Na Cúigí ag fáil faoi réir do scrúdú na hEorpa

Ar bhabhtaí ceathrú ceannais na hEorpa atá aird lucht rugbaí na tíre seo an deireadh seachtaine seo

Na Cúigí ag fáil faoi réir do scrúdú na hEorpa

Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Bhí idir mhaith is olc againn sa bPro 14 an deireadh seachtaine seo caite, ach ar bhabhtaí ceathrú ceannais na hEorpa atá aird lucht rugbaí na tíre seo go huile is go hiomlán faoin tráth seo.

Is iad na Connachtaigh, foireann atá ag imirt sa gcomórtas sóisearach, Corn an Dúshláin, is túisce atá ag cur chun páirce an deireadh seachtaine seo. As baile i Sasana ag imirt i staid AJ Bell a bheas siadsan tráthnóna agus iad ag tabhairt faoi fhoireann Sale. Seo é an tríú huair ag na foirne seo a bheith ag imirt i gcoinne a chéile i gcomórtas na bliana seo. Bhí an lá le foireann an bhaile ar an dá ócáid eile, ní iontas dá bhrí sin gurb iad foireann an bhaile, Sale, rogha na coitiantachta don chluiche seo.

Mar sin féin bhí bua suntasach ag fir na Gaillimhe ar Treviso an deireadh seachtaine seo caite. Theip ar Sale agus iad i gcoinne Newcastle, foireann atá ar íochtar an Premiership i bhfad taobh thiar de Sale, foireann atá sa séú háit. Má éiríonn le foireann Andy Friend an imirt agus an spiorad a chonaic muid uathu sa dara leath ar an mBóthar Beag an Aoine seo caite a tharraingt chucu féin arís ní bheidh siad gan seans más seans an-bheag féin é.

Amárach Dé Sathairn a bheas na trí chúige eile ag imirt i gCorn na gCuradh. Beidh Cúige Mumhan i nDún Éideann i gcoinne fhoireann na cathrach sin. Ní bheidh tada éasca ag na Muimhnigh sa gcoimhlint seo. Go deimhin níl na geallghlacadóirí féin in ann iad a scaradh.

Is cinnte gur spreagadh iontach do Dhún Éideann an greadadh a thug siad do Chúige Laighean an Aoine seo caite sa bPro 14. Ní bheidh aon fhaitíos orthu roimh an Arm Dearg, foireann nach bhfuil a gcuid féin déanta acu den chomórtas seo go fóill.

Beidh an dá chúige eile, Cúige Laighean agus Cúige Uladh, ag tabhairt faoina chéile sa tríú cluiche, rud a fhágann nach mbeidh spás sna babhtaí leathcheannais d’fhoireann amháin ar a laghad as an tír seo. Sílim gurb iad na hUltaigh a chlisfidh agus ní hamháin toisc iad a bheith ag imirt as baile sa gcluiche seo ach tá mé den tuairim freisin go mbíonn caighdeán imeartha Chúige Laighean i bhfad níos airde. Ní dóigh go gcuirfidh cailliúint an deireadh seachtaine caite as do na curaidh. Foireann lag d’imreoirí dara nó tríú rogha a chuir Leo Cullen go Dún Éideann.

Cuirfidh sé a chéad rogha go dtí Staid Aviva an Satharn seo agus beidh toradh dá réir le fáil acu.

Fág freagra ar 'Na Cúigí ag fáil faoi réir do scrúdú na hEorpa'