Na cúil is fearr ó Shraith na gCuradh na bliana seo

Agus Real Madrid agus Atlético Madrid ag tabhairt aghaidh ar a chéile anocht i gcluiche ceannais Shraith na gCuradh, breathnaíonn Tuairisc.ie siar ar na cúil is fearr a scóráladh sa chomórtas go nuige seo

Alessandro Florenzi v Barcelona

Mar a fheicfidh muid, is iomaí cúl breá a bhí ann sa dá chluiche idir Barcelona agus Roma i nGrúpa E ach seans gurbh é an ceann seo ó Alessandro Florenzi an ceann is fearr acu. Fuair Florenzi seilbh na liathróide ar an gcliathán agus d’éalaigh sé ó chosantóir Barcelona sular thug sé iarracht ar an gcúl. Agus é breis agus 50 slat amach, ní haon iontas nach raibh cúl báire Barcelona, Marc-André ter Stegen, ag súil go dtabharfadh sé faoin gcúl.

Lionel Messi v Roma

Comhscór, 1-1, a bhí sa chéad chluiche idir Barcelona agus Roma ach thug foireann Luis Enrique greadadh do na hIodálaigh sa dara cluiche. 6-1 an scór a bhí ann sa deireadh agus rinne Messi, Neymar agus Suarez scrios. Bhí baint acu triúr leis an dara cúl. D’imir siad an liathróid eatarthu féin agus d’ardaigh Suarez an liathróid thar chosantóirí Roma sular chuir Messi clabhsúr ar an ngluaiseacht.

Luis Suarez v Roma

Rinne Suarez a dhícheall iarracht sin Messi a shárú. Seoladh liathróid isteach i dtreo chúl Roma agus cé go ndearna na cosantóirí lagiarracht í a chur ó dhoras, thit an liathróid ag cosa Suarez agus le corr dá chois rinne sé an beart.

Luis Suarez v Arsenal

Sa chéad bhabhta díbeartha in aghaidh Arsenal, d’aimsigh Suarez cúl an-chosúil leis an gceann a fuair sé i gcoinne Roma. Chuir Dani Alves liathróid trasna ón gcliathán agus léim Suarez in airde, agus stiúir sé an liathróid, le droim na coise an uair seo, thar David Ospina.

Saúl Ñíguez v Bayern

Cháiligh Atlético Madrid don chluiche ceannais anocht le cabhair cheann de na cúil is fearr sa chomórtas, sin é cúl Saúl Ñíguez in aghaidh Bayern Munich sa chéad chluiche den bhabhta leathcheannais. Fuair Ñíguez seilbh na liathróide i lár na páirce agus, cé go raibh brú air, thug sé na cosa leis, é ag éalú ó cheathrar cosantóirí de chuid Bayern sular sheol sé an liathróid isteach i gcoirnéal na heangaí.