Tá na Gardaí i mbun fiosrúcháin faoin scéala gur bhásaigh bean sna seascaidí i nGaeltacht Chonamara tráthnóna nuair a rinne madraí ionsaí uirthi.
Cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála timpeall 3pm tráthnóna nuair a rinne dhá mhadra ionsaí ar an mbean i gCnoc ar Easair i bparóiste Mhaigh Cuilinn.
Tuairiscítear go raibh an bhean ar cuairt ar ghaolta léi nuair a tharla an eachtra agus gur tarbhmhaistíní iad na madraí a bhí i gceist.
Fógraíodh ar an láthair go raibh an bhean marbh agus tugadh a corp go dtí Ospidéal na hOllscoile sa Ghaillimh le go ndéanfaí scrúdú iarbháis.
Tá an eachtra á fiosrú ag na Gardaí i mBóthar na Trá.
Fág freagra ar 'Na Gardaí i mbun fiosrúcháin faoi bhás mná ar ionsaigh dhá mhadra i gConamara í'