Cúig bliana déag ó shin chas Gaillimh agus Baile Átha Cliath ar a chéile i gcluiche ceannais Faoi-21 na hÉireann, mar a dhéanfaidh siad arís an Satharn beag seo sa Tulach Mhór.
Bhí réalta ó fhoirne sinsir ag an dá chontae ag an am: leithéidí Kieran Fitzgerald, Joe Bergin agus Matthew Clancy ag Gaillimh agus Stephen Cluxton, Paul Casey agus Alan Brogan ag Baile Átha Cliath. Cé gurbh iad Baile Átha Cliath rogha na coitiantachta in 2002, ba iad Gaillimh a thug leo an corn, agus bua 0-15 in aghaidh 0-8 ag fir an iarthair, a bhuíochas cuid mhaith do thaispeántas Michael Meehan, duine den bheirt a d’imir sa chluiche úd agus atá fós ag imirt dá gcontae. Ar ndóigh, is é Cluxton an t-imreoir eile.
B’iontach an spreagadh do phobal na peile i nGaillimh an bua sin, go háirithe agus Craobh Shinsir na hÉireann buaite ag Gaillimh an bhliain roimhe sin, ach tá a fhios ag an saol nach tuar maith i gcónaí iad na torthaí faoi aois. Níor bhuaigh aon fhoireann shinsir as Gaillimh cluiche i bPáirc an Chrócaigh idir sin agus cluiche ceannais na sraithe i mbliana agus tá a lán bonn uile-Éireann buaite ag imreoirí Bhaile Átha Cliath ó fhoireann 2002.
Gaillimh

David Morris
Ba iad Alan Keane agus Brian O’Donoghue, an bheirt chúl báire óg, a bhí in iomaíocht lena chéile d’áit ar fhoireann faoi-21 na bliana 2002 agus murab ionann agus Keane, ní bhfuair Morris deis riamh imirt leis an bhfoireann shinsir.
Clive Monaghan
D’imir Monaghan le sóisir na Gaillimhe in 2003 sula bhfuair sé ardú céime go dtí na sinsir. Thosaigh sé in aghaidh Londan sa chraobh in 2004 ach, cé go raibh sé ar an bpainéal ar feadh cúpla bliain eile, ní mór a chonacthas de.
Kieran Fitzgerald
Bhí gradam All-Star buaite cheana féin ag Fitzgerald in 2001, agus é ar fhoireann shinsir na Gaillimhe a bhuaigh Craobh na hÉireann. D’éirigh sé as an imirt idirchontae in 2011 ach tá gaiscí fós á ndéanamh aige lena chumann, Cora Finne.

Michael Comer
Bhí áit bainte amach cheana féin ag Comer ar phainéal sinsir na Gaillimhe faoin am sin, cé nár thosaigh sé i gcluiche craoibhe go dtí 2003. D’imir sé ar fhoireann na Gaillimhe go dtí 2008.
Richard Murray
Fear eile nár éirigh leis an beart a dhéanamh agus áit a fháil leis na sinsir, tá Murray anois ag imirt do Mhóin an Lín i Luimneach agus craobh an chontae buaite aige leo in 2011 agus 2016.
Diarmuid Blake
D’imir Blake sa tsraith do Gaillimh in 2003 ach thóg sé cúpla bliain eile air áit a bhaint amach ar fhoireann na craoibhe. D’éirigh leis é sin a dhéanamh in 2006 agus ba é ba mhinice a d’imir mar leathchúlaí láir do Ghaillimh as sin go dtí 2011.
Kevin Brady
D’imir Brady i gcluiche ceannais Faoi-21 na hÉireann sa pheil agus san iomáint in 2002 agus d’imir sé d’fhoireann shinsir John O’Mahony in 2003. Chaith sé seal leis na peileadóirí agus leis na hiománaithe ina dhiaidh sin agus d’imir sé a chluiche deireanach do Gaillimh sa tsraith peile in 2011.

Joe Bergin
Ainmníodh Bergin mar Imreoir Óg na Bliana in 2000 agus ba eisean captaen na Gaillimhe sa chluiche ceannais faoi-21 in 2002. Fathach lár páirce a bhí ann do Ghaillimh ach ba mhinic é gortaithe i dtreo dheireadh a théarma leis an gcontae agus d’éirigh sé as in 2012.
Kieran Comer
Ní raibh Comer ach 18 bliain d’aois nuair a d’imir sé d’fhoireann shinsir na Gaillimhe den chéad uair i 1999. Tháinig sé isteach mar ionadaí i gcluiche ceannais na hÉireann in 2001 ach níor éirigh leis áit sheasta a bhaint amach ar an bhfoireann riamh.
Matthew Clancy
Imreoir eile a bhí ar an mbinse do chluiche ceannais 2001. Imreoir tábhachtach a bhí ann do Ghaillimh sna blianta ina dhiaidh sin. D’éirigh sé as an imirt dá chontae in 2012. Faoin am sin bhí Craobh Chonnacht buaite ceithre huaire aige agus bonn uile-Éireann ina sheilbh aige chomh maith.
John Devane
Bhain Devane áit amach ar fhoireann shinsir John O’Mahony do chraobh na bliana 2004. D’fhág O’Mahony ag deireadh na bliana sin agus cé gur imir Devane sa tsraith in 2005, níor imir sé mórán don chontae ina dhiaidh sin.
Damien Burke
Damien Burke Eanach Dhúin a d’imir do Ghaillimh i gcluiche ceannais 2002, seachas Damien Burke Chora Finne, cosantóir a d’imir do Gaillimh idir 2004 agus 2012, atá i gceist anseo. Níor imir fear Eanach Dhúin do na sinsir riamh.

Michael Meehan
Ní raibh Meehan ach 17 bliain d’aois sa chluiche ceannais ach fós féin d’éirigh leis 0-5 a scóráil. Bhuaigh sé Craobh Faoi-21 eile in 2005 agus aithnítear é ar dhuine de na himreoirí ab fhearr a bhí ag Gaillimh le fada. Chuir gortuithe as go mór dó, ach tá sé ar ais ar phainéal na Gaillimhe faoi láthair.
Derry O’Brien
Fear eile a fuair deis in 2003. Thosaigh O’Brien sa chéad chluiche craoibhe, in aghaidh Ros Comáin, ach baineadh den pháirc é tar éis 28 nóiméad. Níor thosaigh sé cluiche craoibhe eile dóibh ina dhiaidh sin.
Nicky Joyce
Col ceathrair le Pádraig Joyce, tá Nicky áirithe ar dhuine de na himreoirí is cumasaí a bhí ag Gaillimh le 15 bliain anuas ach cuireadh ina leith sách minic nach raibh sé díograiseach a dhóthain.
Bhuaigh sé Craobh Chonnacht in 2003, in 2005 agus in 2008.
Ionadaithe:
David Hanly
Chaill Hanly a áit ar an bhfoireann don chluiche ceannais ach tháinig sé isteach sa dara leath. Fear eile nár imir do na sinsir.
Foireann Bhaile Átha Cliath

Stephen Cluxton
Faoin 2002, bhí Cluxton ag imirt cheana féin sa chúl do shinsir Bhaile Átha Cliath agus Craobh Laighean buaite aige níos luaithe an samhradh sin. Tá ceithre bhonn uile-Éireann buaite aige ó shin agus é aitheanta anois ar an gcúl báire is fearr dá raibh ann.
Nathan Kane
D’imir Kane le sinsir Bhaile Átha Cliath do Chorn Uí Bhroin in 2003 agus bhí sé ar fhoireann Faoi-21 na príomhchathrach a bhuaigh Craobh na hÉireann an bhliain chéanna. Chuaigh sé ar imirce go Londain ina dhiaidh sin agus d’imir sé sa tsraith dóibh in 2004.
Donnacha Corcoran
Tugadh deis do Corcoran chomh maith do Chorn Uí Bhroin in 2003. Faoin mbliain 2005, is don Longfort a bhí an lánchúlaí ag imirt agus d’imir sé in aghaidh Bhaile Átha Cliath i gCraobh Laighean na bliana sin.
Paul Griffin
Imreoir eile a bhí ar an bhfoireann bhuacach Faoi-21 in 2003, tugadh ardú céime dó gan mhoill. Ceapadh ina chaptaen ar fhoireann Bhaile Átha Cliath é in 2009 ach bhí sé gortaithe nuair a bhuaigh Baile Átha Cliath cluiche ceannais na hÉireann in 2011.

Paul Casey
Bhí Casey ar fhoireann na sinsear in 2002 chomh maith agus faoin am ar éirigh sé as an imirt idirchontae in 2012, bhí Craobh Laighean buaite aige seacht n-uaire, chomh maith le bonn uile-Éireann, in 2011.
Bryan Cullen
Ar ndóigh, ba é Cullen a d’ardaigh Corn Mhig Uidhir do Bhaile Átha Cliath in 2011. Ní raibh sé ach 18 agus é ag imirt do Bhaile Átha Cliath i gcluiche ceannais Faoi-21 na bliana 2002. Thosaigh sé ag imirt do na sinsir an bhliain dár gcionn agus bhí sé leo gur éirigh sé as dhá bhliain ó shin.
Neil O’Driscoll
Níor imir O’Driscoll, a bhí ag imirt sa líne leathchúil in 2002, d’fhoireann shinsir Bhaile Átha Cliath riamh.

Darren Magee
Bhí an fear lár páirce ar dhuine eile de na himreoirí sin a raibh cluichí imeartha acu do shinsir Bhaile Átha Cliath roimh chluiche ceannais Faoi-21 2002, agus ba in 2010 a stop sé ag imirt dá chontae.
Conor Murphy
Ba i gCorn Uí Bhroin, i mí na Samhna 2001, a d’imir Murphy a chéad chluiche do shinsir Bhaile Átha Cliath ach faoin am ar chaill sé a áit ar an bpainéal é in 2005, ba bheag dul chun cinn a bhí déanta aige leis an gcontae.
Liam Óg Ó hÉineacháin
Bhí Ó hÉineacháin ar phainéal na sinsear idir 2003 agus 2005. D’imir sé sa chraobh in aghaidh Laoise an chéad bhliain acu sin, agus tugadh isteach arís é in 2009 tar éis do Chrócaigh Chill Mochuda Craobh an hÉireann a bhuachan.
Conal Keaney
Bhí Keaney ar an bhfoireann Faoi-21 arís nuair a bhuaigh Baile Átha Cliath an chraobhchomórtas in 2003 agus d’imir sé a chéad chluiche do na sinsir i gcraobh 2004. Bhuaigh sé Craobh Laighean cúig huaire sular dhírigh sé ar an iomáint in 2011.
Declan Lally
Fear eile a bhí imeallach ar an phainéil ar feadh cúpla bliain, chaith Lally seal san Astráil ach bhí sé ar ais i scuad Bhaile Átha Cliath nuair a bhuaigh siad Craobh na hÉireann in 2011.

Alan Brogan
Bhain Brogan áit amach ar fhoireann shinsir Bhaile Átha Cliath níos luaithe in 2002 agus ba é a bhí ina chaptaen nuair a bhuaigh siad Craobh Faoi-21 na hÉireann in 2003. D’éirigh sé as tar éis dó Craobh Shinsir na hÉireann a bhuachan den tríú huair in 2015.
Graham Cullen
D’imir Cullen i gCorn Uí Bhroin d’fhoirne Tommy Lyons agus Paul Caffrey, ach níor éirigh leis áit a bhaint amach ar fhoireann na craoibhe riamh.
Tomás Quinn
Chuaigh Quinn isteach díreach ar fhoireann shinsir Bhaile Átha Cliath in 2003 agus ba é a bhí i mbun na gciceanna saora do Bhaile Átha Cliath ar feadh na mblianta. D’éirigh sé as an imirt idirchontae in 2012.
Ionadaithe:
David O’Callaghan
Mar iománaí is fearr aithne air anois ach bhíodh ‘Dotsy’ ag imirt le foireann shinsir Bhaile Átha Cliath idir 2003 agus 2007.
Declan O’Mahony
Tar éis dó ceithre bliana a chaitheamh ar an bpainéal idir 2005 agus 2009, thug Jim Gavin an t-imreoir lár páirce isteach arís in 2012 agus bhí sé sa scuad a bhuaigh Craobh na hÉireann in 2013.
Séamus Walsh
Bhí Walsh in ionadaí in 2002 ach bhí an lántosach mór seo ar an bpáirc ó thús an chluiche nuair a bhuaigh Baile Átha Cliath an Chraobh Faoi-21 in 2003. Le linn ré Pat Gilroy, bhí Walsh ar imeall an phainéil i gcónaí ach ba bheag a d’imir sé.
Michael Lyons
Fear eile é Lyons nach ndeachaigh ar aghaidh chun áit a bhaint amach ar phainéal na sinsear ach bhí sé ar an bhfoireann Faoi-21 a thug an chraobh leo in 2003.
Gareth Smith (0-1)
Chaith Smith, a bhuaigh Craobh Faoi-21 na hÉireann in 2003, tréimhsí ar phainéil Bhaile Átha Cliath agus iad faoi cheannas Tommy Lyons agus Paul Caffrey. In 2010, áfach, rinne sé an cinneadh imirt do chontae dúchais a mhuintire, an Cabhán, agus d’imir sé leo i gCraobh Uladh in 2010 agus 2011.
Barry Cahill
Ba é Cahill captaen na foirne ach níor imir sé sa chluiche ceannais de bharr go raibh gortú ag cur as dó. D’imir sé leis an bhfoireann shinsir freisin in 2002. Bhuaigh sé All-Star in 2007 agus d’éırigh sé as a bheith ag imirt do Bhaile Átha Cliath in 2013.
Fág freagra ar 'Gaillimh agus BAC a d’imir i gcluiche ceannais faoi-21 na hÉireann in 2002. Conas a rinne siad ina dhiaidh?'