‘Truamhéalach ach réalaíoch’ – gradam nua le haitheantas a thabhairt do chraoltóirí a bhfuil Gaeilge ‘nádúrtha’ acu

Tá gradam nua atá le bronnadh ag Oireachtas na Gaeilge ar ‘Chraoltóir Solabhartha na Bliana’ ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais

‘Truamhéalach ach réalaíoch’ – gradam nua le haitheantas a thabhairt do chraoltóirí a bhfuil Gaeilge ‘nádúrtha’ acu

Tá sé ráite ag an léachtóir agus iarchraoltóir aitheanta Norita Ní Chartúir go léiríonn gradam nua atá le bronnadh ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais i mbliana cé chomh “tanaí” agus atá an Ghaeilge sa chraoltóireacht faoi láthair.

D’fhógair an tOireachtas le déanaí go bhfuil an gradam nua, Craoltóir Solabhartha na Bliana, le bronnadh chun aitheantas a thabhairt do chraoltóirí “as cur i láthair soiléir, snasta, líofa, i dteanga shaibhir chruinn, a bhfuil rithim nádúrtha na Gaeilge ina sruth cainte”.

Chuir Norita Ní Chartúir, iarchraoltóir agus léachtóir sa chumarsáid in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, fáilte roimh an ngradam nua, ach deir sí go bhfuil sé “truamhéalach ach réalaíoch” go bhfuil a leithéid de ghradam ag teastáil chun aitheantas a thabhairt do shárchraoltóirí Gaeilge.

“Tá an Ghaeilge an-tanaí sa gcraoltóireacht teilifíse agus raidió faoi láthair. Tá sé an-deacair an sárchainteoir a fháil,” a deir sí.

“Nuair a chloisinn Máirtín Jaimsie ag caint, nuair a chloisinn Johnny Chóil Mhaidhc, Mike P. Ó Conaola, Breandán Ó hEithir – b’in sárchraoltóireacht. Ní raibh aon chall dóibh a bheith ag stodaireacht ná ag cuimhneamh ar céard a bhí siad chun a rá mar go raibh an cumas acu iad fhéin a chur in iúl. Bhí siad inniúil sa teanga, bhí an saibhreas acu.”

Bronntar gradaim ar phearsana raidió agus teilifíse na bliana ag na Gradaim Chumarsáide chomh maith, ach ceapann Ní Chartúir go bhfuil sé tábhachtach aitheantas a thabhairt d’ardchumas agus saibhreas cainte craoltóirí.

“Tá sé sách deacair craoltóir Gaeilge a fháil atá go maith ach tá sé an an-deacair sárchraoltóir a fháil a bhfuil cumas iontach cainte, saibhreas cainte acu, go bhfuil an teanga ar a dtoil acu,” a deir sí.

“Fós fhéin, chuirfinn fáilte roimhe mar go dtabharfaidh sé spreagadh do dhaoine go bhfuil a leithéid de shlat tomhais ann agus sárchainteoir, sárchraoltóir Gaeilge. Nuair a bhíodh mise ag craoladh dá mbronntaí ormsa é, bheinn an-mhórtasach.”

Molann Ní Chartúir duine amháin mar shampla de chraoltóir teilifíse a bheadh i dteideal an ghradaim – Maolra Mac Donnchadha ó Nuacht TG4.

“Tá sé i léig eile ar fad i gcomparáid le go leor leor craoltóirí, agus ní ag déanamh beagán de dhuine ar bith é,” a deir Ní Chartúir

Fágann an gradam nua go bhfuil trí ghradam ar leith d’iriseoirí agus craoltóirí raidió agus teilifíse ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ach gan aon cheann ar leith ann do lucht scríofa na Gaeilge.

Cé go bhfuil gradam ann don fheachtas is fearr ar na meáin shóisialta, níl aon ghradam ann do na foilseacháin ar líne. Bhain conspóid cúpla bliain ó shin leis an scéala nach raibh aon ghradam ar leith le bheith ann feasta don iriseoireacht scríofa. Thug an tOireachtas le fios an uair sin gurbh amhlaidh go raibh suíomhanna idirlín agus foilseacháin na Gaeilge “ró-éagsúil” lena chéile chun iad a áireamh in aon chatagóir amháin.

Maíonn an tOireachtas gur leor aitheantas á thabhairt d’iriseoirí scríofa sa chatagóir ‘Iriseoir na Bliana’ agus iad áirithe i dteannta iriseoirí craolta agus teilifíse.

Deir Ní Chartúir gur faillí atá sa chinneadh sin agus gur cheart an t-aitheantas céanna a thabhairt do lucht craoltóireachta agus lucht scríofa na Gaeilge.
“Tá an scríbhneoireacht chomh tábhachtach leis an gcaint,” a deir sí.

“Teastaíonn spreagadh sa saol sin chomh maith. Teastaíonn spreagadh ó chainteoirí óga, ó dhaoine atá ag scríobh i nGaeilge, aitheantas go bhfuil fiúntas leis an obair.”

Bronnfar an gradam do ‘Chraoltóir Solabhartha na Bliana’ agus gradaim eile an Oireachtais ag ócáid bhronnta fhíorúil i mbliana toisc Oireachtas na Samhna a bhí le bheith i nGaillimh curtha ar ceal de bharr an choróinvíris.

Fág freagra ar '‘Truamhéalach ach réalaíoch’ – gradam nua le haitheantas a thabhairt do chraoltóirí a bhfuil Gaeilge ‘nádúrtha’ acu'

  • MacD

    Buíochas le Dia go bhfuil seo aitheanta! B’fhéidir go dtabharfadh sé ugach don dream seo atá le cloisteáil ar TG4 chuile lá nach ndéanann iarracht ar bith ó thaobh foghraíochta

  • Concubhar Ó Liatháin

    Gradam eile do chraoltóírí as a gcuid oibre a dhéanamh. Níl aon suim ag Oireachtas na Gaeilge i scríobh na Gaeilge mar is dream chomh gránna sinn. B’fhearr leo bheith ag bronnadh gradaim ar chraoltóirí mar tá siad alainn agus, anois, ‘solabhartha’.

  • CF

    Ma tá cúrsaí labhairt agus scríobh na Gaeilge chomh dona agus atá daoine ag rá, cé a bheas ábalta moltóireacht a dhéanadh ar ghradam mar seo. Nuair is mó an greann sea is fearr eirí as.

  • Mac an Mheiriceánaigh

    A Chonchubhair, ní theastaíonn ach cúig níoméad chun an Ghaeilge bhinn a aithint ar an raidió. Teastaíonn i bhfad níos mó ama chun scríbhneoireacht a mheas. Má tá tú ag iarraidh breithiúna a fhostú go lánaimseartha b’fhéidir go gcuirfidís gradaim scríbhneoireachta sa mbreis ar fáil duit

  • Tricky Mickey

    Aontaím le Mac a Chonchubhair, caithfidh mé a rá, tá a lán daoine a bhfuil in ann Gaeilge a scríobh agus gan fuaimniú ceart ná blas ar bith acu.

    De réir mar atá na Gaeltachtaí ag dul i léig tá na cainteoirí binn ag fánú.

    Taispeánann gradam mar seo go bhfuil caighdeán mar sprioc ann, agus b’fhéidir go dtabharfaidh sé spreagadh do dhaoine feabhas a chur ar a gcuid foghraíocht.