Na Déise ag dul sa treo ceart ach ceisteanna le freagairt ag Tiobraid Árann

Beidh foireann Phort Láirge ag triall ar Dhúrlas Éile amárach agus súil acu le dhá phointe eile fad is a bheidh Tiobraid Árann ag déanamh a seacht ndícheall fanacht amach as an zón dícháilithe

Cathal Barrett (Tiobraid Árann) and Maurice Shanahan (Port Láirge) INPHO/Cathal Noonan
Cathal Barrett (Tiobraid Árann) and Maurice Shanahan (Port Láirge) INPHO/Cathal Noonan

Imreofar babhta a trí de Shraith Náisiúnta na hIománaíochta an deireadh seachtaine seo. Tá Port Láirge ar bharr a réime agus cuma na maitheasa orthu. Bhíodar i bhfad níos fearr ná Corcaigh sa chluiche deireanach agus iománaíocht d’ardchaighdeán á himirt acu. Tá fhios agam go bhfuil sé luath sa bhliain fós, ach tá ag treisiú ar a gcuid féinmhuiníne le gach aon bhua a fhaigheann siad – an bua sin i gcoinne Chill Chainnigh san áireamh.

Ó thosach na bliana 2015, tá siad tar éis an ceann is fearr a fháil sa tsraith ar gach aon cheann de na foirne móra.

Is fíor gur chaill siad cluiche ceannais na Mumhan agus cluiche leathcheannais na hÉireann, ach d’fhoghlaim siad go leor ó na cluichí sin agus seasfaidh na ceachtanna sin leo go deireadh na bliana seo. Mar aon leis sin, tá Pádraig Mahony, duine de na tosaithe is cruinne sa tír, beagnach ullamh le himirt arís.

Deir an bainisteoir, Derek McGrath, go bhfuil siad chun cloí leis an gcóras cosantach atá á chleachtadh acu agus go mbeidh an goile céanna chun oibrei gcónaí orthu.

Is maith an duine a bhfuil fís aige agus is cinnte go bhfuil fís láidir ag Derek McGrath. Is cosúil go bhfuil córas soiléir ina aigne aige agus go bhfuil na himreoirí sásta an stíl sin a chur i bhfeidhmdó. 

Chomh maith leis sin, tá dornán imreoirí óga ar an bhfoireann atá ullamh chun an chéad chéim eile a thabhairt. Ag tosach na bliana, cheapas go mbeadh bliain nó dhó eile ann sula mbeadh an ghlúin óg sin tagtha in inmhe, ach tá comharthaí ann go bhfuil leithéidí Patrick Curran agus Shane Bennett sách maith cheana féin. Tá ógánach eile, Austin Gleeson, ag léiriú go bhfuil an oiread cumais ann go bhféadfadh sé a bheith inchurtha le Ken McGrath fós, nó fiú níos fearr ná Craitheach.

Ardmholadh go deo é sin. Dar ndóigh, caithfidh sé foghlaim conas a bheith níos stuama i mbun sheachadadh na liathróide, ach mar sin féin tá sé an-soiléir gur imreoir óg ar leith é.

 Thug glúin óg Phort Láirge an lá leo i bPáirc an Chrócaigh i ngrád na mionúr in 2013. Is minic a éiríonn go maith le himreoirí ag leibhéal na mionúr, ach ar chúis amháin nó ar chúis eile, teipeann ar chuid mhaith acu aon ghaisce a dhéanamh ina dhiaidh sin. Ach ní hamhlaidh an scéal i gcás Phort Láirge. Mar aon leo siúd atá luaite thuas agam, tá Stephen Bennett agus Tom Devine (a bhí ar an bhfoireann sin a bhuaigh Craobh na hÉireann sna mionúir in 2013) istigh leo féin agus iad ag imirt anois ar fhoireann na sinsear.

Beidh foireann Phort Láirge ag triall ar Dhúrlas Éile amárach agus súil acu dhá phointe eile a thabhairt abhaile leo chun iad a choimeád ar bharr an tábla. Beidh an fhoireann baile, Tiobraid Árann, ag déanamh a seacht ndícheall fanacht amach as an zón dícháilithe. Déanach go maith sa chluiche a fuair Cill Chainnigh an ceann is fearr orthu agus thugadar taispeántas iontach uathu sa chéad chluiche i gcoinne Bhaile Átha Cliath.

Tabharfaidh na Déise dúshlán dóibh go cinnte agus iad os cionn a mbuille faoi láthair. Tá cúpla imreoir ag na Tiobradaigh nach mbíonn ag obair dian go leor. Tá scil iontach iontu ar fad, ach tá ceisteanna á gcur le cúpla bliain anois faoin bhfonn oibre a bhíonn orthu. Feicfimid amárach conas a bheidh acu faoi stiúir a mbainisteora nua i gcoinne Chill Chainnigh, foireann a mbíonn gearradh agus déine mar bhunriachtanas ina gcuid imeartha i gcónaí.

Is iad na ceisteanna móra atá le réiteach ag an mbainisteoir Michael Ryan ná cé hiad na himreoirí a bheidh ag caitheamh geansaithe uimhir a trí, a sé, a hocht agus a naoi i lár an tsamhraidh. Beidh fios níos fearr aige tráthnóna Dé Domhnaigh.

Fág freagra ar 'Na Déise ag dul sa treo ceart ach ceisteanna le freagairt ag Tiobraid Árann'