Na deiseanna do Ghaeilgeoirí poist a fháil sa státseirbhís le plé i dTeach Laighean

Chomh maith le státseirbhísigh ó ranna éagsúla sa tseirbhís phoiblí, labhróidh daltaí ó cheithre iarbhunscoil lán-Ghaeilge ag cruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais tráthnóna

Na deiseanna do Ghaeilgeoirí poist a fháil sa státseirbhís le plé i dTeach Laighean

Déanfar plé i dTeach Laighean tráthnóna ar na deiseanna atá ann do dhaoine le Gaeilge poist a fháil sa státseirbhís.

Tá roinnt státseirbhíseach ó oifigí éagsúla sa státseirbhís le labhairt os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais ar a dtaithí mar oifigigh dhátheangacha, agus labhróidh oifigigh as an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí ar na folúntais agus na deiseanna éagsúla atá ann sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí d’fhostaithe dátheangacha faoi láthair, agus a bheidh ann dóibh sna blianta atá romhainn.

Tá sé leagtha síos sa dlí ag an Acht Teanga leasaithe gur cainteoirí Gaeilge a bheadh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030.

Déanfaidh na hoifigigh agus comhaltaí an choiste an scéal a phlé le daltaí ó iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge ó cheann ceann na tíre, a bheidh i láthair ag an gcruinniú inniu.

Beidh daltaí ón aonad Gaeilge in Ardscoil Naomh Maolmhaodhóg, Caisleán Uidhilín, Co. An Dúin; ó Choláiste Mhuire, Cabrach, Baile Átha Cliath 7; ó Choláiste na bPiarsach, Ros Muc, Co. na Gaillimhe; agus ó Ghaelcholáiste Chiarraí, Trá Lí ag freastal ar an gcruinniú i dTeach Laighean don phlé.

Sa chéad seisiún tráthnóna, labhróidh na daltaí ar na hábhair: ‘Todhchaí Éiceolaíochta na hÉireann’; ‘An féidir linn pobal Gaeilge nua-aoiseach a chruthú in Éirinn?’; agus ‘Athruithe sa mhargadh fostaíochta i ndiaidh an Choróinvíris – Cad tá de dhíth ar an gCéad Ghlúin eile?’.

Dúirt Cathaoirleach Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, go raibh sé tábhachtach tuairimí daoine óga a fháil ar ábhair a bhíonn á bplé i dTithe an Oireachtais.

“Is ócáid thábhachtach í seo ina mbeidh an Comhchoiste ag éisteacht le tuairimí daoine óga ó gach cearn den tír ar roinnt ábhar tábhachtach, agus chomh maith leis sin, is iontach deis a thabhairt do dhaoine óga labhairt faoina dtodhchaí, mar a fheictear dóibh féin í,” a dúirt an Teachta Dála de chuid Shinn Féin.

Fág freagra ar 'Na deiseanna do Ghaeilgeoirí poist a fháil sa státseirbhís le plé i dTeach Laighean'