Ná déanaimis dearmad ar an leabharlann – croí an phobail

Tá go leor caint agus caoineadh faoi imeacht na n-oifigí poist agus na dtithe tábhairne ach tá áit eile in go leor bailte a dhéanann freastal anois ar chúraimí sóisialta agus cultúrtha an phobail – an leabharlann phoiblí

Ná déanaimis dearmad ar an leabharlann – croí an phobail

Chuaigh cara liom isteach sa leabharlann áitiúil le gairid. Tamall roimhe sin bhí an leabhar The Undoing Project le Michael Lewis tógtha amach aici. Leabhar faoi bheirt síceolaí, a bhfuil cáil idirnáisiúnta bainte amach acu, atá ann.

‘How are you getting on with the two lads?’ a dúirt an leabharlannaí léi. ‘Smart boys aren’t they?’

Tá go leor caint agus caoineadh faoi imeacht na n-oifigí poist agus na dtithe tábhairne ach tá áit eile in go leor bailte a dhéanann freastal anois ar chúraimí sóisialta agus cultúrtha an phobail – an leabharlann phoiblí.

Chuirfeadh sé iontas ar dhuine ar bith nár thug cuairt ar cheann acu le tamall, an t-athrú ó bhonn atá tagtha orthu. I mbliana d’fhreastail mé féin ar dhá ghearrchúrsa Spáinnise a bhí dírithe ar thosaitheoirí. Saor in aisce, gach rud íoctha ag an leabharlann.

Bhíomar ag déanamh beagán gleo ag deireadh ceann de na ranganna agus ghlacamar leithscéal leis an mbean ag an gcuntar. ‘Ó ná bac leis sin,’ a dúirt sí. ‘Is maith linn a thabhairt le fios go bhfuil go leor rudaí éagsúla ar siúl anseo.’

Cúrsaí teanga, cúrsaí ríomhaireachta, léachtaí poiblí, seisiúin i gcomhair leanaí (tuilleadh gleo), clubanna scannáin, clubanna leabhar – liosta le háireamh an líon gníomhaíochtaí éagsúla a bhíonn ar bun sna leabharlanna poiblí.

Ní trí thimpiste a tharla sé seo uile ar ndóigh. Leagadh amach pleananna agus straitéis agus rinneadh infheistíocht sa tseirbhís ar fud na tíre. Is é an toradh atá air sin ná go bhfuil stoc i bhfad níos mó leabhar iontu agus ardú as cuimse tagtha ar líon na gcuairteanna ar an leabharlann.

Cuimhním féin ar an uair (blianta ó shin) gur iarr Comhairleoir Contae as mo bhaile féin go ndúnfaí ar fad iad, le hairgead poiblí a shábháil. Bhí sé ag dó na geirbe ann go n-úsáidfí aon chuid d’ioncam na Comhairle Contae ar mhaithe ar litríocht a raibh sé féin go mór in amhras faoi.

Thosaigh mé ag cuimhneamh ar an leabharlann mar chroí an phobail nuair a chuala mé an t-údar iomráiteach Sally Rooney ar an teilifís le gairid. Bhí an duais do ‘Leabhar na Bliana’ sa mBreatain á bronnadh uirthi as ucht a leabhair Normal People. Ghlac sí buíochas ar leith le leabharlanna agus leis na daoine a oibríonn iontu.

Chuaigh sé i bhfeidhm orm go gcuimhneodh sí orthu sin ach go háirithe ag an nóiméad sin. Níl a fhios cén méid duais atá bronnta uirthi faoin am seo ach is cinnte go bhfuil cáil idirnáisiúnta anois ar an mbean óg seo as Caisleán an Bharraigh.

Labhair mé leis an Leabharlannaí Contae cúnta  ar an mbaile sin, Darina Molloy. Bhí an-áthas orthu gur chuimhnigh Sally orthu sa bpíosa cainte a rinne sí. D’inis sí dom go mbíodh an t-údar ag freastal ar ghrúpa scríbhneoirí sa leabharlann ón uair a bhí sí an-óg. Agus ba ansin freisin a rinne sí a taithí oibre nuair a bhí sí san idirbhliain.

Ach ansin mheabhraigh sí dom go bhfuil líon ard scríbhneoirí cáiliúla tagtha as Maigh Eo le blianta beaga anuas – Mike McCormack a scríobh Solar Bones agus a ghnóthaigh an Duais Dublin Literary Award 2018; Eimear McBride, údar A Girl is a Half-formed Thing a ghnóthaigh duais Goldsmith agus daoine eile ar nós Colin Barrett (Guardian First Book Award) agus Elizabeth Reapy, (Rooney Prize for Irish Literature).

Tá leabharlanna poiblí ann ó lár an 19ú aois. Tugadh Acht isteach a thug cead do chomhairlí contae rátaí a ghearradh chun leabharlanna áitiúla a bhunú. Agus sa lá atá inniu ann, tá leabharlanna ar fáil ar fud na tíre – agus na seirbhísí ar fad saor in aisce.

Tharla casadh eile sa scéal i dtús an chéid seo caite. Ba é an milliúnaí Andrew Carnegie (Albanach ó dhúchas) a thug airgead le haghaidh 80 leabharlann in Éirinn i dtús an chéid seo caite. Thug sé 170,000 punt – suim ollmhór ag an am.

Tógadh 66 foirgneamh agus deirtear go bhfuil 62 acu fós ann. Tá roinnt mhaith acu i mBaile Átha Cliath agus ins na bailte thart orm féin tá foirgintí ársa fós in úsáid mar leabharlanna – an ceann is gaire dom, mo leabharlann áitiúil féin ar an gCarraig Dhubh.

Athchóiríodh é taobh amuigh agus taobh istigh agus tá sé fíorálainn anois. Thug Andrew Carnegie 3,000 punt lena thógáil sa mbliain 1905.

 

Seirbhís náisiúnta í an tseirbhís seo anois. Is féidir leat dul isteach in aon leabharlann ar fud na tíre agus do chárta a úsáid chun leabhar a ordú – agus gheobhaidh tú ríomhphost ag rá go bhfuil an leabhar tagtha. Tháinig leabhar chugam le gairid ó Chontae Liatroma. Is é seo an chéad seirbhís dá shórt a tugadh isteach aon áit ar domhan.

Fuair cara liom leabhar le gairid a tháinig ó leabharlann sa mBreatain- ghabh an leabharlannaí leithscéal léi faoi go mbeadh air tréimhse coicíse a thabhairt di agus bheadh uirthi é a thabhairt ar ais ansin.

Dúirt Darina as Leabharlann Chaisleán an Bharraigh liom go bhfuil club leabhar acu chomh maith le grúpa scríbhneoirí óga– ba ann a tugadh faoi deara an chéad uair an tallann iontach atá ag Sally Rooney.

Agus an chéad chéim eile i saol an údair? Bhuel, ar ais chuig an leabharlann ‘ar ndóigh! Fógraíodh i mí Aibreáin gur bronnadh áit in Ionad Cullman, Leabharlann Phoiblí Nua Eabhrac uirthi. Scata ón saol acadúil agus saol scríbhneoirí atá sa 19 duine a roghnaíodh ó iontrálacha ar fud an domhain. Leanfaidh a tréimhse ann ó Mheán Fómhair go dtí mí na Bealtaine 2020.

Bronnfar oifig dá cuid féin uirthi sa bhfoirgneamh maorga idir 42nd St agus 5th Ave. Nach deas an leanúnachas é sin ó lár Chaisleán an Bharraigh? Agus má bhíonn géarchéim foirne ann, beidh sí in ann tarraingt ar a taithí oibre i leabharlann Chaisleán an Bharraigh agus lámh chúnta a thabhairt dóibh.

Fág freagra ar 'Ná déanaimis dearmad ar an leabharlann – croí an phobail'

  • Seán Mac Gearailt

    Áis iontach atá sa leabharlann phoiblí. Daoine múinte, béasacha, cabhracha atá ag obair i ngach leabharlann ina rabhas riamh. Sé an rud is mó atá ag déanamh buartha domsa fúthu ná go gcloisfidh na polaiteoirí fúthu. Má chloiseann, cuirfidh duine dá gcairde i gceannas orthu ar thuarastal an-árd agus loitfidh siadsan an seirbhis in achar gearr ama.

  • Honor Mhic Giolla Chlaoin

    Aontaím go huile is go hiomlán le gach a bhfuil scríofa ag Mairéad. Áis iontach ach rúnda an leabharlann!

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Chuirfeadh sé iontas ar dhuine ar bith nár thug cuairt ar cheann acu le tamall, an t-athrú ó bhonn atá tagtha orthu.

    An bhfuil aitheantas ar bith a thabhairt don Ghaeilg sna leabharlanna ar fud na tíre? An bhfuil tús áite ag an Ghaeilg ar chomharthaíocht mar shampla? Ar fhógraíocht, ar chomhaid, ar ríomhairí, ar shuímh idirlín? Má ordaíonn tú leabhar an bhfuil leagan Gaeilg ar an fhoirm ordúcháin taobh-le-taobh leis an leagan Béarla? An bhfuil Gaeilg ag baill foirne? An bhfuil Gaeilg ar chárdaí ballraíochta? Agus an mbíonn imeachtaí agus ócáidí i nGaeilg sna leabharlanna ar fud na tíre? Cá mhéad imeachtaí agus ócáidí Gaeilge?

    Ar cheart go mbeadh na leabharlanna siúd atá suite sa Ghaeltacht ag feidhmiú i nGaeilg amháin? Caidé mar a ndéanfaí teagmháil leis na leabharlanna agus na heagraisí stáit eile taobh amuigh den Ghaeltacht mar sin? Nach mbeadh dualgas orthu siúd taobh amuigh den Ghaeltacht teagmháil a dhéanamh i nGaeilg le heagraíochtaí a bhíonn bunaithe agus ag feidhmiú sa Ghaeltacht? An bhfuil pleanáil teanga agus plean teanga ag na leabharlanna ar fud na tíre?

    Bhí agus tá go leor oifigí poist sa Ghaeltacht ag feidhmiú i mBéarla. Níl struchtúr ná plean ar bith ag an stáit i dtaca leis an Ghaeltacht de ná i dtaca le seirbhísí poiblí – agus príobháideach! – sa Ghaeltacht/don Ghaeltacht.

    Cinnte tá an leabharlann tábhachtach – ach cá bhfuil an t-aitheantas d’ár dteangaidh dúchais – chéad teangaidh na tíre seo?