Na cosa tugtha leis ag an Rialtas, ach tuilleadh brú ag teacht

Tá ceisteanna á n-ardú agus rúin á n-ullmhú arís ag lucht an fhreasúra an tseachtain seo le tuilleadh brú a chur ar an gcomhrialtas

Na cosa tugtha leis ag an Rialtas, ach tuilleadh brú ag teacht

Seachtain chorraitheach eile atá romhainn sa Dáil.

Sa deireadh, d’éirigh an tseachtain seo caite leis an rialtas sa vóta cinniúnach faoin gcosc ar dhíshealbhú.

Tiocfaidh deireadh leis an gcosc ag deireadh na míosa seo, an plean a bhí ag an Rialtas ó thús.

Ach an fánach an bua a bhí ag an rialtas?

Cén praghas a bhí air?

Tá Neasa Hourigan, Teachta Dála ón gComhaontas Glas agus cathaoirleach éifeachtach ar an gCoiste um Fhormhaoirsiú Buiséid, curtha ar fionraí ón bpáirtí ar feadh 15 mí agus í briste as a ról ar an gcoiste.

Agus í ag imeacht ó Thithe an Oireachtais aréir, ba léir go raibh sí trína chéile.

D’eisigh an Comhaontas Glas ráiteas ag rá go raibh aiféala orthu faoin phionós a ghearradh ar Hourigan, ach go gcaithfidh an páirtí bheith ar aon fhocal, go háirithe faoi na ceisteanna deacra. Leag Pippa Hackett, Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, béim ar láidreacht an chomhrialtais agus í ag trácht ar chás Neasa Hourigan ar na meáin. Dar ndóigh, toisc gur Seanadóir í Hackett, ní raibh uirthi vóta a chaitheamh sa Dáil oíche Céadaoin

Is léir anois go bhfuil an rialtas ag brath ar thacaíocht ó ghrúpa Teachtaí Dála neamhspleácha ar vótaí conspóideacha. Vótáil cúigear ón ngrúpa réigiúnach leis an rialtas ar an rún seo – Seán Canney, Denis Naughten, Cathal Berry, Michael Lowry agus Matt Shanahan. Deimhníodh tacaíocht na dTeachtaí Dála san idirbheartaíocht roimh an vóta – ghlac an tAire Tithíochta Darragh O’Brien le hocht moladh a bhí ag an ngrúpa: athruithe suntasacha a chur i bhfeidhm ar scéimeanna Croí Cónaithe agus Fair Deal; faoiseamh cánach a chur ar fáil do thiarnaí talún beaga.

Tá sé ráite cheana féin ag an Aire Stáit le freagracht faoi leith as daoine aosta Mary Butler go bhfuil imní uirthi go mbainfear aimhleas as daoine aosta faoi na hathruithe nua, agus d’admhaigh sí nár cuireadh ar an eolas í faoi seo go dtí go raibh an margadh beagnach déanta. An bhfuil ceisteanna faoi chur chuige agus dáiríreacht an chomhrialtais ardaithe ag gníomh mar seo?

Ó thaobh na polaitíochta de, bhuaigh an rialtas an vóta, ach an mbeidh aiféala orthu nuair a fhoilseofar na figiúirí do dhaoine gan dídean amach anseo? Gheall Teachta Dála amháin go gcuirfeadh sí páiste gan dídean ag suí ar ghlúin an Cheann Comhairle dá dtiocfadh deireadh leis an gcosc seo gan lóistín éigeandála a bheith ar fáil. Meastar go mbeidh ardú ar líon na ndaoine gan dídean le tabhairt faoi deara i bhfigiúirí na míosa seo chugainn, ach deir an rialtas gur soláthar tithíochta – más mall is mithid – a réiteoidh an fhadhb seo.

Cuireadh i leith an rialtais go raibh an tríocha píosa d’airgead geal tógtha acu chun teacht slán ón gcath seo. Ach an bhfuil deireadh leis an mbrú polaitiúil?

Rithfear vóta mímhuiníne sa rialtas an tseachtain seo chugainn; tá gach cosúlacht ar an scéal go mbeidh siad ag brath ar Theachtaí Dála neamhspleácha agus vótaí an ghrúpa réigiúnaigh len iad a chosaint.

An mbeidh ar an rialtas géilleadh arís?

Idir an dá linn, tá Neasa Hourigan anois ina suí lena hiar-chomhghleacaithe rialtais Joe McHugh agus Marc MacSharry, beirt eile a chuaigh ag snámh in aghaidh an easa, ar bhinsí an fhreasúra.

Tá imní á léiriú ag eagraíochtaí tithíochta go bhfágfar daoine ar an bhfaraor géar ón tseachtain seo chugainn ar aghaidh agus deireadh curtha leis an gcosc ar díshealbhú.

Tá ceisteanna á n-ardú agus rúin á n-ullmhú ag lucht an fhreasúra don tseachtain seo chugainn leis an brú céanna a chur ar an gcomhrialtas. Thug siad na cosa leo, ach an mbeidh an t-ádh céanna orthu amach anseo?

Tá nath cainte aitheanta sa gcearrbhachas: “the House always wins”. Is fíor é chomh maith i dTithe an Oireachtais.

Fág freagra ar 'Na cosa tugtha leis ag an Rialtas, ach tuilleadh brú ag teacht'