Na cúigí réidh chun catha agus fadhbanna móra le leigheas ag cuid acu

Tá na cúigí ag tabhairt aghaidh ar a chéile amárach agus deacrachtaí níos mó ag cuid acu ná a chéile

Na cúigí réidh chun catha agus fadhbanna móra le leigheas ag cuid acu

Níl ach dhá chluiche den Pro 14 fágtha le himirt ag na cúigí chun rudaí a chur ina gceart roimh thús na gcomórtas Eorpach. Go deimhin féin tá amhras ar go leor maidir le cumas Chúige Mumhan agus Chúige Uladh na deacrachtaí a tháinig chun solais i mBabhta 4 a shárú sula mbeidh orthu tabhairt faoi leithéidí Exeter agus Leicester.

Is i gcoinne a chéile a bheas na cúigí seo ag imirt i mBabhta 5 den Pro 14,. Is cinnte go mbíonn an-suim go deo sna cluichí idirchúige seo, cluichí atá á n-imirt ó 1946 i leith. Bíonn neart údar gleo agus mórtais ag pé foireann a bhíonn ar bharr an tábla den chuid áitiúil seo den Pro 14. Mar atá cúrsaí faoi láthair, is deacair Cúige Laighean a chur as an áireamh don ghradam áirithe sin. Go deimhin, tá na geallghlacadóirí chomh cinnte sin den toradh gur beag bídeach an praghas atá le fáil ag an té a chuirfeadh airgead ar Chúige Laighean.

Amárach Dé Sathairn a bheas an dá chluiche idirchúige seo á n-imirt. Sa gcéad chluiche, cuirfidh na Connachtaigh fáilte chuig an mBóthar Beag roimh Chúige Laighean, curaidh an Pro14 agus curaidh na hEorpa freisin. Beidh fir na Gaillimhe ag súil go mbeidh siadsan in ann leanacht leis an tsárimirt a chonaic muid uathu agus iad ag imirt sa mbaile i gcoinne na Scarlets seachtain ó shin. Beidh siad freisin ag súil le cuid den imirt draíochta a d’fhág go raibh bua 47–7 acu ar Chúige Laighean an babhta deiridh ar chas an dá fhoireann seo ar a chéile ag deireadh chomórtas Pro 14 an tséasúir seo caite.

Ach bhí Cúige Laighean tharr barr freisin nuair a thug siad ceacht rugbaí do Dhún Éideann san RDS an Satharn seo caite. Tá fáil ag Leo Cullen ar a chéad rogha imreoirí ar fad nach mór, agus iad uilig in iomaíocht lena chéile ar thóir áit ar an bhfoireann is fearr sa limistéar seo faoi láthair. Sea, is dona liom é a rá, ach is deacair bua a thuar d’fhir an iarthair sa gcluiche seo.

I Luimneach a bheas an dara cluiche idirchúige, na Muimhnigh sa mbaile i gcoinne na nUltach. Cothrom a chríochnaigh na foirne seo nuair a chas siad ar a chéile agus iad ag imirt i Luimneach ag deireadh chomórtas Pro 14 an tséasúir seo caite. Ach ní ró-iontach atá ceachtar den dá fhoireann ag imirt faoi láthair. Theip go dona ar na Muimhnigh i gcúpla cluiche a d’imir siad ó thús an tséasúir seo, an deireadh seachtaine seo caite san áireamh nuair a chlis orthu i gcoinne Caerdydd. Seans gur mheasa an cás ag na hUltaigh a bhí ar comhscór leis na Cheetahs san Afraic Theas.

Is cinnte go mbeidh an dá fhoireann ar a míle dícheall agus iad ag iarraidh maithiúnas a fháil óna lucht leanta. Fágann sin go bhféadfadh sárchoimhlint a bheith ann, mar a bhíodh go minic cheana sa gcomórtas seo, agus b’fhéidir an bua ag fir an bhaile.

Fág freagra ar 'Na cúigí réidh chun catha agus fadhbanna móra le leigheas ag cuid acu'