a mbeidh vóta poiblí ann. Bronnfar chomh maith ag an ócáid ‘Buaicghradam Cumarsáide an Oireachtais’, gradam a bhronntar ar dhuine nó eagraíocht a roghnaíonn an tOireachtas féin aitheantas speisialta a thabhairt dóibh.
Tá cúigear ainmnithe sa rannóg ‘Réalta Óg na Bliana’, a bhfuil faoi aitheantas a thabhairt do dhaoine óga atá ag obair sna meáin.
Beidh beirt chraoltóirí de chuid Raidió na Gaeltachta, Máire Bríd Ní Chualáin agus Póilín Nic Géidigh, san iomaíocht le Síomha Ní Ruairc, láithreoir le TG4, Oisín Mistéil, blagadóir físeáin le BLOC TG4 agus láithreoirí ‘The Gael Marys’, Courtney Boyle, Rosie McNally agus Caoimhe Breathnach.
Tá gradam ann don fheachtas is fearr ar na meáin shóisialta arís i mbliana, cé nach bhfuil aon ghradam ar leith ann d’foilseacháin ar líne ná don iriseoireacht scríofa. Thug an tOireachtas le fios cheana gurbh amhlaidh go raibh suíomhanna idirlín na Gaeilge “ró-éagsúil” lena chéile chun iad a áireamh in aon chatagóir amháin.
Tá aitheantas á thabhairt d’iriseoirí scríofa anois sa chatagóir ‘Iriseoir na Bliana’ agus iad áirithe i dteannta iriseoirí craolta agus teilifíse.
Thréaslaigh Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais, a n-ainmniúcháin leo siúd a bhain áit amach ar na gearrliostaí.
Seo thíos liosta iomlán na n-ainmniúchán do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2019.
SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA | |
---|---|
Mná na Meán | RTÉ Raidió na Gaeltachta |
Seal le Seán | Raidió Rí-Rá |
Bladhaire | RTÉ Raidió na Gaeltachta |
Meon na mBan | Raidió na Life |
Ceoltóirí faoi Chaibidil | BBC Raidió Uladh |
Adhmhaidin | RTÉ Raidió na Gaeltachta |
IRISEOIR NA BLIANA | |
Seán Mac an tSíthigh | TG4 & RTÉ |
Méabh Ní Thuathaláin | Tuairisc.ie |
Cóilín Ó Neachtain | RTÉ Raidió na Gaeltachta |
Sorcha Ní Riada | TG4 & RTÉ |
SCANNÁN / CLÁR TEILIFÍSE NA BLIANA | |
Ar Ais go Berlin ‘89 | RTÉ |
Saol Trí Ghaeilge | Aniar TV |
Arracht | Macalla Teoranta |
Nazi sa Ghaeltacht | Macha Media |
Uchtú: Evanne Ní Chuilinn | Tyrone Productions |
Croí Briste | Clean Slate TV |
PEARSA RAIDIÓ NA BLIANA | |
Áine Ní Bhreisleáin | RTÉ Raidió na Gaeltachta |
Emma Ní Chearúil | Raidió na Life |
Máirtín Tom Sheáinín | RTÉ Raidió na Gaeltachta |
Caoimhe Ní Chathail | BBC Raidió Uladh |
Muireann Nic Amhlaoibh | RTÉ Raidió na Gaeltachta |
PEARSA TEILIFÍSE NA BLIANA | |
Dáithí Ó Sé | Seal le Dáithí, TG4 |
Eibhlín Ní Chonghaile | Gaeltacht 2020, TG4 |
Eoghan McDermott | Junior Eurovision, TG4 |
Caitríona Ní Chualáin | Cúla4 ar Scoil, TG4 |
Fiachra Ó Dubhghaill | Cúla4 ar Scoil, TG4 |
FEACHTAS MEÁN SÓISIALTA NA BLIANA | |
#fansabhaile | RTÉ Raidió na Gaeltachta |
#MiseFosta | Mise Fosta |
#IsDeontóirMé | Clann Mhic Gabhann |
#SeoÍanGhaeltacht | Údarás Na Gaeltachta agus lucht pleanála teanga |
#GaeltachtX | Conradh na Gaeilge |
CLÁR RAIDIÓ NA BLIANA AR STÁISIÚN RAIDIÓ POBAIL | |
Rudaí Mar Sin | Dublin City FM |
Gan Teorainn | Flirt FM |
Aon Scéal? | Phoenix FM |
Gaeilge Bhriste | West Limerick 102FM |
Beannachtaí an Lae | Raidió Phobal Clár Chlainne Mhuiris |
Ceol & Craic | Dublin City FM |
CLÁR RAIDIÓ NA BLIANA AR STÁISIÚN RAIDIÓ TRÁCHTÁLA | |
Muintir na nDéise | WLR FM |
Splanc | Newstalk |
Ruaille Buaille | Highland Radio |
Caint Chiarraí | Raidió Chiarraí |
SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA | |
Is Mise | Meangadh Fíbín |
Scéal Phobal Bhóthar Seoighe | Clean Slate TV |
An Bhoirinn | Phoenix Films |
7 Lá | TG4 |
Seoda Bhailiúchán na Scol | Aniar TV |
CRAOLTÓIR SOLABHARTHA NA BLIANA | |
Helen Ní Shé | RTÉ Raidió na Gaeltachta |
Maolra Mac Donnchadha | TG4 |
Seán Mac an tSíthigh | TG4 & RTÉ |
Máirín Ní Ghadhra | TG4 & RTÉ Raidió na Gaeltachta |
Brian Tyers | TG4 |
Damien Ó Dónaill | RTÉ Raidió na Gaeltachta |
RÉALTA ÓG NA BLIANA | |
Máire Bríd Ní Chualáin | RTÉ Raidió na Gaeltachta |
Síomha Ní Ruairc | TG4 |
Oisín Mistéil | BLOC TG4 |
Na Gael Marys | BBC 2 |
Póilín Nic Géidigh | RTÉ Raidió na Gaeltachta |
Concubhar Ó Liatháin
Tá suíomhanna idirlín ar nós Tuairisc agus Nós (gan trácht ar irisí ar nós Comhar, An tUltach agus Feasta) agus iriseoireacht chlóite a bhíonn i nuachtáin aitiúla agus eile ró éagsúil óna chéile chun go ndéanfaí iad a áireamh in aon chatargóir amháin, gan amhrás. Ba cheart go mbeadh catargóirí ann le h-aghaidh iriseoireacht nuachta, iriseoireacht spóirt, iriseoireacht gné ailt agus araile.
Níl sé ceart ach chomh beag go mbeadh scannáin ar nós Arracht in iomaíocht le cláracha faisnéise ar nós Nazi sa Ghaeltacht nó dramaí don idirlíon cosúil le Croí Bhriste. Ach sin atá déanta ag an Oireachtas i mbliana. Tá comórtas níos fearr, níos cuimsithí agus níos gairmiúla ná Gradaim Cumarsáide an Oireachtais tuillte ag daoine atá ag plé go gairmiúil leis na meáin trí Ghaeilge.