Bhí an tráchtaire iomráiteach spóirt Mícheál Ó Muircheartaigh, an gníomhaí teanga agus iar-uachtarán ar Chonradh na Gaeilge Gearóid Ó Cairealláin agus an t-oifigeach pleanála teanga Máire Úna Ní Fhátharta i measc na nGael a d’imigh ar shlí na fírinne in 2024.
Dé hAoine seo caite a fuarthas an drochscéal go raibh Gearóid Ó Cairealláin, duine de mhórghaeil Bhéal Feirste, tar éis bháis. Bhí Gearóid Ó Cairealláin ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge idir 1995-1998 agus is iomaí togra ceannródaíoch a raibh baint aige lena mbunú – an nuachtán Lá, Aisling Ghéar, an comhlacht amharclannaíochta, Raidió Fáilte, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich agus Meánscoil Feirste.
Mí Iúil a bhásaigh ‘Glór na nGael’ Mícheál Ó Muircheartaigh agus é 93 bliain d’aois. Trí scór bliain a chaith an Muircheartach le gairm na tráchtaireachta agus thuill a thráchtaireacht shainiúil aitheantas dó chomh maith leis an tslí a bhí aige leis an dá theanga oifigiúla a úsáid go nádúrtha.
Léiriú ar an ngean agus an cion a bhí ag a pobal Gaeltachta féin ar Mháire Úna Ní Fhátharta a bhí sa chuardach mór ar chuan agus ar chladach a rinneadh nuair a chuaigh an tOifigeach Pleanála Teanga do Chois Fharraige ar iarraidh agus í ag snámh ag Trá na gCeann i mBearna i mí na Samhna. Ghlac breis agus 2,000 duine páirt sa chuardach fairsing don bhean óg 32 bliain d’aois as Doire Locháin sna Forbacha a bhásaigh go tragóideach.
Léirigh Uachtarán an hÉireann, Mícheál D Ó hUigínn ómós don teagascóir, aistritheoir, bádóir, muireolaí, agus gníomhaí timpeallachta Padraic de Bhaldraithe a fuair sé bás i mí Iúil. Bhí aithne phearsanta ag an Uachtarán ar Phadraic ón tréimhse a chaith an bheirt mar mhic léinn in Ollscoil na Gaillimhe. Bhí de Bhaldraithe fíorghníomhach sa Ghrúpa Éireannach maidir le Míolta Móra agus Deilfeanna.

Bhásaigh an t-iriseoir agus an feimineach Nell McCafferty i mí Lúnasa, bean a chaith samhraí a hóige sa Ghaeltacht agus a dúirt leis an gcraoltóir Seosaimhín Ní Bheaglaoich go gcuirfeadh sí gach páiste sa tír go dtí an Ghaeltacht dá mbeadh sí ina Taoiseach in agallamh a rinne sí ar RTÉ Raidió na Gaeltachta sna 1980idí.
Ba í Seosaimhín Ní Bheaglaoich a scríobh an t-alt in ómós do “dhamhsóir paiteanta na hAirde Móire” ar Tuairisc nuair a bhásaigh Séamus Devaney, fear a raibh an “ceol ina anam agus ina chosa” i mí na Samhna. “Clagarnach rithimiúil ceolmhar” a bhaineadh Devaney as an adhmad agus “neamhspleáchas coirp is intinne” aige agus é ag damhsa ar an stáitse.
Gael eile a raibh an ceol go smior ann a bhí in Charlie Lennon a d’imigh ar shlí na fírinne i mí an Mheithimh. Bhí Lennon ar dhuine de mhórcheoltóirí na tíre agus d’oscail sé stiúideo taifeadta sa Spidéal, Stiúideo Cuan, i 1999. Bhí sé pósta leis an amhránaí aitheanta sean-nóis Síle Tim Ní Fhlaithearta as an Spidéal.
Fuair an sagart agus an scríbhneoir an tAthair Fionnbarra Ó Cuilleanáin bás i gCorcaigh i mí na Bealtaine. Chaith an tAthair Fionnbarra go leor ama sna ceantair Ghaeltachta, ó Chúil Aodha a chontae dúchais go Toraigh i dTír Chonaill. Bhí sé ina shagart paróiste in Árainn Mhór sula ndeachaigh sé thar lear ar na misin chun na hAfraice. Tá cuntas ar an am a chaith sé sa mhór-roinn sin ina leabhar An Bóthar Fada go Tamanrasset.
Bhí cion ag cách a leag cos i gceaintín TG4 i mBaile na hAbhann ar an gcócaire den scoth Cáit Hynes a bhásaigh i mí Feabhra tar éis tinneas fada. Bean chuideachtúil fhlaithiúil agus shuáilceach ab ea í, lán spraoi agus rógaireachta agus a chuir loinnir sa lá.
Bhí pobal Chois Fharraige faoi bhrón i mí na Samhna nuair a d’imigh an gníomhaí áitiúil Joe Sheáinín Ó Tuairisg uathu. Bhí baint mhór ag Joe Sheáinín le Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta agus le bunú Raidió na Gaeltachta i seachtóidí an chéid seo caite. Sheas sé i dtoghchán na Dála i 1973 mar iarrthóir don Ghluaiseacht agus é ag iarraidh a gcearta a chinntiú do mhuintir na Gaeltachta.
I Londain a bhí cónaí ar an gcolúnaí, eagarthóir, file, staraí, agus tráchtaire Seán Hutton a fuair bás agus é 83 i mí Aibreáin. Chaith Hutton, a rugadh i mBaile Átha Cliath agus a tógadh i gCeatharlach, go leor dá shaol i Sasana. Ba ann a bhí cónaí air nuair a d’fhoilsigh sé a chnuasach filíochta Seachrán Ruairí agus Dánta Eile, a bhuaigh Duais Sheáin Uí Ríordáin. Bhí sé ina ina Rúnaí ar Chomhairle Chumann na Scríbheann nGaedhilge ó 1992 go 2020.
Bhí aithne mhór ar fud Chonamara ar Phádraig ‘Tanty’ Mac Donncha as Loch Con Aortha in Iorras Aithneach. Iar-chigire bunscoile agus iar-phríomhoide a bhí in Tanty a bhí ina chónaí i nDoire Locháin sna Forbacha. Ba é an chéad phríomhoide ar an scoil lán-Ghaeilge Scoil Santain i dTamhlacht agus é ar dhuine de bhunaitheoirí na scoile céanna. Chaith sé tréimhsí ar bhord Ospís na Gaillimhe agus ina chathaoirleach ar Choiste Cairde Áras Mhic Dara.
Bhunaigh Tomás Mac Gearailt as Cill Chúile an comhlacht Litríocht.com i 1999, comhlacht a chuir leabhair Ghaeilge ar fáil ar fud an domhain mhóir nuair a bhí deacrachtaí ag léitheoirí Gaeilge thar lear a leithéid a aimsiú. Fuair sé bás tobann in California i mí Eanáir.
Bhí aithne mhaith ag pobal Oideas Gael i nGleann Cholm Cille ar an Iodálach Salvatore Fichera. Tháinig Fichera go hOideas Gael ina fhoghlaimeoir i 1999 ach le blianta beaga anuas bhí sé féin ina mhúinteoir ann ar cheardlanna cócaireachta. Dlíodóir ab ea Fichera agus d’oibrigh sé i mBéal Feirste mar bhreathnóir de chuid Choiste Éigeandála Pharáidí na hÉireann. Bhásaigh sé go tobann ina chathair dhúchais, an Róimh, i mí an Mheithimh.
D’éag iarcheannasaí réigiúnach RTÉ i gCorcaigh Máire Ní Mhurchú i mí Eanáir. Bhí sí 91 bliain d’aois agus chaith sí a saol leis an gcraoltóireacht ó chuaigh sí isteach in RTÉ Cork sna 1950idí agus í ina bean óg.
Ag tús na bliana a fuair an ceoltóir Séamus McGee as na Doirí Beaga i nGaeltacht Dhún na nGall bás freisin.
Bhásaigh Anna Ní Mhaonaigh, duine de mhuintir cheolmhar Mhaonaigh as Cois Cláidí i nGaoth Dobhair, i mí Lúnasa. Bhí ardmheas ar Ní Mhaonaigh mar cheoltóir agus amhránaí traidisiúnta. Bhí sí tinn le ceithre bliana anuas.
Fear mór Chomórtas Peile na Gaeltachta a bhí i Seán Ó Cróinín as Baile Bhuirne i Múscraí a fuair bás gan choinne i mí na Bealtaine. Ghlac an Corcaíoch páirt sa chéad eagrán de CPnaG in 1969 nuair a d’imir sé le Tuar Mhic Éadaigh agus bhí baint aige leis an gcomórtas ó shin i leith. Bronnadh an gradam ‘Lóchrann’ air ag CPnaG 2019 mar gheall ar an obair mhór a rinne sé leis an bpeil a chur chun cinn sa Ghaeltacht.
Bhásaigh an gníomhaí pobail Barry ‘Hantraí’ Ó Fátharta as Ros an Mhíl i mí Mheán Fómhair. Bhí Ó Fátharta sáite ar feadh a shaoil i gcúrsaí pobail agus é ina bhall den iliomad coistí ina cheantar dúchais. Chaith sé a shaol ag iarraidh feabhas a chur ar sheirbhísí agus áiseanna Ros an Mhíl, sa bhaile beag agus sa chalafort araon.
95 bliain d’aois a bhí Mícheál Ó Lionáird as Baile Bhuirne a fuair bás i mí Eanáir. Múinteoir adhmadóireachta a bhí ann a mhúin i nGairmscoil Ghobnatan agus i Scoil Mhuire i mBéal Átha an Ghaorthaidh. Ceapadh ina phríomhoide ar Ghairmscoil Ghobnatan é ina dhiaidh sin, post a bhí aige ar feadh na mblianta fada sular éirigh sé as. Cheiliúir sé féin is a bhean Maighréad seachtó bliain a bpósta cúpla seachtain sular bhásaigh sé.
An céad agus bliain le haithrí a bhí bainte amach ag Cití Eoghain Éamoinn (Cití Bean Uí Ghairbheith) as Dobhar i nGaoth Dobhair nuair a fuair sí bás i mí Dheireadh Fómhair. Bhí stór mór amhrán ag Cití, a deirfiúr Áine, agus a deartháir Hiúdaí Beag. Rinne an bailitheoir aitheanta ceoil Alan Lomax taifeadadh ar Chití agus a cuid amhrán i 1951, nuair a bhí sí a cuid fichidí.
Duine de cheannródaithe Bhóthar Seoighe i mBéal Feirste a bhí i Seán Mac Goill – an fear as ar ainmníodh Gael-Ionad Mhic Goill. Tógadh le Gaeilge é i mBéal Feirste sna 1930idí agus bhí sé ina bhall de Chumann Chluain Ard. Tar éis dó cáilíocht mar ailtire a bhaint amach, d’oibrigh sé ar phleananna Ghaeltacht Bhóthar Seoighe saor in aisce.
Mí Eanáir a d’éag Con Ó Murchú as Béal Átha an Ghaorthaidh a bhí ina phríomhoide ar Mheánscoil Mhuire Bhéal Átha an Ghaorthaidh. Bhí an-spéis ag Ó Murchú sa spórt agus mhúin sé an snámh do na scórtha daltaí scoile sa cheantar.
Ba as Rann na Feirste é Pádraig Ó Baoighill, a fuair bás i mí an Mheithimh.. D’oibrigh sé le Gael Linn ó bunaíodh an eagraíocht i 1953 agus bhí sé ina bhainisteoir réigiúnach do Chúige Uladh. Scríobhadh sé do Comhar, Gaelic Weekly, Gaelic Sport agus Hogan Stand. Is i nGaeilge a scríobhadh sé don Irish News agus bhíodh ailt aige freisin ar An tUltach. Bhí an-spéis aige i stair agus cultúr na hAlban agus scríobh sé leabhar faoin bhfile Albanach Rabbie Burns – Rabbie Burns – An Nasc le hÉirinn chomh maith le go leor leabhar eile faoina thír féin. Bhi sraith aige dar theideal Dúchas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Bronnadh an gradam ‘Conallach na Bliana’ ar an ghníomhaí míchumais Dónal K O’Boyle as Gaoth Dobhair in 1981. Tholg sé póilió agus gan é ach trí mhí d’aois agus chaith tréimhsí fada dá óige in ospidéil Bhaile Átha Cliath, na Gaillimhe agus Ghlaschú. Iriseoir ceoil a bhí ann agus bronnadh gradam air ag Hot Country Music Awards i mbliana. Bhásaigh sé i Leitir Ceanainn i mí na Bealtaine.
D’oibríodh Raymond Ó Baoill, as Maigh Eo, le Foras na Gaeilge (agus le Bord na Gaeilge roimhe sin). Ba a bhí ina stiúrthóir ar an scéim ‘Gradam’ a thug aitheantas d’iarrachtaí ghnólachtaí na hÉireann an Ghaeilge a úsáid agus a chur chun cinn. Bhíodh sé ina thimire náisiúnta le Coláiste na bhFiann sna 1980idí. Bhásaigh sé agus é 65 bliain d’aois i mí an Mheithimh.
Pádraig O'hEipicín
Ar dheis Dé go raibh a n-Anamacha uasal uilig.
Máirín
“Na Gaeil”!
Nárbh fhearr i bhfad “Gaeil a d’imigh ar shlí na fírinne “?
Nár imigh na céadta cainteoirí Gaeilge nó “Gaeil” ar shlí na i rith na bliana agus tábhacht faoi leith ag cuid acu ina bpobail fhéin ach i ngan fhios don saol mór ná na meáin.
.
Pádraig O'hEipicín
Ar dheis Dé go raibh a n-Anamacha uasal.