Na Deora Dé arb ansa leo créafóg na Gaeltachta!

Níor loic siad orainn in am na paindéime, na nithe beo, ná loiceadh muide orthu

Na Deora Dé arb ansa leo créafóg na Gaeltachta!

Níor loic siad orainn ná ní raibh leisce orthu riamh – bíodh sé ina lá fireann nó ina lá baineann – na gadhair (madraí) a choinnigh ag siúl ar bhóithre na tíre muid le linn na paindéime.

Faoi scaladh na gréine nó faoi ghruaim na scamall, choinnigh siad cúrsa agus choinnigh siad ar an gcúrsa muid. Agus an dianghlasáil ar a dhéine, ar aithin siad an ganntanas tráchta agus an ganntanas daoine?

Nó ar aithin na hainmhithe éagsúla a fágadh go tobann gan a ngnáthchomhluadar go raibh athrú tagtha ar an saol?

I ndorchadas na hoíche, i lár dhorchadas an Aibreáin, scáth beag le sonrú ar an bhféar – ansin, faoi sholas an fhóin phóca, facthas gráinneog ag fálróid ar chúl an tí.

An rud is annamh is iontaí agus is mó a ardaíonn meanma!

I gciúnas lár an lae, sionnach óg nach raibh níos mó ná cat oráiste, ar a ghogaide sa ngarraí ag bolú an aeir. An cat dubh a shuíodh ar leac na fuinneoige ag stánadh isteach sa gcistineach, maidin nó tráthnóna. Ní ádh ná mí-ádh atá á thabhairt aige ach suaimhneas intinne.

Na sabhaircíní a bhí ag teacht os cionn talún agus rudaí ina dtús sa Mhárta, na cloigíní gorma a bhláthaigh go tobann ina n-áit faoi scáth na gcrann tar éis cheathanna báistí an Aibreáin.

Aimsir na Cásca, bláthanna an draighneáin doinn ag breacadh na bhfál, é ráite sa seanchas faoin bplanda seo go dtugann sé cosaint agus gur údar dóchais é i lár an léirscriosta.

Na gadhair agus muid féin fós ag siúl na mbóithre, an t-earrach ag iompú ina shamhradh agus greim na paindéime ag lagú, ar éigean. Éadaí an gheimhridh á gcaitheamh dínn againn, diaidh ar ndiaidh. Siúlóidí a spreag cuimhní ar shiúlóidí eile, siúlóidí a mhúscail siúlóidí samhailteacha. Siúlóidí na mbrionglóidí.

Scread uaigneach an chorr réisc agus í ag eitilt thar bráid maidin shramach, scread a spreag áthas seachas uaigneas. An chuach a chualathas agus an chuach nár chualathas, na scéalta a chualathas faoin gcuach.

Na sútha talún fiáine ag fás go fairsing i spota ar leith ar thaobh an bhóthair, spota nach raibh teacht air nuair a cuardaíodh arís é seachtainí níos deireanaí.

An sceach gheal ag cur snua an tsamhraidh ar an taobh tíre. Boladh mín an aitinn. Dordán na mbeach sa mhéarán dearg. Deora Dé arb ansa leo créafóg na Gaeltachta!

Na capaillíní maorga a fheictear sna garrantaí ach nach bhfeicfear ag seónna ar an gCaiseal, i gCloch na Rón, ar an gCeathrú Rua, sa gClochán, i mBaile an Róba, i Maigh Cuilinn, sa Spidéal ná in áit ar bith eile i mbliana. Na capaill a bheas ag rith ag Rásaí na Gaillimhe gan lucht féachana ar an láthair.

An lacha bheag bhuí plaisteach, a chuaigh i bhfarraige san Aigéan Ciúin i 1992 agus a tháinig i dtír in Inis Oírr! Na muca mara i gCuan na Gaillimhe. Grianghraif na nithe beo a roinneadh ar líne.

Na fataí a cuireadh sa Mhárta agus an phaindéim ag fáil greim scornaí ar an tír agus a ndearnadh faillí orthu. Barranannaí na bhfataí sin ag iompú buí gan choinne roinnt seachtainí ó shin, iad buailte ag an dúchan. Na fataí féin a tháinig slán ón dúchan cruinnithe i mbabhla. Léiriú, más gá é, gur cheart aire a thabhairt do na nithe beo.

Níor loic siad orainn in am na paindéime, na nithe beo, ná loiceadh muide orthu.

Fág freagra ar 'Na Deora Dé arb ansa leo créafóg na Gaeltachta!'

  • Maire Ui Dhufaigh

    An-deas a Chiaráin! Coinnigh ort ag scríobh agus ag tabhairt ardú croí chomh maith le ‘súil eile’ dhúinn.