‘Bítear ag iarraidh an caighdeán is airde a bhaint amach’ – malairt tuairimí ann faoi ghradam nua do Ghaeilge ‘mhaith’

An gradam ‘gan ciall ná réasún’ nó gradam ar cheart ‘fáilte’ a chur roimhe é an gradam is déanaí atá fógartha ag Oireachtas na Gaeilge – Craoltóir Solabhartha na Bliana? Labhair Tuairisc.ie le beirt saineolaithe …

‘Bítear ag iarraidh an caighdeán is airde a bhaint amach’ – malairt tuairimí ann faoi ghradam nua do Ghaeilge ‘mhaith’

‘Ba cheart fáilte a chur roimh aon ghradam a thugann aitheantas do Ghaeilge mhaith’ – Áine Ní Chonghaile, iarstiúrthóir Europus

Ba cheart i gcónaí fáilte a chur roimh aon aitheantas a thugtar do Ghaeilge mhaith. Bíonn gradaim mar sin ag teangacha eile, mar sin cén fáth nach mbeadh a leithéid de ghradam ag teanga atá go mór faoi bhrú ar nós na Gaeilge? Cuideoidh sé le caighdeán na Gaeilge a ardú sa gcraoltóireacht. Tá daoine an-mhaith sa gcraoltóireacht cheana féin a bhfuil scoth na Gaeilge agus scoth na hurlabhraíochta acu agus féith na craoltóireachta iontu. Le gradaim agus duaiseanna, tuigfidh daoine céard é Gaeilge mhaith ó bheith ag éisteacht le daoine a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu agus a bhfuil aitheantas faighte acu mar gheall air sin.

Ní gá gur cainteoir ó dhúchas an duine is fearr cé gur cainteoirí maithe Gaeilge an chuid is mó acu. Níl aon duine ag iarraidh a bheith ag caitheamh anuas ar dhaoine nach bhfuil scoth na Gaeilge acu, ach bítear ag iarraidh an caighdeán a ardú an t-am ar fad.  Tarlaíonn an rud céanna i mBéarla, nuair a bhíonn daoine i mbun craoltóireachta trí Bhéarla, iarrtar orthu urlabhraíocht chruinn atá soiléir agus sothuigthe a bheith acu. Ní hé sin le rá go bhfuiltear ag caitheamh anuas ar dhaoine nach bhfuil an caighdeán sin bainte amach acu. Ní fheicim gur cheart go mbeadh aon choimhlint idir scoth na gcraoltóirí ó thaobh na hurlabhraíochta agus na cainte de agus daoine atá ag iarraidh an caighdeán sin a bhaint amach.

‘Ní dóigh liom go bhfuil ciall ná réasún le gradam dá leithéid agus is ait liom go molfaí é’ – Dr John Walsh, Léachtóir Sinsearach Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Ní dóigh liom go bhfuil ciall ná réasún le gradam dá leithéid agus is ait liom go molfaí é. Ba cheart cláracha Gaeilge a mheas bunaithe ar réimse leathan critéar: an nuálaíocht agus an tsamhlaíocht a bhaineann leo, an taighde a dhéantar lena n-aghaidh, na daoine a ghlacann páirt iontu, an caidreamh a chothaíonn siad leis an lucht éisteachta agus gnéithe eile. Níor cheart gradam a bhunú ar an tslí a labhraíonn láithreoir ach ar mheascán i bhfad níos leithne ná sin. D’fhéadfadh duine a shamhlaítear mar chainteoir fíorchruinn eiseamláireach clár an-leadránach go deo a chur i láthair gan nuáil ar bith ag baint leis nó gan ann ach ábhar seanphléite, seanchaite a chualathas go minic cheana.

Ní léir ach an oiread cad is brí le Gaeilge ‘nádúrtha’. Úsáidtear an códmheascadh (meascán de Ghaeilge agus de Bhéarla san abairt chéanna) go nádúrtha sa Ghaeltacht agus i measc cuid mhaith cainteoirí líofa eile, rud atá thar a bheith ‘nádúrtha’ i gcomhthéacsanna dátheangacha. An é sin an saghas Gaeilge a thabharfadh an chraobh leis? Tá leaganacha neamhthraidisiúnta Gaeilge le clos ar na meáin Ghaeilge go léir, cuid acu sa Ghaeltacht, agus ar stáisiúin raidió ar nós Raidió na Life agus Raidió Fáilte. Is léiriú iad ar chúinsí sóisialta na teanga agus is scáthán iad ar chleachtais nádúrtha ag cainteoirí de chúlraí éagsúla. An leis na leaganacha sin a bheadh an lá?

Ní fheictear dom ach an oiread conas a chruthófaí slata tomhais réasúnta chun ‘craoltóir solabhartha’ a mheas – cén caighdeán a leagfaí síos, agus cé a dhéanfadh an cinneadh? Tá i bhfad níos mó fadhbanna ag craoltóireacht na Gaeilge ná seo – easpa infheistíochta agus acmhainní, easpa mhór cláracha Gaeilge ar sheirbhísí Béarla agus easpa tacaíochta do chraoltóirí Gaeilge orthu – agus b’fhearr go mór díriú ar na dúshláin sin a réiteach.

Fág freagra ar '‘Bítear ag iarraidh an caighdeán is airde a bhaint amach’ – malairt tuairimí ann faoi ghradam nua do Ghaeilge ‘mhaith’'

  • Úna

    Is féidir an dá thrá a fhreastal ….gradaim do chláracha maithe lena mbaineann nuálaíocht agus samhlaíocht (mar a deir John) agus gradaim do shaibhreas teanga (mar a deir Áine)…..nach féidir linn an craiceann agus a luach a fháil?

  • Bríd

    Muna nglacfadh muid le droch Bhéarla, cén chúis go nglacfadh muid le droch Ghaeilge? Caighdeán & gairmiúlacht & dea-shampla in iompar teanga riachtanach don óige. Cad atá le rá ag lucht an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta? An ann don Scéim Aitheantais a thuilleadh?