Ná cuirtear na rialacha nua peile i bpóna an pheaca nó go dtástáiltear iad

An rud is min do dhuine is nimh do dhuine eile, ach tá rud éigin bunúsach faoi chluiche na caide nach bhfuil ar fónamh

Ná cuirtear na rialacha nua peile i bpóna an pheaca nó go dtástáiltear iad

Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Is dócha nár cheart go gcuirfeadh sé aon iontas mór orainn go bhfuil oiread allagair agus áitimh ag eascairt as na moltaí chun leasuithe ar chluiche na caide atá déanta an tseachtain seo ag Coiste Seasta CLG ar Rialacha na hImeartha.

Tá oiread goil agus gíoscán fiacal déanta mar gheall ar an tslí atá an chaid féin á himirt le blianta beaga anuas gur beag iontas dúinne go léir gur cás linn a bhfuil i ndán don gcluiche nuair a bhíonn teas leis an ndíospóireacht a eascraíonn as moltaí dá leithéid.

Don té nach bhfuil go hiomlán i dtiúin leis na leasuithe atá molta, tá, go hachomair, leasuithe á moladh i gcúig cinn de réimsí éagsúla in iarracht feabhas a chur ar chaighdeán na caide. Is iad na réimsí atá i gceist ná an pas láimhe, an cic sleasa, an marc, póna an pheaca agus an cic amach féin – ceann de mhór-réimsí an chluiche atá á chíoradh le blianta beaga anuas.

Gan dul ródhomhain sa chúram, táthar ag moladh ná raghfaí thar trí cinn de phasanna láimhe as a chéile sara lascálfaí an chaid. Táthar ag moladh go raghadh gach cic sleasa chun cinn cé is moite de chic laistigh den líne trí mhéadar déag. Tá moladh ann go mbronnfaí marc ar an té a ghreamódh an chaid i ngiorracht 20 méadar den mbáide. Tá moltaí ann chomh maith maidir le póna an pheaca, a caitheadh i dtraipisí tamall siar ach a fhágfadh rian láithreach ar riaradh na gcártaí dubha agus na gcártaí buí. Ach is é an moladh is suntasaí ar fad, b’fhéidir, go ndéanfaí iarracht eile dul i ngleic leis an gcic amach ón mbáideoir, d’fhonn is ná beadh an dithneas céanna air is a bhíonn fé láthair agus d’fhonn is go mbeadh ealaín le feiscint an athuair sa chic agus sa ghreamú san aer.

Ní beag san mar mhian.

Tá dóthain scríte agus ráite i bpóirsí eile le laethanta beaga anuas fés na leasuithe atá á moladh agus níl sé i gceist agamsa idirdhealú a dhéanamh anseo idir ceart is mícheart, idir praiticiúil agus míphraiticiúil agus idir stuama agus liobarnach.

Beidh tréimhse chomhairliúcháin anois ann as seo go deireadh na míosa ina gcuirfear an uile leasú atá á moladh fé bhráid na mbainisteoirí is na n-imreoirí eadarchontae agus, níos tábhachtaí ná san, b’fhéidir, beifear á gcur fé bhráid na réiteoirí chomh maith. Cé nach gcuirfidh na moltaí isteach beag ná mór ar imreoirí club ag an bpointe seo, táid siúd, leis, le bheith san áireamh sa scagadh agus sa phlé atá le déanamh ar na moltaí.

Dála cuid mhaith des na leasuithe a bhí á moladh le blianta anuas, déanfar na rialacha nua a thástáil ar dtús i gcluichí tríú leibhéal ar bheagán iomaíochta.

Tabharfaidh seo deis do lucht riartha na gcluichí a mbreith a thabhairt ar conas atá ag éirí leis na leasuithe, ar na múnlaí imeartha atá á bhforbairt fés na rialacha nua agus ar conas a théann imreoirí agus réiteoirí i ngleic leis an scéal.

Más fíor gur in ithe na putóige atá a tástáil, seans gur fearr an tástáil a dhéanamh ina measc siúd a bhíonn, atá agus a bheidh ag ithe na putóige féin – sin iad na himreoirí agus na réiteoirí.

Tabharfaidh an lucht féachana a mbreith féin i bhfad aimsire, mar a dheinid go nádúrtha, trí fhreastal ar chluichí nó trína gcúl a thabhairt leo. Bí siúráilte, leis, go mbeidh cead aighnis ag iriseoirí, ag colúnaithe agus ag cabairí na craoibhe ar na meáin shóisialta. Ach i ndeireadh na dála, is iad na himreoirí agus na réiteoirí atá i gcroí na ceirde agus is iad siúd thar aon dream eile is tábhachtaí sa díospóireacht anois. Éistear leo.

Dála scata athruithe eile a deineadh roimhe seo, beidh buíon ghlórach ann nach dteastóidh aon athrú d’aon tsaghas in aon chor uathu. Beidh daoine ann a déarfaidh linn go bhfuil an chaid mar atá sí á himirt gan cháim agus gur cheart an status quo a chosaint ar ais nó ar éigean. An rud is min do dhuine is nimh do dhuine eile agus sin é an taobh go bhfuil sé den dtábhacht go raghadh daoine i ngleic leis an bpróiseas comhairliúcháin.

Tá na moltaí seo curtha le chéile ag coiste an-chumasach fé stiúir an Ollaimh David Hassan agus is ann dóibh toisc go n-aithnítear go forleathan go bhfuil rud éigin bunúsach faoi chluiche na caide nach bhfuil ar fónamh.

Seo deis eile teacht ar leigheas i dtosach na haicíde.

Níor cheart dúinn ná níor chóir dúinn an deis sin a scaoileadh tharainn.   

Fág freagra ar 'Ná cuirtear na rialacha nua peile i bpóna an pheaca nó go dtástáiltear iad'