Na Cúigí ag iarraidh a ngreim ar an Pro 14 a choinneáil

Tá Cúige Laighean agus Cúige Mumhan ag barr a ngrúpaí ach tá ceithre chluiche fós le himirt ag na cúigí

Na Cúigí ag iarraidh a ngreim ar an Pro 14 a choinneáil

Idir bhabhta iomlán den Pro 14 agus Bhabhta 3 de chomórtas na Sé Náisiún ní bheidh aon easpa rugbaí orainn an deireadh seachtaine seo.

Sa bPro 14 is cinnte go mbeidh na ceithre chúige ar a míle dícheall fanacht san áit chéanna ina bhfuil siad faoi láthair ar tháblaí an dá ghrúpa. Má éiríonn leo greim a choinneáil ar an áit atá acu idir seo agus deireadh na réamhbhabhtaí a imreofar roimh dheireadh mhí an Mhárta beidh siad ar fad i gcomórtas na gcuradh an séasúr seo chugainn. Is cinnte gur spreagadh iontach é sin dóibh ar fad, cé go mbeidh cluiche ceannais le himirt freisin ag pé foirne a bheas ar bharr Ghrúpaí A agus B – Cúige Laighean agus Cúige Mumhan faoi mar a sheasann cúrsaí faoi láthair.

Ach roimhe sin, tá ceithre chluiche fós le himirt ag na cúigí.

Anocht beidh Cúige Chonnacht agus Cúige Mumhan ag cur chun páirce thar lear.

I dtuaisceart na hIodáile a bheas Cúige Chonnacht i gcoinne Treviso, foireann atá fós ar thóir a gcéad bhua i gcomórtas na bliana seo. Cúis mhór náire a bheadh ann d’fhoireann na Gaillimhe dá ligfidís do na hIodálaigh a gcéad bhua a aimsiú.  Cuimhnigh freisin go bhfuil torthaí níos fearr ag na Connachtaigh agus iad ag imirt as baile i mbliana ná mar atá acu sa mbaile, in ainneoin gur bhuaigh siad ar an mBóthar Beag an Satharn seo caite. Tá mise ag tuar bua eile d’fhoireann Andy Friend, sin má bhíonn siad cúramach!

Anocht freisin a bheas na Muimhnigh ag cosaint a n-áit ar bharr Ghrúpa B agus iad ag imirt i gcoinne Caerdydd sa gcathair sin. Tá mé cinnte go mbeidh staidéar déanta ag foireann bainistíochta na Mumhan ar chur chuige Caerdydd i gcoinne Chonnacht seachtain ó shin i gcluiche ina raibh a ndóthain le déanamh ag fir in iarthair. Mar sin féin, má imríonn na Muimhnigh mar a rinne siad i gcoinne Dhún Éideann is deacair gan bua a thuar dóibh, go háirithe nuair nach bhfuil mórán seachas bród i gceist don fhoireann baile. Sea, ní dócha go scaoilfear an greim atá ag Mumha ar bharr thábla Ghrúpa B, agus go mbeidh suim mhór i bhfilleadh Joey Carbery.

Sa mbaile a bheas na hUltaigh, foireann atá ag drannadh leis na Laighnigh atá ar bharr Ghrúpa A. Níl ach cúig phointe idir na foirne seo. Is i gcoinne na nOspreys, foireann atá sa tríú háit sa ngrúpa céanna a bheas Cúige Uladh, atá naoi bpointe dhéag chun cinn ar an bhfoireann ón mBreatain Bheag.

Mar sin féin tá trí chluiche as a chéile buaite ag na hOspreys agus beidh siad lán dóchais agus muiníne. Caithfidh foireann an bhaile a bheith san airdeall.

An Domhnach seo beidh Cúige Laighean san RDS i gcoinne Ghlaschú, foireann atá tríocha a naoi pointe taobh thiar de na curaidh. Gan ach trí bhua ag Glaschú go dtí seo ní féidir teacht ar aon duine a thabharfadh seans na ngrást dóibh. Tá mise freisin ag teacht leis an tuairim sin.

Fág freagra ar 'Na Cúigí ag iarraidh a ngreim ar an Pro 14 a choinneáil'