Mearbhall ar dhaoine faoi dhuais ‘aisteach’ nua do chraoltóirí Gaeilge ‘solabhartha’

Chothaigh an gradam nua atá fógartha ag Oireachtas na Gaeilge do ‘Chraoltóir Solabhartha na Bliana’ roinnt mhaith conspóide ar líne

Mearbhall ar dhaoine faoi dhuais ‘aisteach’ nua do chraoltóirí Gaeilge ‘solabhartha’

Tá mearbhall ar idir chraoltóirí agus shochtheangeolaithe faoi dhuais nua atá le bronnadh ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais i mbliana – ‘Craoltóir Solabhartha na Bliana’.

Fógraíodh an gradam nua le déanaí agus é mar aidhm ag lucht an Oireachtais aitheantas a thabhairt do chraoltóirí “as cur i láthair soiléir, snasta, líofa, i dteanga shaibhir chruinn, agus a bhfuil rithim nádúrtha na Gaeilge ina sruth cainte”.

Dúirt an léachtóir agus iarchraoltóir aitheanta Norita Ní Chartúir le Tuairisc.ie gur chuir sí fáilte roimh an ngradam ach go raibh sé “truamhéalach ach réalaíoch” go bhfuil a leithéid ag teastáil agus í den tuairim go raibh sé “an-deacair” sárchraoltóir sna meáin Ghaeilge a fháil.

Ach dar le roinnt mhaith Gael ar Twitter, craoltóirí de chuid RTÉ RnaG ina measc, tá sé “aisteach” go bhfuil a leithéid de ghradam le bronnadh ag an Oireachtas.


Dúirt an sochtheangeolaí as Gaeltacht na nDéise, Noel Ó Murchadha, go bhfuil sárchraoltóirí ann sna meáin Ghaeilge i láthair na huaire, ach go bhfuil sé “níos tábhachtaí aitheantas a thabhairt do dhaoine as an obair a dhéanann siad seachas as an mbealach a labhraíonn siad”.


Mhaígh daoine eile go raibh dearcadh sotalach ag baint le cuid de scéal an ghradaim nua agus gurb amhlaidh go gcuirfí faitíos ar dhaoine an Ghaeilge a úsáid.

Dúirt Órla O’Donnell, iriseoir de chuid RTÉ News, go raibh “an meon céanna” ann nuair a thosaigh sí ag obair le Teilifís na Gaeilge breis is 20 bliain ó shin.

Mheas Páid Ó Donnchú, a bhíonn i mbun tráchtaireachta ar líne go minic faoi chás na teanga, go raibh ciall leis an ngradam nua agus gurb amhlaidh go mbíonn an iomarca duaiseanna á mbronnadh ar iriseoirí na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Mearbhall ar dhaoine faoi dhuais ‘aisteach’ nua do chraoltóirí Gaeilge ‘solabhartha’'

  • Gabriel Rosenstock

    Gradam ag teastáil chun ceiliúradh a dhéanamh ar iriseoirí a cheistíonn an status quo.

  • pádraig o muircheartaigh

    Is iontach an smaoineamh gradam fé leith a bhronnadh ar chainteoir líofa sothuigthe chun a thaispeáint do chách an caighdeán soghlactha.Buann Siún Nic Gearailt an gradam i mo thuairimse.Tá an caighdeán sách ard aici ach i gcás daoine eile i saol na craoltóireacht níl.