Na foirne agus na himreoirí ar cheart súil a choinneáil orthu ag Corn Domhanda na mBan FIFA

Imreofar an chéad chluiche i gCorn Domhanda na mBan FIFA tráthnóna. Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar an gcomórtas sa bhFrainc…

Na foirne agus na himreoirí ar cheart súil a choinneáil orthu ag Corn Domhanda na mBan FIFA

Alex Morgan. Pictiúr: Jamie Smed

Cuirfear tús le Corn an Domhain na mBan FIFA inniu sa Fhrainc agus den chéad uair beidh gach cluiche le feiceáil beo ar an teilifís anseo in Éirinn.

Craolfar na cluichí uile idir RTÉ agus TG4. Beidh an chéad chluiche den chomórtas, idir an Fhrainc agus an Chóiré Theas, le feiceáil ar an stáisiún lán-Ghaeilge anocht.

Níor éirigh le mná na hÉireann áit a bhaint amach ag an gcomórtas mar chríochnaigh siad taobh thiar den Ísiltír agus den Iorua sna babhtaí cáilithe ach ba cheart go mbeadh comórtas suimiúil ann.

Cé a bheidh ag imirt?

Grúpa A: An Fhrainc, An Chóiré Theas, An Iorua, An Nigéir.

Grúpa B: An Ghearmáin, An tSín, An Spáinn, An Afraic Theas

Grúpa C: An Astráil, An Iodáil, An Bhrasaíl, Iamáice

Grúpa D: Sasana, Albain, An Airgintín, An tSeapáin

Grúpa E: Ceanada, Camarún, An Nua-Shéalainn, An Ísiltír

Grúpa F: Na Stáit Aontaithe, An Téalainn, An tSile, An tSualainn

Rogha na nÚdar

Na Stáit Aontaithe – Is iad na Stáit Aontaithe boic mhóra shacar na mban. Bhuaigh siad corn an domhain ceithre bliana ó shin agus is iad an fhoireann is fearr ar domhain faoi láthair de réir an rangaithe. Tá scata imreoirí mór le rá acu, leithéidí Alex Morgan, Megan Rapinoe agus Tobin Heath, agus d’éirigh leis na Stáit Aontaithe na babhtaí leathcheannais a bhaint amach i ngach uile chorn an domhain.

An Fhrainc – Meastar gurb iad an Fhrainc an fhoireann eile is mó a bhfuil seans acu. Ar ndóigh is mór an buntáiste dóibh gur sa mbaile a bheidh siad ag imirt ach tá imreoirí cumasacha acu. Imreoirí Lyon, a bhuaigh Sraith na gCuradh den cheathrú bliain as a chéile an mhí seo caite, atá ina gcnámh droma ag an bhfoireann seo. Níl ach aon chluiche amháin caillte ag an bhFrainc le dhá bhliain anuas. Níor éirigh leo dul níos faide ná na babhtaí ceathrú ceannais riamh ag corn an domhain ach b’údar iontais é mura ndéanfaidh siad amhlaidh i mbliana.

Cé eile a bhfuil seans acu?

Sasana – Tharraing ceapachán Phil Neville ina bhainisteoir ar fhoireann Shasana a lán cainte ach chun a cheart a thabhairt d’iarimreoir Manchester United, fear nach raibh aon taithí aige ar an mbainistíocht nó ar chluiche na mban, níl sé ag déanamh ródhona ar chor ar bith. Tá scuad maith ag Neville. Tá cosantóirí Shasana an-láidir agus ar ndóigh tá réaltaí ar nós Steph Houghton agus Lucy Bronze acu freisin. Beidh Neville ag súil go n-éireoidh leo na cluichí leathcheannais a bhaint amach, ar a laghad.

An Ghearmáin – Tá foireann láidir go maith ag an nGearmáin. Mí na Samhna seo caite a ceapadh Martina Voss-Tecklenburg ina bainisteoir orthu, tráth a raibh na cluichí cáilithe thart. D’fhág sin nach raibh ach ceithre chluiche dúshláin ag Voss-Tecklenburg chun aithne a chur ar na himreoirí. Níor éirigh rómhaith leis an nGearmáin ag Craobh na hEorpa in 2017 ach tá imreoirí óga tagtha chun cinn ó shin agus d’fhéadfadh siadsan spreagadh a thabhairt don fhoireann.

An Ísiltír – Seo iad seaimpíní na hEorpa faoi láthair. Chríochnaigh an Ísiltír chun tosaigh ar Éirinn sna babhtaí cáilithe agus meastar go bhfuil seans maith acu sa bhFrainc an samhradh seo. Tá tosaithe den scoth acu, leithéidí Shanice van de Sanden, Vivianne Miedema agus Lieke Martens, bean a roghnaíodh mar an t-imreoir is fearr ar domhain in 2017. Ní hiad is láidre ó thaobh na cosanta, ach ba cheart go mbeadh a gcuid cluichí taitneamhach.

An tSeapáin – Buaiteoirí chorn an domhain in 2011, bhain siad an cluiche ceannais amach ceithre bliana ó shin chomh maith. Tá neart imreoirí óga tagtha chun cinn ó shin freisin agus bhuaigh siad corn Faoi17 an domhain in 2014 agus corn Faoi 20 an domhain anuraidh. Oibríonn foireann na Seapáine go crua ach seans nach bhfuil siad chomh láidir agus a bhí roinnt blianta ó shin.

Imreoirí ar cheart súil a choinneáil orthu

Alex Morgan (Na Stáit Aontaithe) – Seans gurb í Morgan an t-imreoir is mó cáil ar domhan. Tá breis agus 100 cúl scóráilte aici ag an leibhéal idirnáisiúnta agus níor chaill a foireann cluiche ar bith inar scóráil Morgan. Agus í 30 bliain d’aois anois, ní bheidh mórán deiseanna eile ag Morgan imirt i gcorn an domhain agus beidh sí ag iarraidh an comórtas seo a bhuachan uair amháin eile.

Lucy Bronze (Sasana) – Bhí ceithre obráid curtha di ag Bronze faoin am a raibh sí 23 bliain d’aois agus fadhbanna lena glúine ag cur as di. Tá sí tagtha chuici féin ó shin agus í aitheanta anois ar dhuine de na cosantóirí is fearr ar domhan. Tá Bronze an-mhaith ar an ionsaí freisin agus beidh sí i lár an aicsin dá tír sa Fhrainc.

Dzsenifer Marozsán (An Ghearmáin) – Duine de shárimreoirí Lyon, is imreoir lár páirce den scoth í Marozsán. Rugadh í san Ungáir agus in 2007 d’imir sí sa Bundesliga agus gan í ach 14 bliain d’aois. Taobh istigh de chúpla bliain bhí sí ag imirt d’fhoireann na Gearmáine.

Sam Kerr (An Astráil) – Duine de na himreoirí is fearr ar domhan, is í Kerr an phríomhchúis go bhfuil daoine ann a cheapann go bhféadfadh an Astráil iontas a chur ar dhaoine agus corn an domhain a bhuachan. D’imir Kerr don Astráil den chéad uair deich mbliana ó shin agus gan í ach 15 bliain d’aois. Níor éirigh léi scóráil ag comórtais 2011 ná 2015 ach tá sí i mbarr a maitheasa faoi láthair agus bí cinnte go mbeidh sí ar thóir na gcúl in 2019 sa bhFrainc.

Christine Sinclair (Ceanada) – Beidh Sinclair 36 bliain d’aois Dé Céadaoin seo chugainn ach tá deis fós aici a hainm a chur sa Táin. Tá 181 cúl scóráilte aici do Cheanada go dtí seo agus má éiríonn léi ceithre cinn eile a scóráil is aici a bheidh an churiarracht don líon cúl is mó a scóráladh riamh d’aon fhoireann idirnáisiúnta, fireann nó baineann.

Fág freagra ar 'Na foirne agus na himreoirí ar cheart súil a choinneáil orthu ag Corn Domhanda na mBan FIFA'