Na Francaigh leaindeáilte chun an ghaoth a bhaint de sheolta na hÉireann

Beidh an t-ádh ar Éirinn aon mhaith a dhéanamh in aghaidh na Fraince anocht ach dá n-éireodh leo spreagadh ollmhór a bheadh ann

Na Francaigh leaindeáilte chun an ghaoth a bhaint de sheolta na hÉireann

Evan Ferguson. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Éire v An Fhrainc – Staid Aviva, 7,45in (Beo ar RTÉ)

Is beag dóchas a bhí ag lucht tacaíochta na hÉireann nuair a rinneadh an tarraingt do Ghrúpa B do babhtaí cáilithe EURO 2024 mí Dheireadh Fómhair seo caite. Bhí an chuma ar an scéal go raibh céim siar tugtha ag foireann Stephen Kenny in 2022 agus, chun rudaí a dhéanamh níos measa, cuireadh péire de na foirne is láidre san Eoraip, an Fhrainc agus an Ísiltír, istigh linn sa ghrúpa chomh maith le foireann eile, an Ghréig, nach dtabharfaidh tada uathu éasca.

Cé go dtuigtear go maith gur ag snámh in aghaidh easa a bheidh muid agus muid ag iarraidh áit a bhaint amach ag craobh na hEorpa, tá an meon sa tír athraithe beagáinín le cúpla mí anuas. Fear óg amháin is cúis leis an ardú meanma i ndáiríre.

Ní raibh Evan Ferguson ocht mbliana déag féin nuair a rinneadh an tarraingt sin don ghrúpa ach, agus an feachtas ar tí tosú, is é an t-ógánach an t-imreoir is tábhachtaí atá ag Éirinn. Bhí a fhios ag cách go raibh cumas sa leaid óg, bhí sé ceithre bliana déag d’aois nuair a d’imir sé do Bohemians den chéad uair i gcluiche in aghaidh Chelsea, ach ábhar iontais é do mhórán cé chomh haibí is atá sé ag ocht mbliana déag.

Tá fear Bhaile an Bhiataigh imithe ó neart go neart le Brighton & Hove Albion i bPríomhroinn Shasana. Scóráil sé dhá chúl den scoth i gCorn an FA díreach roimh an mbriseadh idirnáisiúnta agus beag is fiú a rinne sé den bhrú atá air le foireann na hÉireann agus a chéad chúl dá thír scóráilte aige seacht nóiméad déag isteach sa chluiche in aghaidh na Laitvia Dé Céadaoin seo caite.

Ach oireadh le ré Stephen Kenny go dtí seo go léir, bhí idir mhaith agus olc le feiceáil ar Bhóthar Lansdún an tseachtain seo. Chuir Éire tús iontach leis an gcluiche, iad 2-0 chun tosaigh tar éis 20 nóiméad agus imreoirí óga, Ferguson agus Will Smallbone, ag dul i bhfeidhm ar chúrsaí.

Chuaigh rudaí in olcas go tapa ina dhiaidh sin agus dhá chúl bog go maith géillte ag Éirinn. Tháinig an péire acu ó iarrachtaí taobh amuigh den chearnóg mhór agus tá naoi gcúl scaoilte isteach ag Éirinn ó iarrachtaí den chineál sin le dhá bhliain anuas, i bhfad níos mó ná aon fhoireann eile san Eoraip le linn na tréimhse céanna.

Bhí Éire leamh go maith sa dara leath go dtí gur cuireadh Mikey Johnston agus Chiedozie Ogbene chun páirce agus bhí lámh ag an mbeirt acu sa chúl cinniúnach/ Bhuail iarracht Johnston an posta agus chuir Ogbene an liathróid san eangach.

Údar sásaimh iad taispeántais na beirte nuair a tháinig siad isteach – go háirithe Johnston agus é ag imirt d’Éirinn den chéad uair – ach seans gur ar an mbinse arís a bheidh an bheirt anocht in aghaidh na Fraince. D’fhéadfadh Ogbene áit a fháil taobh le Ferguson ach seans go gcloífidh Kenny le Michael Obafemi.

Tá cinneadh le déanamh ag an mbainisteoir faoi Will Smallbone, a bhí ar fheabhas cúig lá ó shin agus a thabharfadh don fhoireann an chruthaitheacht atá de dhíth uathu. Tá sé nach mór cinnte go dtosóidh Josh Cullen agus Jayson Molumby anocht, rud a fhágann áit amháin do leithéidí Jason Knight, Jeff Hendrick nó Alan Browne.

Tiocfaidh John Egan isteach in áit Andrew Omobamidele i lár na cosanta ach ní fios go fóill cé acu Matt Doherty nó Séamus Coleman a bheidh ar an gcliathán ar dheis. Tá Doherty roghnaithe ag Kenny níos minice ná a mhalairt ach is beag atá imeartha aige le roinnt míonna anuas agus bhí sé lag go maith in aghaidh na Laitvia. Dúshlán i bhfad níos mó a bheidh ann smacht a choinneáil ar Kylian Mbappé ach d’fhéadfadh luas an Fhrancaigh, a scóráil trí chúl i gcluiche ceannais Chorn an Domhain roimh an Nollaig, an-chuid deacrachtaí a chruthú do Coleman.

Cé gur bhain an Fhrainc cluiche ceannais Chorn an Domhain amach cúpla mí ó shin, ní hé nach bhfuil aon fhadhb ag Didier Deschamps.

Ar an gcéad dul síos, tá roinnt imreoirí in easnamh. D’éirigh captaen na foirne Hugo Loris, Karim Benzema agus an cosantóir Raphaël Varane as a bheith ag imirt lena dtír tar éis Chorn an Domhain agus tá beirt chosantóirí eile, Wesley Fofana ó Chelsea agus William Saliba ó Arsenal. tar éis tarraingt amach as an scuad de bharr gortuithe. Níl aon easpa cumais i measc chosantóirí na Fraince mar sin féin agus seans go dtosóidh Ibrahima Konaté ó Liverpool agus Dayot Upamecano ó Bayern Munich.

Tá roghanna den scoth ag Deschamps níos faide suas an pháirc agus beidh jab ag Éirinn Mbappé, Olivier Giroud agus Antoine Griezmann a choinneáil amach. Údar suntais é, áfach, go raibh beagáinín aighnis sa champa le gairid agus Griezmann míshásta gur roghnaíodh Mbappé ina chaptaen in áit é féin. Ní raibh aon naimhdeas le feiceáil eatharthu nuair a chruthaigh Mbappé cúl do Griezmann gan ach dhá nóiméad caite sa bhua a bhí ag an bhFrainc ar an Ísiltír Dé hAoine.

Beidh ar Éirinn an t-ádh a bheith leo anocht chun aon mhaith a dhéanamh ach dá n-éireodh leo, spreagadh ollmhór a bheadh ann don fheachtas atá romhainn.

Fág freagra ar 'Na Francaigh leaindeáilte chun an ghaoth a bhaint de sheolta na hÉireann'