Na droichid ar fad go dtí Severodonetsk scriosta

Deir ceannaire phóilíní náisiúnta na hÚcráine gur thángthas ar choirp 1,200 duine nach bhfuil aitheanta go fóill, cuid díobh ar thángthas orthu in olluaigheanna

Na droichid ar fad go dtí Severodonetsk scriosta

Tá na droichid ar fad go dtí Severodonetsk scriosta agus ní féidir duine, earraí ná córas iompair a thabhairt isteach ná amach as an gcathair, a deir Serhiy Haidai, Gobharnóir an réigiúin san Úcráin. 

Tá an chathair sin san oirthear faoi ionsaí seasta ag na Rúisigh le cúpla seachtain. Dúirt an tUachtarán Zelensky go raibh arm na hÚcráine fós ag troid ar son “chuile mhéadar”. 

Dúirt ceannaire phóilíní náisiúnta na hÚcráine gur thángthas ar choirp 1,200 duine nach bhfuil aitheanta go fóill, cuid díobh ar thángthas orthu in olluaigheanna. 

Dúirt údaráis na hÚcráine chomh maith gur dóigh nach mbeadh a leath féin den ghnáthbharr gráin á fhás san Úcráin i mbliana. 

Bhí 86 milliún tonna gráin ag an Úcráin anuraidh agus táthar ag caint ar bheagán os cionn a leathoiread sin i mbliana 48.5 milliún tonna. Ó tharla cosc ag an Rúis ar aon easpórtáil ar an Muir Dhubh ní féidir leis an Úcráin an gran atá sna stórais a dhíol. Tá tuairiscí eisithe ag an Úcráin go bhfuil arbhar á sheoladh go dtí an Rúis.

Tharraing sin fainic eile ó Michelle Bachelet, Ceannasaí Cearta an Duine na Náisiún Aontaithe, a dúirt go raibh an baol ann gur ganntan bia a bheadh ar na milliúin ar fud na cruinne de bharr an chogaidh san Úcráin.

Measann Clár Bia an Domhain gur in olcas a rachaidh cúrsaí soláthair bia sa domhan i mbliana. De réir a gcuid anailíse bhí 276 milliún duine ag tús na bliana seo nach raibh cinnte go mbeadh soláthar bia na bliana acu ach faoin tráth seo tá an líon daoine sin méadaithe go dtí 323 milliún. Dá bhoichte an tír is measa a bhuailfidh ganntanas bia agus an t-ardú ar a phraghas a leanann sin an pobal is lú ioncam.

Fág freagra ar 'Na droichid ar fad go dtí Severodonetsk scriosta'