Na dáilcheantair – Canney fós chun cinn i nGaillimh Thoir

Sa tsraith speisialta seo, caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar na dáilcheantair ar fad agus tugann a thuairim faoi cé hiad na hiarrthóirí a mbeidh an lá leo

Na dáilcheantair – Canney fós chun cinn i nGaillimh Thoir

Dáilcheantar: Gaillimh Thoir

Líon na suíochán: 3

Cuóta mar % den vóta: 25%

Leagan amach an dáilcheantair: Tá na bailte Baile Átha an Rí, Gort, Baile Locha Riach, Port Omna agus Tuam sa dáilcheantar seo, ach níl Béal Átha na Slauaighe ná An Dún Mór, atá i nGaillimh-Ros Comáin.

Teachtaí Dála ag seasamh: Seán Canney (NS), Ciárán Cannon (FG), Anne Rabbite (FF).

Staid na bpáirtithe in Olltoghchán 2016 agus toghcháin áitiúla 2019

Páirtí Olltoghchán (2011) % Toghchán Áitiúla (2019) %
Fianna Fáil 27 33
Fine Gael 30 36
Lucht Oibre 10 0
Sinn Féin 6 3

Anailís: As an triúr Teachtaí Dála a toghadh in 2016 i nGaillimh Thoir tá beirt acu, Seán Canney (Nspl) agus Ciarán Cannon (FG), i mbaol a suíochán a chailleadh. Ba cheart go mbeadh Anne Rabbitte (FF), réasúnta cinnte go gcoinneoidh sí a suíochán. Is oibrí maith í sa dáilcheantar agus is minic a hainm i mbéal an phobail mar urlabhraí a páirtí.  Ní dhearna sé dochar ar bith di go raibh sí in ann tús a chur lena feachtas sula raibh an Comhairleoir Donagh Killilea (FF) roghnaithe ar an dticéad ag ardoifig Fhianna Fáil. Mac Donagh Killilea le Mark Killilea, a bhí ina MEP, agus ina Theachta Dála roimhe sin ar feadh na mblianta.

Tá an Comhairleoir Peter Roche (FG) ag seasamh i mbliana chomh maith.  Níor roghnaíodh é in 2016 cé go bhfuair sé a thrí oiread vótaí ag an gcoinbhinsiún is a fuair Ciarán Cannon (FG). Is as Mainistir Chnoc Meá don Chomhairleoir Roche (FG). Sna toghchán áitiúla, toghadh Roche sa gcéad chomhaireamh agus é ar bharr an liosta le 2,430 vóta, beagnach 900 vóta chun cinn ar an Donagh Killilea (FF), a bhí ag seasamh i gceantar Thuama chomh maith.

Agus gan ag Fianna Fáil ach 30% de na vótaí sna toghcháin áitiúla is beag seans go n-éireoidh leo dhá shuíochán, cé go bhféadfadh sé tarlú dá roinnfí na vótaí go cothrom idir na hairrthóirí. Is cinnte go mbainfidh Donagh Killilea (FF) roinnt mhaith vótaí ó Sheán Canney (NS) ach le seans a bheith aige ar shuíochán theastódh go mbeadh sé chun cinn ar Canney, an Teachta Dála neamhspleách a bhí ar bharr an chomhairimh in 2016 le 8,447 vóta.

Beidh suíochán amháin ag Fine Gael, ach is deacair a rá cé aige a mbeidh an suíochán sin. D’fhéadfadh an tAire Stáit Ciarán Cannon (FG) a bheith i mbaol agus tacaíocht láidir ó Fhine Gael go háitiúil ag an gComhairleoir Peter Roche, fiú mura bhfuil an tacaíocht chéanna aige ón bpáirtí go náisiúnta.

Thóg Sinn Féin a gcuid ama Louis O’Hara (SF) a chur san iomaíocht.  Fuair O’Hara 507 vóta sna toghcháin áitiúla agus beidh sé ag déanamh go maith 2,000 vóta a fháil agus gan mórán aithne air. Tá Eoin Madden san iomaíocht do Chomhaontas Glas. Ní bhfuair Madden (CG) ach 321 vóta sna toghcháin áitiúla nuair a sheas sé mar iarrthóir neamhspleách. Beidh sé ag déanamh go maith má fhaigheann sé 1,000 vóta.

Sa rása chomh maith tá Marian Spellman atá ag seasamh do Pháirtí an  Lucht Oibre. Ní bhfuair sí ach 206 vóta sna toghcháin áitiúla. Tá Martin Ward, duine den lucht siúil as Tuam a bhí tráth ina mhéara ar an mbaile, ag seasamh d’Aontú. Fuair sé 467 vóta sna toghcháin áitiúla. Tá iarrthóir chomh maith ag na Daonlathaigh Shóisialta, Peter Reid (SD).

Tuar: Canney (NS), Roche (FG), Rabbitte (FF)

Fág freagra ar 'Na dáilcheantair – Canney fós chun cinn i nGaillimh Thoir'