Na cluichí club faoi lán seoil agus cúrsaí ag éirí an-suimiúil

Is iontach an rud go bhfuil na himreoirí club ag traenáil agus ag imirt gan aon chur isteach ón mbainisteoir idirchontae

Na cluichí club faoi lán seoil agus cúrsaí ag éirí an-suimiúil

Tá na cluichí club faoi lán seoil i gcónaí agus na comórtais á rith fud fad na tíre.

Is iontach an rud go bhfuil na himreoirí club ag traenáil agus ag imirt leis an gclub gan aon chur isteach ón mbainisteoir idirchontae. Dar ndóigh tá cuid de na comórtais sinsear tagtha chuig ceann scríbe agus seaimpíní na gcontaetha sin ag feitheamh leis an gcomórtas cúige a bheidh ag tosú níos déanaí san fhómhar.

Bhí an bua i Loch Garman den chéad uair riamh ag Naomh Aodán, Fearna. Éacht bua mar sin d’aon club ach is dócha go bhfuil sé níos milse fós nuair a bhíonn an cluiche idir dhá ceann na meá go dtí an poc deireanach agus gan ach an bhearna is lú ar fad idir na foirne nuair a shéidtear an fheadóg deiridh. Mura leor sin, tháinig cúilín an bhua ó phoc taobhlíne a scóráil an gaiscíoch 36  bliain d’aois, Johnny Dwyer. Is dócha go mbeidh sé ina laoch sa pharóiste go dtí Lá an Bhreithiúnais.

I gCiarraí tá cúrsaí críochnaithe freisin agus an Tóchar ar ais mar sheaimpíní don naoú huair agus den chéad uair ó 2019 i ndiaidh cluiche ceannais i gcoinne a gcomharsan, an Baile Dubh.

Ní raibh mórán eatarthu i gCiarraí ach ní mar a chéile a bhí i gcluiche ceannais Mhuineacháin. Bhí Baile na Lorgan deich gcúilín chun tosaigh ar Charraig Mhachaire Rois sa deireadh agus a séú craobh as a chéile buaite acu. Ba é 19ú acu ó thús na mílaoise. Sin agat monaplacht.

Tá monaplacht den chineál céanna ag seaimpíní na tíre Baile Gunnair a bhfuil seans acu ar an naoú craobh as a chéile i bPort Láirge.

Dar ndóigh níl na cluichí leathcheannais imeartha fós i bPort Láirge ach de réir na gcomharthaí go léir go dtí seo beidh na seaimpíní ag ceiliúradh arís. Amárach beidh deis acu áit a fháil sa chluiche ceannais  agus iad i gcoinne an Ruáin Mhóir. Sa chluiche leathcheannais eile beidh Cnoc Síon ag déanamh a seacht ndícheall áit a fháil sa chluiche ceannais chun tabhairt faoina sean-namhaid ach caithfidh siad foireann eile as an gcathair, De La Salle, a chur de dhroim seoil roimhe sin. Bheadh cluiche ceannais idir Baile Gunnair agus Cnoc Síon an-suimiúil, déarfainn.

Anseo i gCorcaigh bhí deireadh seachtaine na cinniúna againn seachtain ó shin agus na cluichí deireanacha grúpa ar siúl sna gráid go léir. Agus bhí an t-uafás ag brath ar thorthaí na gcluichí sin, rud a chuir go mór leis an tsiamsaíocht. I gcomórtas na sinsear, chaill seaimpíní na bliana 2021 Mainistir na Corann a gcluiche deireanach rud a d’fhág go bhfuil an séasúr críochnaithe dóibh. Tá seaimpíní 2020, An Charraig Dhubh fós san iomaíocht, más ar éigean é. Tá seaimpíní 2017, 2018 agus 2019, an fhoireann dúiche, Uí Mhic Coille fós san iomaíocht freisin. Is iad atá mar rogha na coitiantachta faoi láthair, Cumann Rogha Éireann atá sa dara háit agus mo chlub féin, Cumann Barra Naofa, a bhfuil foireann thar a bheith óg acu, an tríú rogha. Táim ag súil leis an gcéad bhabhta eile.

Fág freagra ar 'Na cluichí club faoi lán seoil agus cúrsaí ag éirí an-suimiúil'